English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanfaidh an tAire Hackett cur i láthair ag Idirphlé Ardleibhéil Beartais maidir le hAgrafhoraoiseacht ag an 26ú seisiún de Choiste um Fhoraoiseacht de chuid Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe

Déanfaidh an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht Pippa Hackett cur i láthair ag idirphlé ardleibhéil beartais maidir le hAgrafhoraoiseacht, Dé Máirt an 23 Iúil.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, leag an tAire Hackett béim ar luach na hAgrafhoraoiseachta in Éirinn agus ar fud an domhain araon:

“Tá sé d'acmhainn ag an agrafhoraoiseacht cabhrú le breis is billiún heicteár de thalamh talmhaíochta díghrádaithe a athbhunú ar fud an domhain”.

“In Éirinn, táimid meáite ar chlúdach foraoise a fheiceáil ag fás agus táimid meáite ar a chinntiú go bhfuil Agrafhoraoiseacht lárnach mar chuid den fhás sin. Is ceangal tábhachtach é an agrafhoraoiseacht idir an fhoraoiseacht agus an talmhaíocht. Cuireann ár gclár foraoiseachta roinnt deiseanna féideartha ar fáil chun Agrafhoraoiseacht a fhorbairt”.

“Mar chuid dár n-uaillmhian astaíochtaí a laghdú faoi 51% faoi 2030 agus sa deireadh neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050, is mian linn méadú suntasach ar phlandáil crann a spreagadh, agus go háirithe ar fheirmeacha, ós rud é gur talamh feirme príobháideach é dhá thrian dár dtalamh”.

“Tá buiséad € 1.3 bhilliún curtha i leataobh ag Éirinn don Chlár Foraoiseachta nua, agus is teachtaireacht láidir tacaíochta é an tiomantas maoinithe is mó riamh sin ón Rialtas náisiúnta do gach cineál plandála crann. Tugann sé cinnteacht d'fheirmeoirí freisin sna blianta amach romhainn”.

“Táimid ag tacú le feirmeoirí córais foraoistréadacha a bhunú a thugann foraoiseacht agus féarach le chéile, lena n-áirítear talamh féaraigh agus fás farae, chomh maith le scéimeanna píolótacha le haghaidh córais gharraíodóireachta foraoistréadacha agus foraoise araon. Tá agrafhoraoiseacht incháilithe anois le haghaidh íocaíochtaí faoinár Scéim Feirmeoireachta Orgánaí freisin”,

“Táim ag tnúth le cruinniú tairbheach spreagúil”.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tá cóip de Leabhrán Foraoiseachta Feirme na Roinne ar fáil ag an nasc seo https://forestryservices.ie/Farm-Forestry-Booklet.pdf