English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dúblaíonn banfhiontraithe a n-ioncam le scéim forbartha gnó ACORNS

  • Rath ACORNS léirithe ag fás os cionn 100% ar láimhdeachas ag an ngrúpa rannpháirtithe is déanaí
  • Glao ar oscailt anois dóibh siúd ag a bhfuil gnóthaí nua – nó smaointe dea-fhorbartha - páirt a ghlacadh sa chlár a bhfuil tacaíocht an Rialtais aige
  • 50 banfhiontraí nua in áiteanna tuaithe le roghnú le haghaidh ACORNS 8
  • Os cionn €3m i gcomhláimhdeachas an chláir ACORNS is déanaí
  • Méadú 19% ar líon foirne i gcuideachtaí ACORNS

Dhúbail an grúpa de bhanfhiontraithe luathchéime, a ghlac páirt sa chlár ACORNS is déanaí, a gcomhláimhdeachas go dtí €3.1m taobh istigh de shé mhí. Rinneadh an fógra agus an glao á sheoladh inniu (Dé Luain, an 8 Lúnasa) le haghaidh iarratas ar ACORNS 8, an clár forbartha gnó nuálach do bhanfhiontraithe i gceantair thuaithe, atá san ochtú bliain anois.

Mhéadaigh comhláimhdeachas do na 48 gcuideachta a chríochnaigh ACORNS 7 thar an timthriall ó €1.5m i mí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí €3.1m faoi Aibreán 2022. Mhéadaigh na gnólachtaí lena mbaineann a bhfórsa saothair comhcheangailte freisin thar an timthriall ó 94 go 116 (19%), méadú 22 post nua i gceantair thuaithe in Éirinn. Tá na torthaí níos suntasaí fós i bhfianaise an chur isteach arbh í srianta sláinte poiblí COVID-19 ba chúis leis le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana agus is léiriú iad ar dhúbailt an ioncaim do ghnólachtaí a bhfuil baint acu le ACORNS 6.

I measc na bhfiontraithe luathchéime a ghlac páirt sa chlár is déanaí tá Feena McBride, The Arty Fox agus Niamh Dooley, BiaSol. Tugann siad, cosúil lena gcomh-rannpháirtithe, ardmholadh don tionscnamh agus a dtaithí air.

Inniu, sheol Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an glao ar iarratais don timthriall is déanaí de ACORNS. Tá an tionscnamh á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) tríd an gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe. Meán oíche Dé hAoine, an 23 Meán Fómhair 2022 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Ó na hiarratais, roghnófar suas le 50 banfhiontraí nua luathchéime atá ina gcónaí i gceantair thuaithe don chlár sé mhí a bheidh ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2022 go hAibreán 2023. Faigheann ACORNS i bhfad níos mó ná 240 iarratas comhlánaithe gach bliain don chaoga áit atá ar fáil, mar sin roghnófar iad siúd a dhéanann iarratas ar bhonn iomaíoch.

Níl aon táille i gceist dóibh siúd a ghlacann páirt in ACORNS, a bhuíochas le tacaíocht leanúnach ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus le rannchuidiú deonach na bPríomhfhiontraithe.

Tá an scéim oscailte do mhná atá lonnaithe faoin tuath in Éirinn agus a bhfuil a ngnó nua i bhfad chun cinn nó atá ag iarraidh fiontar atá bunaithe le déanaí a fhorbairt. Is é aidhm an chláir an t-eolas, an tacaíocht agus na deiseanna líonraithe a chur ar fáil dóibh chun a gcuid spriocanna reatha a chomhlíonadh agus a shárú.

Foghlaimíonn na rannpháirtithe ó thaithí a chéile trí chomhchainteanna míosúla arna n-éascú ag Príomhfhiontraithe ar mná iad ar fad a bhfuil taithí phearsanta acu ar ghnó rathúil a reáchtáil faoin tuath in Éirinn.

Tugann gach duine de na Príomhfhiontraithe a gcuid ama don chlár ar bhonn deonach, mar a chreideann siad san fhealsúnacht 'fiontraithe atá ag cabhrú le fiontraithe'.

Is iad seo a leanas Príomhfhiontraithe deonacha na bliana seo: Anne Reilly, Paycheck Plus; Caroline Reidy, The HR Suite; Deirdre McGlone, Comhairleoir Fáilteachais agus Turasóireachta; Eimer Hannon, Hannon Travel; Larissa Feeney, Cuntasóir Ar Líne; Mary B Walsh, Ire Wel Pallets; Triona MacGiolla Rí, Aró Digital Strategies.

Is í seo an t-ochtú bliain de ACORNS agus tá os cionn 200 fiontraí mná a bhfuil an timthriall críochnaithe go rathúil acu fós páirteach sa Phobal ACORNS - ag glacadh páirte in ACORNS Plus, chomh maith le freastal ar cheardlanna bunaithe ar thopaicí agus ar dheiseanna líonraithe; cuirtear gach ceann acu ar fáil saor in aisce.

Dúirt Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara:

“Tá áthas orm agus ar mo Roinn tacú le ACORNS ar tionscnamh rathúil forásach é. Anois san ochtú bliain, agus ag dul ó neart go neart, tá ACORNS fós ag tacú le banfhiontraithe atá ina gcónaí faoin tuath in Éirinn. Maoinítear an clár nuálach seo tríd an gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe.

