Deimhnithe ag an Aire McConalogue go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin gClár um Shonraí & Géanómaíochta Mairteola 2020
- Foilsithe: 14 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi na Cláir um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola do 2020.
Dúirt an tAire,
“Tá ríméad orm go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí don séú bliain den Chlár nuálach seo ar chuid iad de ghealltanais fhoriomlána na Roinne chun tacaíocht a thabhairt do tháirgeadh mairteola diúil inbhuanaithe agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá teicneolaíocht ghéiniteach tugtha isteach ag an BSGP sa tréad náisiúnta chun feabhas a chur ar bhrabúsacht feirmeacha. Tá tús curtha le heisiúint na n-íocaíochtaí agus leanfar de na híocaíochtaí sin eisiúint sna laethanta agus sa tseachtain amach romhainn. Meastar go n-íocfar tuairim is €37 milliún le breis is 21,000 feirmeoir."
"Príomhthosaíocht agamsa is ea a chinntiú go n-eiseofar íocaíochtaí na scéimeanna mar BDGP chun tacú leis an earnáil mairteola diúil agus tá sé mar chuid den bheart is déanaí atá curtha ar fáil ag an Rialtas agus an Roinn seo d'fheirmeoirí ba diúil. Tá €6m faighte agam chun feachtais margaíochta nua ba diúil a mhaoiniú agus tá €85m eile faighte mar chuid de Bhuiséad 2021 chun tacú le feirmeoireacht mhairteola inbhuanaithe – mar aon leis na bearta sin, airítear €40m chun an BDGP a athinfheistiú, €40m breise do BEEP agus €5m don scéim maidir le laonna a mheá. Tá siad seo sa bhreis ar an scéim BEAM ar fiú €76m í agus ar an Íocaíocht Mairteola Críochnaithe ar fiú €46m í a eisíodh i mí na Samhna."
Leanfar d'íocaíochtaí BDGP a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhneoidh feirmeoirí go bhfuil siad ag comhlíonadh riachtanais scéim 2020. Mhol an tAire d'fheirmeoirí rannpháirteacha “na suirbhéanna agus na samplaí géinitíopála a sheoladh ar ais agus/nó an nuashonrú ar an treoraí carbóin a chur i gcrích chomh luath agus is féidir chun íocaíocht a éascú."
Dúirt an tAire chomh maith,
“Dhearbhaigh mé an tseachtain seo caite go raibh cead faighte ón gCoimisiún Eorpach chun leanúint de scéimeanna feirme sa bhliain 2021, BDGP ina measc. Beidh mo Roinn ag déanamh teagmháil le rannpháirtithe BDGP reatha an tseachtain seo chun a mhíniú dóibh mar is féidir leo páirt a ghlacadh i BDGP na bliana 2021. Gheobhaidh siad litreacha foirmeálta agus teachtaireachtaí téacs SMS. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuilim ag cosaint ioncaim theaghlaigh feirme agus go mbeidh an méid is lú páipéarachais i gceist. Mar sin, faoi láthair ba cheart go mbeadh feirmeoirí ag smaoineamh ar mhaith leo leanúint ar aghaidh le scéimeanna in 2021, agus a bheith réidh le freagra a thabhairt nuair a dhéanann an Roinn teagmháil leo.
CRÍOCH