Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Hackett cathaoirleacht ar shéú cruinniú an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta

Tús le cur le hathbhreithniú rialála seachtrach ar cheadúnú foraoiseachta

Rinne an tAire Stáit Foraoiseachta, an Seanadóir Pippa Hackett, cathaoirleacht inniu ar shéú cruinniú a Grúpa Beartais Foraoiseachta. Cuireadh nuashonruithe mionsonraithe ar fáil don chruinniú ó na ceithre Ghrúpa Oibre atá mar chuid de Thionscadal na Coillearnaí, anuas ar nuashonrú ó Roinn an Aire ar réamh-mheastacháin reatha cheadúnaithe foraoiseachta. Bhain an príomhnuashonrú le deimhniú ó Roinn an Aire gur roghnaigh siad an rogha tairgeora chun tabhairt faoin athbhreithniú rialála seachtrach ar cheadúnú foraoiseachta agus go gcuirfear tús láithreach le hobair air seo.

Dúirt an tAire,

‘Is deas liom a fhógairt go mbronnfar conradh don athbhreithniú rialála sna laethanta amach romhainn. Tá tús mionsonraithe á chur freisin leis an gcomhairliúchán níos fairsinge le páirtithe leasmhara maidir leis an bhfís a fhaide le 2050 ar fhoraoiseacht na hÉireann agus tá súil agam go nglacfaidh na grúpaí agus na páirtithe leasmhara go léir páirt ann seo. Ar an iomlán, ábhar mór spreagtha dom an dul chun cinn a rinne na Grúpaí Oibre agus tiomantas agus dúthracht baill an GO. Foilsíodh an chéad Tuarascáil Eatramhach de chuid Bhord Tionscadail Thionscadal na Coillearnaí, a chuir Bord an Tionscadail faoi mo bhráid, in Iúil. Leagtar amach sa tuarascáil dul chun cinn ar obair faoinar thug na Grúpaí Oibre agus cuireann sé léargas ginearálta ar fáil dom ar chinntí a rinne Bord an Tionscadail go dtí seo. Chomhaontaigh Bord an Tionscadail le dhá mholadh Grúpa Oibre a chur chun cinn láithreach: athbhreithniú rialála seachtrach agus tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an Straitéis Foraoiseachta nua agus tá iad seo á gcur chun cinn againn cheana féin.’

Maidir le ceadúnú, dheimhnigh Roinn an Aire go ndeachaigh an t-aschur i méid go mór agus tá an cur isteach a chruthaigh IR 293 sa samhradh imithe. Dúirt an tAire:

“D’fhill an líon ceadúnas a eisíodh le dhá sheachtain anuas ar na leibhéil a mbíonn súil leo agus baineadh na leibhéil ab airde amach i mbliana sa dá sheachtain sin. Tá seo le leanúint ar aghaidh a fhaide le deireadh na bliana. Dheimhníomar freisin inniu go bhfuilimid ag díriú as an nua ar aschur ceadúnaithe foraoisithe fad a dhruideann an séasúr cuir linn. Cuid thar a bheith tábhachtach dár mbeartais aeráide iad crainn a chur agus tá orainn é seo a chur chun cinn anois”.

Bhunaigh an tAire Tionscadal na Coillearnaí i bhFeabhra i mbliana agus é mar chuspóir éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais cheadúnaithe foraoiseachta a athbhreithniú agus a fheabhsú chomh maith le fís chomhroinnte náisiúnta a chruthú don fhoraoiseacht agus chun Straitéis Foraoiseachta nua a fhorbairt do thodhchaí na foraoise in Éirinn. Baineann Tionscadal na Coillearnaí agus obair an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta go díreach le spriocanna na Roinne a leagtar amach i Ráiteas Straitéise Phlean Gníomhaíochta 2021 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara – Tuarascáil MacKinnon a chur i bhfeidhm agus Tionscadal na Coillearnaí a sholáthar chun dul i ngleic le saincheisteanna san fhoraoiseacht in Éirinn agus cur crann a thabhairt chun cinn agus Straitéis Foraoiseachta nua d’Éirinn a chur chun cinn.

Agus cruinniú an lae inniu á chur i gcrích, dúirt an tAire,

“Is mian liom buíochas a ghabháil le gach páirtí leasmhar agus gach rannpháirtí i dTionscadal na Coillearnaí agus sa Ghrúpa Beartais Foraoiseachta dá gcuid ama agus dá dtiomantas. Deis uathúil í an Straitéis Foraoiseachta nua do gach duine dínn a dheimhniú cén chuma a bheidh ar fhoraois na hÉireann faoi cheann 100 bliain agus tá bís an domhain orainn toradh bhur gcomhiarrachtaí a thabhairt faoi deara thart ar an tráth céanna an bhliain seo chugainn. Tá sochair á mbaint freisin ag an tús áite a thugtar láithreach bonn do dheacrachtaí ceadúnaithe a réiteach agus tá aschur méadaithe á bhaint amach dá bharr. Tá páirt lárnach ag trédhearcacht agus cumarsáid oscailte go gcuirfear Tionscadal na Coillearnaí i bhfeidhm go rathúil agus aithním obair dhian agus dúthracht na mball uile. Beimid ag casadh ar a chéile arís an mhí seo chugainn chun leanúint lenár n-obair”.

Nóta d’Eagarthóirí:

Déanann Bord Tionscadail maoirseacht ar dhul chun cinn Thionscadal na Coillearnaí, ar a ndéanann Ard-Rúnaí na Roinne, Brendan Gleeson, cathaoirleacht. Chas Bord an Tionscadail lena chéile 10 n-uaire ó seoladh an Tionscadal agus tá treoir agus saineolas seachtrach á gcur ar fáil aige lena chinntiú go mbeidh an rath air. Thug Cathaoirleach Bhord an Tionscadail an t-eolas is déanaí faoi dhul chun cinn ar an Tionscadal a chur i bhfeidhm go dtí seo do chruinniú an lae inniu.

Seo a leanas ballraíocht an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta:

Eagraíocht Ainmní
FII Mark McAuley
FII Brian Murphy
FII Peter O'Brien
FII Marina Conway
FAÉ Vincent Harrison
Coillte Mark Carlin
AIFC Dermot Houlihan
ACA Tom Canning
Teagasc Nuala Ní Fhlatharta

I|TGA |Donal Whelan

Pro Silva Paddy Purser
An SPNF Jenni Roche
An GCC Bernard Hyde
None So Hardy Teige Ryan
Colún Comhshaoil Andrew St Ledger
An Taisce Elaine McGoff
SWAN Mark Boyden
Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann Pádraic Fogarty
Cairde Éanlaith Éireann Oonagh Duggan
Coillearnach na hÉireann Joe Gowran
Nasc Tuaithe na hÉireann Séamus Boland
COFORD Eugene Hendrick
FCI Michael Moroney
FOCS/LTWO Kathryn O'Donoghue

I|FO |Nicholas Sweetman

Comhairle Foirgneamh Glas na hÉireann Pat Barry

Is féidir teacht ar na cáipéisí go léir don Ghrúpa Beartais Foraoiseachta ag ag gov.ie - Grúpa Beartais Foraoiseachta faoi chathaoirleacht an Aire Stáit Hackett (www.gov.ie)

Is féidir teacht ar an gcéad tuarascáil eatramhach ar chur i bhfeidhm Thionscadal na Coillearnaí ag gov.ie - Fógraíonn Hackett an chéad tuarascáil eatramhach ar Thionscadal na Coillearnaí a chur i bhfeidhm (www.gov.ie)

Is féidir teacht ar Ráiteas Straitéise na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat