Dearbhú Stoic Deiridh ar an mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasacháin
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Meán Fómhair 2025
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil an tsaoráid chun Stoc Deiridh leasacháin a dhearbhú ar an mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasacháin do 2025 ar fáil ar líne anois.
Dúirt an tAire Heydon:
“Ba mhaith liom moladh a thabhairt don earnáil feirmeoireachta, do na ceannaithe agus don tionscal leasacháin as ucht a rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach leis an mBunachar Sonraí Leasacháin (National Fertiliser Database nó NFD). Tá beagán os cionn 127,000 Úsáideoir Deiridh Leasacháin Ghairmiúla agus 359 Oibreoir Eacnamaíoch Leasacháin cláraithe faoi láthair ar an NFD, agus tá níos mó ná leathmhilliún idirbheart gafa ag an gcóras le bliain anuas. Mar a rinne mé sna blianta roimhe seo, molaim go láidir d’oibreoirí eacnamaíocha leasacháin agus d’úsáideoirí deiridh leasacháin logáil isteach ar myagfood.ie agus a dtuairisceán stoic deiridh a chomhlánú".
Ón lá inniu ar aghaidh, beidh feirmeoirí agus Úsáideoirí Deiridh Leasacháin Ghairmiúla eile agus Oibreoirí Eacnamaíocha Leasacháin in ann an stoc deiridh leasacháin atá á choinneáil ar a bhfeirmeacha agus ar a n-áitreabh a dhearbhú. Ní mór d’fheirmeacha agus d’áitribh nach bhfuil aon stoc ar láimh acu an dearbhú seo a dhéanamh freisin.
Agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le stoc deiridh leasacháin a dhearbhú i gceart, dúirt an tAire:
"Is é an dáta deiridh chun stoc deiridh leasacháin ar fheirmeacha agus ar áitribh a chur isteach ná Dé Céadaoin, 15 Deireadh Fómhair 2025. Is próiseas simplí é dearbhú stoic deiridh ina bhféadann feirmeoirí, nó a ngníomhairí, logáil isteach ar myagfood.ie. I gcásanna nach bhfuil aon stoic leasacháin ar fáil, níl le déanamh ach bosca a thiceáil chun tuairisceán stoic nialasach a dhearbhú. I gcás ina bhfuil leasachán i láthair, ba cheart go mbeadh an cineál leasacháin agus na cainníochtaí atá á gcoinneáil san áireamh sa dearbhú".
CRÍOCH