Déanann an tAire Hackett comhghairdeas le gach duine a bhfuil baint acu le críoch rathúil an Tionscadail EIP um Chórais Táirgthe Orgánacha a Uasmhéadú (MOPS)
- Foilsithe: 17 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett an tuarascáil deiridh don tionscadal EIP um Chórais Táirgthe Orgánacha a Uasmhéadú (MOPS).
Agus an tuarascáil á foilsiú, ina léirítear conas a mhéadaigh aon táirgeoir déag (11) glasraí agus torthaí orgánacha deimhnithe, tríd an tionscadal, soláthar táirgí gairneoireachta orgánacha a fhástar in Éirinn trí oibriú le chéile thar thréimhse an tionscadail ceithre bliana, dúirt an tAire :
“Caithfidh gurb é an bealach chun tosaigh don earnáil Orgánach oibriú le chéile agus tá lúcháir orm a fheiceáil cé chomh maith agus a chomhoibrigh na saothróirí seo thar thréimhse an tionscadail EIP MOPS seo. D'éirigh go hiontach leis, le saothróirí, taighdeoirí, agranamaithe agus ionadaithe tionscail ag obair le chéile chun léargas ollmhór a thabhairt ar an mbealach chun tosaigh do tháirgeoirí orgánacha. Is earnáil í seo a bhfuilim an-uaillmhianach di agus a bhfuil sé ar intinn agam í a sholáthar, mar sin tá rún agam tógáil ar na léargais sin agus teacht ar mheicníochtaí chun tacú le saothróirí orgánacha a thuilleadh”.
Tugann an tuarascáil breac-chuntas ar phríomhthorthaí an tionscadail, i dtéarmaí táirgeadh gairneoireachta orgánaí, taighde margaidh, trialacha allamuigh aoiligh ghlais, scaipeadh agus comhroinnt eolais, lena n-áirítear:
• Ó 2015 tá méadú 20% tagtha ar dhíolacháin glasraí orgánacha bliain i ndiaidh bliana;
• Tháinig méadú 112% ar dhíolacháin ó €3.8 go €8.2m idir 2017 agus 2020 d’fhásóirí 11 Tionscadal EIP MOPS;
• Tháinig méadú 40% ar limistéar iomlán na mbarr do ghlasraí orgánacha i measc na saothróirí MOPS le linn trí bliana Thionscadal EIP MOPS;
• D'oibrigh na saothróirí MOPS le chéile agus mhéadaigh siad díolacháin i measc an ghrúpa 62% chun an soláthar do mhiondíoltóirí a mhéadú;
• Teastaíonn ó mhiondíoltóirí na hÉireann tacú leis an tionscal gairneoireachta orgánach agus is iad oinniúin, prátaí agus cairéid na barra orgánacha Éireannacha is mó a dhíoltar in il-mhiondíoltóirí na hÉireann;
• Fuair triail ar aoileach glasa ar cheann de na feirmeacha tionscadail gur féidir aoileach glas gearrthéarmach a ionchorprú go héasca agus go brabúsach i dtáirgeadh glasraí orgánacha na hÉireann;
• Cuireadh tuarascáil Saothróirí agus físeáin theicniúla ar an bhfeirm le chéile ionas gur féidir le saothróirí eile teicnící fáis a mhacasamhlú.
Ar deireadh dúirt an tAire:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na 11 táirgeoir orgánacha, baill uile an Ghrúpa Oibriúcháin agus baill Fhoireann an Tionscadail as páirt a ghlacadh sa tionscadal. Taispeánann an Tionscadal MOPS conas is féidir le saothróirí oiriúnú d’éileamh an mhargaidh agus soláthar glasraí agus torthaí orgánacha na hÉireann a mhéadú. Is eolas ríthábhachtach í seo i bhfianaise ár n-uaillmhian don earnáil. Tá an maoiniú dó ag fás gach bliain ó chuaigh mé i mbun oifige agus le méadú faoi chúig daingnithe sa chéad CBT eile. Sílim gur féidir le gach saothróir a bheith muiníneach go dtacófar leo chun an méid sin a mhacasamhlú, de réir mar a mhéadóimid ár limistéar faoi tháirgeadh orgánach in Éirinn, ar aon dul le Clár an Rialtais."