Deimhníonn McConalogue go bhfuarthas litir bhreathnóireachta an Choimisiúin Eorpaigh maidir le dréacht-Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-27
- Foilsithe: 1 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go bhfuair Éire litir Bhreathnóireachta an Choimisiúin Eorpaigh maidir le dréacht-Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann.
Dúirt an tAire:
“Is ionann an litir Bhreathnóireachta a fháil ón gCoimisiún Eorpach agus garsprioc thábhachtach eile i bPlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023 go 2027 a fhorbairt. Tá Éire i measc na naoi mBallstát déag a sheol a bpleananna ar aghaidh roimh an spriocdháta reachtúil an 1 Eanáir 2022, agus a bhfuil an Coimisiún ag freagairt dó anois tar éis go ndearnadh measúnú ar sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin, iad siúd ina measc atá freagrach as talmhaíocht, an aeráid agus an timpeallacht.”
Agus é ag trácht níos mó ar chineál fairsing na freagartha, dúirt an tAire McConalogue:
“Is soiléir gur thug an Coimisiún faoi mheasúnú cuimsitheach ar ár nDréachtphlean. Is fadálach don bhreathnóireacht, agus cumhdaíonn siad trí chuspóir ghinearálta an CBT, na naoi gcuspóir ar leith, an t-eolas trasghearrthach, cuspóirí na nuálaíochta agus an digitithe, díriú straitéiseach an Phlean agus an idirghabháil aonair a bheartaigh Éire. Meascán de bhreathnóireacht theicniúil ardleibhéil agus níos mionsonraithe atá iontu. D’iarr an Coimisiún freisin ar na Ballstáit go léir athbhreithniú a dhéanamh ar a bPleananna i gcomhthéacs an tionchair a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an ghá le hathléimneacht na hearnála a neartú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil níos mó á baint amach freisin, agus déanfaimid machnamh breise air seo.”
Agus intinn an Choimisiúin á cur san áireamh le litreacha Breathnóireachta na mBallstát a fhoilsiú faoi cheann trí seachtaine, agus a oscailte atá sé d’fhreagairtí tosaigh scríofa a fháil ó Bhallstáit i dturas an ama, thug an tAire McConalogue le fios go nglacfaidh sé agus a chomhghleacaithe roinnt ama le scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar litir an Choimisiúin agus roinnfidh siad í le páirtithe leasmhara go luath. Dúirt sé:
“Cuirfear an t-eolas iomlán ar fáil do mo chomhghleacaithe, Pippa Hackett, Martin Heydon agus mé féin ar gach gné de bhreathnóireacht an Choimisiúin ó oifigigh na Roinne sna laethanta amach romhainn. Roinnfimid na hábhair le páirtithe leasmhara ansin sula dtionólfar cruinniú Choiste Comhairliúcháin Páirtithe Leasmhara an CBT. Leanfaimid ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara de réir mar a thitfidh an próiseas faofa amach sna míonna amach romhainn, agus táim ag tnúth freisin leis an bplé struchtúrach a leanfaidh ar aghaidh leis an gCoimisiún, ar cruthaíodh go bhfuil sé an-éifeachtach go dtí seo.”
Nóta d’eagarthóirí
Is féidir teacht ar eolas breise faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann ag www.gov.ie/cap.