“Tá breis agus 350 banfhiontraí tar éis páirt a ghlacadh in ACORNS go dtí seo agus tá sciar suntasach díobh sin fós rannpháirteach go gníomhach. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag na rannpháirtithe sna blianta roimhe seo, agus thuairiscigh go leor díobh díolacháin, onnmhairí agus cruthú post méadaithe. Is deis iontach é seo agus is tacaíocht iontach é do bhanfhiontraithe atá lonnaithe faoin tuath, go háirithe sa timpeallacht reatha. Molaim dóibh siúd a thosaigh gnó nua nó atá ar tí gnó nua a thosú iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh an-spreagúil seo.”

Deir Larissa Feeney, bunaitheoir agus POF Accountant Online agus ceann de na Príomhfhiontraithe ACORNS i mbliana:

“Bíonn sé uaigneach in amanna gnó nua a thosú. Tá sé chomh tábhachtach a thuiscint nach bhfuil tú i d'aonar sna dúshláin atá os do chomhair mar fhiontraí luathchéime agus nach tú an t-aon duine a bhfuil do chuid fadhbanna aici. Cuidíonn comhchainteanna ACORNS go mór chun muinín agus spreagadh a thabhairt agus léargais a roinnt. Cé go bhfuil na gnóthaí go léir difriúil, is minic a bhíonn na saincheisteanna a bhíonn acu an-chosúil le chéile."

Tá áthas ar rannpháirtithe ACORNS 7, Feena McBride, The Arty Fox agus Niamh Dooley, BiaSol, é a mholadh do dhaoine eile. Dúirt Feena McBride ó The Arty Fox:

“Ón nóiméad a thosaíonn tú ar an gclár ACORNS cuirtear fáilte romhat isteach sa Phobal tacúil seo. Bíonn seisiúin ghrúpa lán le smaointe, spreagadh agus ceisteanna a thabharfaidh dúshlán duit agus a thacóidh leat. Chruthaigh ár bPríomhfhiontraí atmaisféar iontach ina bhféadfaimis ár streachailtí agus ár n-éachtaí a roinnt. Táim ag tnúth le bheith páirteach i bpobal ACORNS amach anseo. ”

Dúirt Niamh Dooley ó BiaSol:

“Molaim ACORNS go hard d'aon bhean atá i mbun gnó. Tá an bhraistint phobail atá tógtha ag an gclár iontach, agus is bealach iontach é chun ceangal a dhéanamh le mná eile atá i mbun gnó.”

D'fhorbair Fitzsimons Consulting, atá ina speisialtóirí i bhfiontraíocht agus fás, an tionscnamh ACORNS. Dúirt bunaitheoir agus Stiúrthóir ACORNS, Paula Fitzsimons:

“B'iontach an méid a bhain rannpháirtithe ACORNS amach le linn an timthrialla dheireanaigh i gcúinsí dúshlánacha – díolacháin nua, fostaithe breise, agus onnmhaireoirí nua. Tá áthas orainn go bhfuilimid in ann, le tacaíocht ón Aire agus óna Roinn, leanúint orainn ag tacú le banfhiontraíochta faoin tuath in Éirinn, agus iad ag cur tús lena ngnóthaí agus á bhforbairt.”

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun agallamh a chur ar an Stiúrthóir, nó duine ar bith de na Príomhfhiontraithe – nó iar-rannpháirtithe - déan teagmháil le Martha Kearns ag StoryLab ar +353 87 2720212


Nóta

Foscríbhinn:

Grianghraif 1 & 2 - Sa phictiúr tá (c-d): Larissa Feeney, bunaitheoir agus POF Accountant Online agus duine de na Príomhfhiontraithe deonacha i mbliana; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD; agus iar-rannpháirtithe ACORNS Feena McBride ó Arty Fox agus Niamh Dooley ó BioSol.

Grianghraf 3 – An tAire McConologue agus Niamh Dooley

Maidir le ACORNS

Seasann ACORNS do Accelerating the Creation Of Rural Nascent Start-ups. Tá an tionscnamh á mhaoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) tríd an gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe. Bhí ACORNS sa dara háit i nGradaim um Chur Chun Cinn Fiontar na hEorpa 2018, Infheistiú i Scileanna Fiontraíochta. D'fhorbair Fitzsimons Consulting an clár.

Critéir Incháilitheachta le haghaidh rannpháirtíochta ar ACORNS

Chun a bheith san áireamh le haghaidh ACORNS, ní mór d'iarratasóirí:

  • Gnó nua a bheith lonnaithe acu a ghin díolacháin tráth nach luaithe ná deireadh mhí an Mheithimh 2019 nó a bheith gníomhach ag pleanáil fiontar nua agus dul chun cinn maith a bheith déanta acu chun an fiontar nua a chur ar bun. I measc na dtáscairí a bhaineann le gnó a phleanáil go gníomhach bheadh an fhoireann nuathionscanta a eagrú, trealamh/áiseanna a fhoinsiú, airgead a shábháil don gnó nuathionscanta, an plean gnó a scríobh, etc.
  • Ní mór úinéireacht nó páirt-úinéireacht a bheith acu ar an ngnó a chaithfidh a bheith lonnaithe i gceantar tuaithe, is é sin le rá limistéar lasmuigh de theorainneacha riaracháin cathrach Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge.
  • Má roghnaítear iad, ní mór d'iarratasóirí a bheith ar fáil chun freastal ar sheisiún an Fhóraim seolta agus an chéad chomhchaint an 24 agus an 25 Deireadh Fómhair 2022.
  • Ní mór dóibh a bheith ag súil le bheith ina bhfostóir laistigh de thrí bliana.