Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Heydon go bhfuil tús curtha le €4.7m d’íocaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Leasa Mairteola Déiríochta

Dhearbhaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin gcéad bhliain den Scéim Leasa Mairteola Déiríochta de chuid Phlean Straitéiseach CBT (CSP). Táthar tar éis íocaíochtaí, arb fhiú breis is €4.73 milliún san iomlán iad, a eisiúint do 7,612 feirmeoir rannpháirteach.

Tugtar tacaíocht d’fheirmeoirí déiríochta faoin Scéim Leasa Mairteola Déiríochta CSP chun feabhas a chur ar shláinte agus ar leas ainmhithe sa tréad náisiúnta déiríochta, trí aithreacha mairteola lena mbaineann fiúntas géiniteach níos fearr a úsáid. Is é seo an chéad bhliain den scéim mar chuid de Phlean Straitéiseach CBT agus tá íocaíochtaí á n-eisiúint le haghaidh na laonna incháilithe a rugadh ar ghabháltais an iarratasóra idir an 01 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2024.

Dúirt an tAire Heydon:

“Le buiséad €25 milliún thar ceithre bliana, is céim thábhachtach í Scéim Leasa Mairteola Déiríochta CSP i bhforbairt na hearnála déiríochta mairteola in Éirinn. Ba anuraidh an chéad bhliain den scéim agus is léir ón rath a bhí uirthi go dtí seo go n-aithníonn feirmeoirí na buntáistí atá le baint as na tréada mairteola agus déiríochta lena dtacaíonn an scéim seo a chomhtháthú níos fearr.”

Dúirt an tAire Heydon:

“Glacfar le hiarratais ó iarratasóirí nua ar Scéim Leasa Mairteola Déiríochta CSP arís i mí Aibreáin 2025, ach ní chaithfidh feirmeoirí a chuir isteach ar an Scéim in 2024 iarratas a chur isteach arís toisc go mbeidh siad rannpháirteach fós sa scéim go huathoibríoch”.

Íocfar €20 in aghaidh an lao incháilithe (suas le huasmhéid 50 lao in aghaidh an tréada) le rannpháirtithe incháilithe. Beidh na híocaíochtaí seo le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn.

Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-íocaíochtaí faoin Scéim Leasa Mairteola Déiríochta CSP, glaoch a chur ar an Líne Chabhrach um Íocaíochtaí Díreacha ar 057-8674422 nó ríomhphost a chur chuig dairybeef@agriculture.gov.ie

CRÍOCH

Plean Straitéiseach CBT na hÉireann

Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.

Tá Plean Straitéiseach CBT á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann 2023-2027. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.gov.ie/cap

Scéim Leasa Mairteola Déiríochta CSP Miondealú ar na hÍocaíochtaí de réir Contae

Contae
Líon na Rannpháirtithe
Glanmhéid Iomlán
CEATHARLACH
65
€43,623.60
AN CABHÁN
235
€140,529.40
AN CLÁR
231
€126,475.80
CORCAIGH
2056
€1,296,308.40
DÚN NA NGALL
129
€78,441.00
BAILE ÁTHA CLIATH
10
€6,863.00
GAILLIMH
257
€161,831.80
CIARRAÍ
523
€262,462.80
CILL DARA
38
€28,291.60
CILL CHAINNIGH
375
€244,970.40
LAOIS
258
€165,189.60
LIATROIM
15
€5,577.20
LUIMNEACH
511
€316,024.00
AN LONGFORT
95
€54,458.80
AN LÚ
93
€60,565.40
MAIGH EO
130
€69,780.80
AN MHÍ
265
€179,029.00
MUINEACHÁN
252
€134,868.20
UÍBH FHAILÍ
217
€131,955.00
ROS COMÁIN
64
€37,845.60
SLIGEACH
67
€38,810.00
TIOBRAID ÁRANN
800
€534,823.60
PORT LÁIRGE
373
€254,064.40
AN IARMHÍ
139
€86,066.00
LOCH GARMAN
305
€198,544.60
CILL MHANTÁIN
109
€75,324.20
Iomláin
7612
€4,732,724.20

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat