Deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD anocht go bhfuil na cainteanna le páirtithe leasmhara mairteola tugtha chun críche go rathúil

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD anocht go bhfuil na cainteanna le páirtithe leasmhara mairteola tugtha chun críche go rathúil

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD anocht go bhfuil na cainteanna le páirtithe leasmhara mairteola tugtha chun críche go rathúil.

Dúirt an tAire:

"I ndiaidh idirbheartaíochtaí fada agus mionsonraithe, tá páirtithe leasmhara tagtha ar chomhaontú ar réimse leathan saincheisteanna tábhachtacha. Rinneadh dul chun cinn ar thionscnaimh thábhachtacha atá dírithe ar thrédhearcacht feadh an tslabhra soláthair a fheabhsú agus cumarsáid idir an tionscal agus feirmeoirí a fheabhsú."

Sa gcomhaontú, gealltar:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar an eangach
  • athbhreithniú a dhéanamh ar chritéir in-spec maidir le bónas faoin gcóras íocaíochta caighdeáin
  • íomhánna conablach a bheith ar fáil
  • córas achomhairc maidir le rangú conablach i monarchana a dhéanann grádú de láimh
  • tuarascáil saineolais a fhoilsiú maidir le teicneolaíocht nua chun conablaigh a rangú go meicniúil
  • tionscnaimh cur chun cinn don earnáil mairteola
  • tionscnaimh thrédhearcachta margaidh, lena n-áirítear praghsanna a thuairisciú ar bhealach níos mionsonraithe agus Treoir ón AE maidir le Cleachtais Trádála Éagothroma a thrasuíomh

"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Michael Dowling as an obair iontach a rinne sé agus é ina chathaoirleach ar na cainteanna agus leis na rannpháirtithe as a rannpháirtíocht dhearfach le linn an phróisis."

Cruinniú le Páirtithe Leasmhara Mairteola - Tá an doiciméad maidir le conclúidí agus na chéad chéimeanna eile ar fáil ag an nasc seo a leanas: www.agriculture.gov.ie/media/migration/farmingsectors/beef/StakeholderConclusions210819.pdf.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat