English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Heydon an Beart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha a athsheoladh

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon, inniu go n-athosclófar an Beart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha.

Cuirfidh an Beart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha 2024 ranníocaíocht airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí rannpháirteacha a chlúdaíonn 60% de chostas incháilithe clúdach seaftaí d’Fhearais Astógála Cumhachta (PTO).

Agus an beart á sheoladh aige le linn Sheachtain Sábháilteachta ar Fheirmeacha 2024, dúirt an tAire Heydon:

"Tá an Beart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha á athoscailt agam chun cabhrú le feirmeoirí agus gach duine a bhfuil baint acu le trealamh cumhachtaithe PTO a oibriú a chosaint ó ghortuithe tromchúiseacha agus marfacha. Tacóidh an beart seo le feirmeoirí clúdaigh nua seaftaí PTO a cheannach. Ní mór aghaidh a thabhairt ar chleachtais neamhshábháilte agus tríd an mbeart seo tá mé ag ardú feasachta ar na rioscaí a bhaineann le hinnealra cumhachtaithe ag PTO a oibriú a bhfuil clúdaigh lochtacha nó cumhdaigh seaftaí PTO ar iarraidh orthu”.

Le deich mbliana anuas (2014 – 2023), b’iad feithiclí feirme agus innealra ba shiocair le os cionn leath de na básanna a tharla ar fheirmeacha. Tá básanna agus gortuithe a chuir cor i saol daoine tarlaithe ar fheirmeacha na hÉireann mar gheall ar dhaoine dul i bhfostú i seaftaí PTO.

Cuireann an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 oibleagáid dhlíthiúil ar fheirmeoirí a chinntiú go bhfuil gléasra agus innealra sábháilte acu agus gan riosca don tsláinte.

Chuir an tAire leis sin:

“Ceanglaítear ar fheirmeoirí measúnú riosca ar an gCód Cleachtais um Shábháilteacht ar Fheirmeacha a choinneáil. Mar chuid den tSeachtain Sábháilteachta ar Fheirmeacha, táim ag impí ar fheirmeoirí athbhreithniú a dhéanamh ar a measúnú riosca sábháilteachta feirme agus aon ghuaiseacha ar an bhfeirm a aithint, lena n-áirítear clúdaigh seaftaí PTO lochtacha nó damáistithe. Tá guaiseacha ar leith ag baint leis an bhfeirmeoireacht, ach trí ghuaiseacha a aithint agus céimeanna a chur i bhfeidhm chun iad a mhaolú, is féidir linn na rioscaí ar fheirmeacha a laghdú.”

Maoineofar an Beart Sábháilteachta ar Fheirmeacha ón Státchiste Náisiúnta. Beidh an Beart oscailte ón 24 Iúil 2024 go dtí an 1 Samhain 2024 ar www.agfood.ie

Is ionann an uasmhéid cabhrach faoin mbeart agus ceithre chlúdach seafta PTO. Socrófar an cúnamh deontais ag ráta 60% faoi réir uaschostas incháilithe de €100 in aghaidh an chlúdaigh seafta PTO. Tá feirmeoirí a rinne iarratas ar chúnamh deontais faoin mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha 2023 incháilithe don bheart seo freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha 2024 téigh chuig Item was unpublished or removed

DEIREADH

Íomhá 1: Ó Chlé go Deis: Darren Atkins, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, Martin Heydon TD, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, an tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Teagasc

Íomhá 2: Ó Chlé go Deis: Darren Atkins, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, Martin Heydon TD, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, an tOllamh Frank O Mara, Stiúrthóir Teagasc

Íomhá 3: Martin Heydon T.D, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme