English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire McConalogue sonraí faoin scéim nua mairteola dár luach €20m d'fheirmeoirí diúil

Osclófar Scéim Leasa Mairteola 2024 d'iarratais go luath i mí Lúnasa

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, inniu go n-osclófar scéim tacaíochta nua don earnáil diúil de réir sceidil go luath i mí Lúnasa. Díreofar Scéim Leasa Mairteola 2024 (BWS) ar bhearta praiticiúla chun sláinte agus feirmeoireacht ainmhithe ar fheirmeacha diúil a fheabhsú. Beidh buiséad de €20 milliún aici.

Ag trácht dó ar an bhfógra luath, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá tacaíocht á tabhairt d'fheirmeoirí diúil ar cheann de mo thosaíochtaí mar Aire agus chuige sin, dhaingnigh mé €20 milliún breise i mbuiséad 2024 agus chuir mé ar leataobh é i mbuiséad mo Ranna don scéim mairteola sin. Is féidir liom a dheimhniú go n-osclófar an scéim go luath i mí Lúnasa, mar a d'oscail anuraidh. In éineacht leis an gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil (SCEP), déanfaidh an scéim sin mo thiomantas de €200 a chur ar fáil in aghaidh na bó d'fheirmeoirí diúil a chomhlíonadh uair amháin eile.

Chuir an tAire leis sin,

“Tá áthas orm a dheimhniú, mar a rinneadh le scéimeanna náisiúnta roimhe seo, gurb ionann laonna incháilithe agus iad siúd a rugadh do bha diúil incháilithe sa tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Beidh dhá bheart sa scéim sin atá dírithe ar éifeachtúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú: eadhon, beart éigeantach beathaithe mine agus beart vacsaínithe roghnach. Is féidir le feirmeoirí an dara beart a roghnú sa chás gur mian leo sláinte tréada foriomlán a fheabhsú ar a ngabháltais.”

Tacóidh BWS 2024 le feirmeoirí maidir le beathú mine a thabhairt do laonna diúil sula mbaintear den diúl iad agus ina dhiaidh sin, agus maidir le vacsaíniú i gcoinne galar clóistridiam agus niúmóine lao. Bíodh go bhfuil an gníomh beathaithe mine éigeantach do rannpháirtithe scéime, ní mór d'fheirmeoirí a chur in iúl go bhfuil an beart vacsaínithe roghnach á roghnú acu ag céim an iarratais más mian leo a bheith san áireamh le haghaidh íocaíochta faoin mbeart sin. Is féidir le feirmeoirí cinneadh a dhéanamh ansin i rith na céime forfheidhmithe, i gcás inarb iomchuí i gcomhairle lena dtréidlia, cén galar ar mian leo díriú air ag brath ar stádas sláinte a dtréada.

Dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir

“Is fiú €20 milliún an scéim sin in ioncam breise d'fheirmeoirí diúil. Nuair a chuirtear léi chéile leis an SCEP í, beidh rannpháirtithe sa BWS incháilithe do €200 in aghaidh na bó/dhá lao don chéad 22 péire.”

CRÍOCH

Fotheideal an Ghrianghraif: Fotheideal an Ghrianghraif: Grianghraf den Aire McConalogue le Raymond Palmer, feirmeoir diúil as Caisleán na Finne, Contae Dhún na nGall

Nótaí d’Eagarthóirí

C: Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar an scéim?

Ní mór go mbeidh na rannpháirtithe ina bhfeirmeoir mairteola diúil i.e. laonna incháilithe, a rugadh do bha diúil incháilithe, a bheith acu sa tréimhse 1 Iúil 2023 – 30 Meitheamh 2024.

**C: Cad é nach mór do rannpháirtithe a dhéanamh chun íocaíocht scéime a fháil?

Tá dhá bheart sa scéim:

Beart 1 - Is beart éigeantach é beathú mine sula mbaintear den diúl iad agus ina dhiaidh sin.

Beart 2 - Is beart roghnach é vacsaíniú nach mór do rannpháirtithe (nó a gcomhairleoirí FAS ag gníomhú thar a gceann) a roghnú ag céim an iarratais.

**C: Cad a chaithfidh rannpháirtithe a dhéanamh chun íocaíocht a fháil faoi Bheart 1?

Ní mór dóibh beathú mine a thabhairt isteach ar feadh tréimhse 4 sheachtain réamh-scoitheadh agus 2 sheachtain tar éis scoitheadh chun an strus ar laonna a laghdú ag am scoite.

Ní mór go bhfaighidh laonna ábhair bheatha cumaisc ina bhfuil mianraí agus vitimíní iomchuí freisin. Ní mór beathú mine a thabhairt do líon na laonna a roghnaíonn an t-iarratasóir (nó a chomhairleoir FAS ag gníomhú thar a cheann) ag céim an iarratais, faoi réir uasmhéid de 40 lao.

C: Cad a chaithfidh rannpháirtithe a dhéanamh chun íocaíocht a fháil faoi Bheart 2?

Caithfidh siad féin nó a gcomhairleoir FAS an beart sin a roghnú ag céim an iarratais. Má roghnaítear an beart sin ag céim an iarratais, ní mór do rannpháirtithe clár vacsaínithe a chur i bhfeidhm i gcoinne galar clóistridiam agus / nó niúmóine lao i laonna diúil agus sonraí an vacsaínithe a thaifeadadh. Is í an íocaíocht uasta don bheart sin agus €15 in aghaidh an lao is cuma má tá an lao vacsaínithe do ghalar amháin nó don dá ghalar.

I gcás inarb iomchuí, moltar do rannpháirtithe dul i gcomhairle lena dtréidlia don chlár vacsaínithe is oiriúnaí dá bhfeirm shonrach a fhiosrú. Ionas go bhfeidhmeoidh vacsaín mar is cheart, ní mór d'fheirmeoirí an clár vacsaínithe a leanúint don táirge atá á úsáid agus an tréimhse a cheadú le do dtiocfaidh imdhíonacht i bhfeidhm.

Ní mór do gach rannpháirtí taifead a choinneáil ar cheannach agus ar úsáid vacsaíní. Ní mór vacsaíniú a dhéanamh ar líon na laonna a roghnaíonn an t-iarratasóir (nó a chomhairleoir FAS ag gníomhú thar a cheann) ag céim an iarratais, faoi réir uasmhéid de 40 lao.

**C: Cad é an íocaíocht uasta atá ar fáil do rannpháirtithe a thugann an dá bheart i gcrích mar is ceart?

Íocaíocht in aghaidh an lao incháilithe Líon uasta laonna incháilithe le haghaidh íocaíochta in aghaidh an rannpháirtí Íocaíocht uasta in aghaidh an rannpháirtí
Beart 1 – Beathú Mine (Beart Éigeantach) €35 40 €1,400
Beart 2 – Vacsaíniú (Beart Roghnach) €15 40 €600
Iomlán na Scéime €50 40 €2,000

Nóta: Má tharlaíonn sé go mbíonn ró-éileamh ar an scéim, féadfar laghdú líneach ar mhéid na híocaíochta nó ar uaslíon na n-ainmhithe atá incháilithe le haghaidh íocaíochta a bheith curtha i bhfeidhm maidir le beart 1 nó beart 2 nó an dá bheart.

Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027