Deimhnithe ag an Aire McConalogue go bhfuil €1.13 billiún íoctha go dtí seo faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí – Tús Curtha le hÍocaíochtaí Comhardaithe faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí
- Foilsithe: 1 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí, Scéim na bhFeirmeoirí Óga agus sreabhadh íocaíochtaí an Chúlchiste Náisiúnta
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu, go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2020 agus Glasú.
Tabharfaidh go bhfuil tús curtha anois leis na híocaíochtaí comhardaithe BPS, an t-iomlán a bheidh le híoc le breis agus 121,000 feirmeoir faoi Scéim 2020 go €1.13 billiún.
Dúirt an tAire
"Thosaigh mo Roinnse ag eisiúint 70% de na réamhíocaíochtaí faoi BPS chuig feirmeoirí ar fud na tíre i lár mhí Dheireadh Fómhair. I mbliana, fuair breis is 97% d'fheirmeoirí incháilithe réamhíocaíocht faoin gcéad tsraith íocaíochtaí. Tá sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm ó mhí Dheireadh Fómhair, agus tá mé sásta a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois leis na híocaíochtaí comhardaithe 30% faoi BPS mar a bhí beartaithe.” Is é an tosaíocht atá agam a chinntiú go déantar na híocaíochtaí chun tacú le teaghlaigh feirme ar fud na tíre a eisiúint go sciobtha. Tuigim go rímhaith an tábhacht a bhaineann leis an BPS, ní hamháin d'fheirmeoirí ach do gheilleagar iomlán cheantair thuaithe na tíre. Leanann mo Roinnse d'íocaíochtaí a eisiúint ar fud réimse leathan scéimeanna agus ag ráta atá an-mhaith nuair a chuirtear an ráta sin i gcomparáid lenár macasamhlacha san Eoraip.
Dheimhnigh an tAire freisin go gcuirfear tús freisin le híocaíochtaí faoi Scéim an Fheirmeora Óig agus faoi Chúlchiste Náisiúnta 2020 in éineacht leis an íocaíocht chomhardaithe do BPS 2020.
Dúirt an tAire,
"Táim sásta go bhfuil íocaíochtaí faoin gCúlchiste Náisiúnta agus Scéim na bhFeirmeoirí Óga á n-eisiúint chomh maith mar go bhfuil róil thábhachtacha ag na híocaíochtaí sin i dtacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí óga agus d'fheirmeoirí atá ag cur isteach ar na scéimeanna den chéad uair. Spreagtar athnuachan ó ghlúin go glúin trí thacaíocht a thabhairt do na feirmeoirí seo arb ionann sin agus tosaíocht don Rialtas seo."
Fanfaidh sraitheanna rialta íocaíochtaí i bhfeidhm faoi BPS 2020 de réir mar a bheidh cásanna á gceadú i leith íocaíochta. D'iarr an tAire ar na feirmeoirí a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a dhéanamh. Mar fhocal scoir dúirt an tAire “is tosaíocht thábhachtach de chuid mo Roinne é go ndéanfar na híocaíochtaí a phróiseáil in am trátha, toisc go dtuigim chomh tábhachtach is atá na scéimeanna sin don phobal feirmeoireachta.”
Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-íocaíochtaí BPS nó ANC, glaoch ar an Líne Chabhrach maidir le hÍocaíochtaí Díreacha ar 076 106 4420. Is féidir le feirmeoirí fiosruithe ar bith a d'fhéadfadh a bheith acu a chur ar aghaidh ar líne trí https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login, agus is féidir teacht ar mhiondealú ar íocaíochtaí ann chomh maith.
Tá sé beartaithe tús a chur le híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) an tseachtain seo chugainn.
Nóta d'Eagarthóirí:
Laghdú Smachta Airgeadais ó Íocaíocht Comhardaithe BPS 2020
Tá an ráta um smacht airgeadais atá le cur i bhfeidhm ar íocaíochtaí comhardaithe BPS na Bliana seo socruithe ag 2.9% i ndiaidh idirbheartaíochtaí ag leibhéal AE maidir le Buiséad an AE. Tá ráta na bliana seo ardaithe chun laghdú ar an teorainn fhoriomlán a leithdháileadh ar Éirinn don bhliain airgeadais 2021 a ghlacadh san áireamh. Tá coigeartuithe teorann dá leithéidí curtha i bhfeidhm ar fud gach Ballstát. Ba ionann an ráta um smacht airgeadais in 2019 agus 1.43%.
Táthar ag cur an ráta um smacht airgeadais ardaithe seo i bhfeidhm ar íocaíochtaí comhardaithe BPS 2020 anois. Is féidir miondealú ar shonraí íocaíochtaí gach duine aonair a fháil trí https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login agus ar na duillíní íocaíochta a eisítear.
Cuirtear smacht airgeadais i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha gach bliain. Ní bhaineann sé seo le feirmeoirí arb ionann a n-íocaíochtaí díreacha agus €2,000 nó níos lú. Go ginearálta, baintear leas as an smacht airgeadais chun an cúlchiste géarchéime a choinnítear go lárnach ag leibhéal AE a mhaoiniú. Áireofar an ghné cúlchiste géarchéime sin agus asbhaint bhreise i smacht airgeadais na bliana seo chun an coigeartú a rinneadh ar an teorainn don bhliain airgeadais 2021 a ghlacadh san áireamh.
CRÍOCH