Deontais de luach €1.1m fógartha ag McConalogue chun tacú le hinfheistíochtaí de luach €3m arna ndéanamh ag 19 fiontar bia mara

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deontais de luach €1.1m fógartha ag McConalogue chun tacú le hinfheistíochtaí de luach €3m arna ndéanamh ag 19 fiontar bia mara

Inniu, d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, go n-íocfar €1,105,022 i ndeontais do 19 bhfiontar dobharshaothraithe agus próiseála bia mara faoin gClár um an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) de chuid a Roinne. Tacóidh na dámhachtainí deontais leis an infheistíocht iomlán €2,957,627 a dhéanfar sna gnólachtaí seo. Déanann Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach na deontais a chomhchistiú, agus tagann na deontais go léir faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire McConalogue,

“Tá ríméad orm dámhachtainí deontas a fhógairt inniu le haghaidh 16 thionscadal infheistíochta dobharshaothraithe, ag cur leis na 28 tionscadal dobharshaothraithe a d’fhógair mé ar an 5 Márta. D’ainneoin na gcúinsí neamhchinnteachta gnó arna gcruthú ag Brexit agus Covid, tá fonn mór á léiriú ag earnáil dobharshaothraithe na tíre seo infheistíocht a dhéanamh ina ngnólachtaí féin agus borradh a chur fúthu. Ar an iomlán, tá €2.8 milliún i ndámhachtainí deontas fógartha agam le haghaidh 44 fiontar dobharshaothraithe in 2021 agus tá €6.9 milliún d’infheistíochtaí inár n-earnáil dobharshaothraithe á thacú leis na dámhachtainí seo”.

Dúirt an tAire McConalogue freisin:

“Tá 13 de na tionscadail infheistíochta dobharshaothraithe a fuair tacaíocht go dtí seo in 2021 lonnaithe i gContae Dhún na nGall, agus tá 8 díobh i gCiarraí agus 7 díobh i gCorcaigh. Is infheistíochtaí i bhfeirmeacha oisrí iad an chuid is mó de na tionscadail arna dtacú le Clár CEMI na Roinne in 2021, agus is infheistíochtaí i bhfeirmeacha oisrí iad 11 as na 13 tionscadal arna dtacú i gCo. Dhún na nGall. Cuireann sé sin Dún na nGall i lár an aonaigh ó thaobh earnáil seo na n-oisrí atá i mbun fáis anois”.

Nóta d’Eagarthóirí:

Ghlac an Coimisiún Eorpach le Clár Oibriúcháin CEMI na hÉireann 2014-2020 i mí na Nollag 2015 agus sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara é i mí Eanáir 2016. Tá €240m i maoiniú á chur ar fáil tríd an gclár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Déanann Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach an Clár a chomhchistiú.

Tá dhá scéim tacaíochta CEMI ar fáil don earnáil dobharshaothraithe: Tacaíonn Scéim an Dobharshaothraithe Inbhuanaithe le hinfheistíocht chaipitiúil arna déanamh ag fiontair dhobharshaothraithe chun táirgiúlacht a mhéadú ar bhonn inbhuanaithe, agus tionchar comhshaoil an dobharshaothraithe a laghdú freisin. Leis an Scéim um Thairseach Eolais, déantar nuálaíocht, forbairt theicneolaíoch agus bainistiú galair san earnáil dobharshaothraithe a chur chun cinn agus a thacú, mar aon le tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí comhairleacha gairmiúla.

Tá trí scéim tacaíochta ar fáil don earnáil próiseála bia mara chun nuálaíocht, breisluacháil, forbairt margaí nua agus infheistíocht i dtrealamh agus in áitribh nua a chothú agus a thacú. Tríd an Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara, cuirtear cúnamh suas go 30% ar fáil d’áitribh próiseála bia mara chun infheistíocht chaipitiúil a spreagadh ó thaobh acmhainn táirgiúlachta breisluacha de. Tríd an Scéim Forbartha Scálaithe um Bia Mara & Margaí Nua, cuirtear cúnamh suas go 50% ar fáil do ghrúpaí d’fhiontair phróiseála bia mara a oibríonn i gcomhar chun easpórtálacha nua a fhorbairt. Tríd an Scéim Nuálaíochta Bia Mara & Pleanála Gnó, cuirtear cúnamh suas go 50% ar fáil d’fhiontair phróiseála bia mara chun nuálaíocht a chothú ó thaobh táirgí nua a fhorbairt,

Faomhadh deontais - Scéim um Dheontas Dobharshaothraithe Inbhuanaithe

Tairbhí Suíomh Tionscadal Infheistíocht Iomlán Deontais CEMI
Allihies Seafood Limited Corcaigh Feirm feamainne a fhorbairt €121,764 €60,882
Crookhaven Fishermen’s Association Ltd. Baile Átha Cliath Feirm ramhraithe feamainne a thógáil €143,963 €71,981
Atlantic Sea Farms Limited Corcaigh
Cur le hacmhainn táirgiúlachta ar fheirm diúilicíní atá ar an bhfód cheana
€90,722 €36,289
Sam Lowes, Uasal Ciarraí Feirm oisrí nua a bhunú i Neidín €14,019 €7,009
Bantry Marine Research Station Limited Corcaigh Infheistíocht i mbonneagar agus trealamh feirme €139,201 €55,680
Carl Daly, Uasal Ciarraí
Bairillí snámhachta diúilicíní a uasghrádú chun a bheith i gcomhréir le moltaí maidir le Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna)
€5,580 €2,231
Loughros Beg Specials Ltd Dún na nGall Suíomhanna nua oisrí a leathnú agus a fhorbairt €180,581 €72,232
Feirm Farraige Oilean Chliara Teoranta Dún na nGall Córas na gCuaillí, Málaí AGD & Bád Oibre €1,158,443 €347,533
Killary Fjord Shellfish Limited Gaillimh
Éifeachtúlacht a mhéadú agus timpeallacht shábháilte ghlan a chur ar fail le haghaidh pacála na ndiúilcíní
€94,783 €37,913
O’Sullivan McCarthy Mussel Development Maigh Eo
Meaisín chun oisrí a chur i mála & iompróir a cheannach le haghaidh na próiseála oisrí
€17,470 €6,988
Realt Na Mara Shellfish Limited Ciarraí
Báirse, teiliompróir & gineadóir a cheannach chun feabhas a chur ar mhodhanna sábhála
€159,237 €63,695
Tavne Ltd t/a Achill Oysters Hugh O’Malley, Uasal An Clár
Méadú acmhainne ó thaobh oisrí a tháirgeadh agus trealamh nua a cheannach
€14,950 €5,980
Sliogéisc na Rossan Teoranta Dún na nGall Táirgeadh oisrí a mhéadú €105,490 €42,196
Sliogéisc Inisheane Teoranta Dún na nGall Méadú acmhainne ó thaobh pór oisrí de €18,000 €7,200
Iomlán: €2,264,203 €817,810

Faomhadh Deontais - Scéim um Thairseach Eolais

TairbhÍ Suíomh Tionscadal Infheistíocht Iomlán Deontais CEMI
Simon Hogan, Uasal Port Láirge
Seirbhísí Comhairleacha gairmiúla chun tacú le feirm Feamainne a bhunú i mBá Dhún Garbháin
€5,000 €2,500
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Gaillimh
ShellAqua – Uirlisí a fhorbairt chun seirbhísí éiceachórais arna gcur ar fáil ag an earnáil dobharshaothraithe sliogéisc a chainníochtú
€162,729 €162,729
Iomlán: €167,729 €165,229

Faomhadh Deontais - Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseála Bia Mara

Tairbhí Suíomh Tionscadal Infheistíocht Iomlán Deontais CEMI
Errigal Bay Limited Dún na nGall Caiteachas Caipitiúil €399,695 €84,183
Ilen Seafood Limited Corcaigh Luach a chur le Salán €63,000 €18,900
Atlantis Seafood Loch Garman Luach a chur le Salán Dramhaíl Éisc €63,000 €18,900
Iomlán: €525,695 €121,983

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat