Deontas luach breis is €340,000 fógartha ag an Aire Heydon agus Gairm Talmhaíochta 2022 faoi Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-na hÉireann fógartha mar chuid de Sheachtain Eolaíochta 2021
- Foilsithe: 9 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Samhain 2021
Inniu d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, dámhachtain atá le bronnadh ar thaighdeoirí Éireannacha atá ag obair le Teagasc i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, mar chuid de Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta Taighde agus Forbartha SAM-na hÉireann.
Beidh taighdeoirí in Éirinn ag obair le taighdeoirí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus in Ollscoil Wisconsin-Madison, SAM chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid víreas (baictéarafagaigh) a ionfhabhtaíonn baictéir mar rogha mhalartach seachas cóireáil le hantaibheathaigh thraidisiúnta chun Streptococcus sui a chóireáil, paitigin bhaictéarach a luaitear le hionfhabhtú riospráide agus stéigeach i muca arb ionann é agus fadhb shuntasach a bhaineann le sláinte agus leas ainmhithe in earnáil na muc.
Tá breis is €340,000 bronnta ag an Roinn ar an tionscadal, ag a bhfuil buiséad de bheagnach €1 mhilliún, chun taighde a chur i gcrích in Éirinn.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire inniu agus an dámhachtain á fógairt aige,
“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil maoiniú nua le cur ar fáil le haghaidh taighdeoirí atá lonnaithe in Éirinn chun teiripí nua a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm leo dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus ionfhabhtuithe sonracha a bhaineann le sláinte agus leas ainmhithe in earnáil na muc. Is deis é an tionscadal seo do thaighdeoirí Éireannacha oibriú i gcomhpháirt le agus i gcomhar lena gcomhghleacaithe i dTuaisceart na hÉireann agus i Meiriceá agus tá sé mar bhonn le hacmhainn agus le cumas idirnáisiúnta in earnáil taighde na hÉireann a threisiú.”
Chomh maith leis sin, d’fhógair an tAire seoladh Gairm Talmhaíochta tríthaobhach 2022 faoi Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-na hÉireann lenár gcomhpháirtithe ó Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA) Thuaisceart Éireann agus Roinn Talmhaíochta SAM (USDA). Leagann Gairm Talmhaíochta 2022 béim athnuaite ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú eolaíochta idirnáisiúnta maidir le hábhair thaighde tábhachtacha, agus cuirtear leis na deiseanna atá ar fáil le haghaidh cómhaoiniú comhthograí taighde i sé réimse taighde bhreise atá tábhachtach i gcomhthéacs na Roinne. Áirítear ina measc:
• Bithgheilleagar Inbhuanaithe trí Tháirgí Bithbhunaithe
• Agrai-éiceachórais Inbhuanaithe: Sláinte, Feidhmeanna, Próisis agus Bainistíocht
• Bithphróiseáil agus Bithinnealtóireacht
• Micribhithóim Talmhaíochta i gCórais Plandaí agus Acmhainní Nádúrtha
• Eolaíocht Sonraí le haghaidh Córas Bia agus Talmhaíochta (DSFAS)
• Rannpháirtíocht Idirdhisciplíneach i gCórais Ainmhithe (IDEAS)
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Heydon agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna maoinithe idirnáisiúnta atá ailínithe go straitéiseach chun cabhrú le déileáil le dúshláin náisiúnta agus lántairbhe a bhaint as taighde agus nuálaíocht sna hearnálacha foraoise agraibhia agus bithbhunaithe Éireannacha, “Is deis ar leith é seo do thaighdeoirí Éireannacha páirt a ghlacadh sa ghairm taighde talmhaíochta idirnáisiúnta tábhachtach agus forbarthach seo faoi Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-na hÉireann. I rith an Seachtaine Eolaíochta, spreagann réimsí taighde nua níos mó deiseanna d’eolaithe in Éirinn comhoibriú lena chéile ar ábhair thaighde tábhachtacha lena gcomhpháirtithe i Meiriceá agus i dTuaisceart Éireann agus smaointe, saineolas agus acmhainní a roinnt chun dul i ngleic lenár dtosaíochtaí taighde náisiúnta agus cur le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar na córais foraoise agraibhia agus bithbhunaithe ar leibhéal domhanda.”
Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an gclár maoinithe le fáil ag an nasc seo a leanas chuig suíomh gréasáin na Roinne: Gairm Talmhaíochta Chomhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-na hÉireann
Nótaí do na heagarthóirí
• Tugann an ghairm seo deis d’Eagraíochtaí a Dhéanann Taighde incháilithe ó Phoblacht na hÉireann comhthograí taighde a chur ar fáil, i dteannta le comhpháirtithe ó SAM agus Tuaisceart Éireann, faoi Thionscnamh Taighde Talmhaíochta agus Bia (AFRI) Institiúid Bia agus Talmhaíochta Náisiúnta USDA (NIFA). Is é an spriocdháta atá sonraithe don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus do Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA) Thuaisceart Éireann, ceithre seachtaine roimh spriocdháta sonraithe NIFA do Réimse Tosaíochta an Chláir i gClár Deontas Iomaíoch Bunúsach 2022 AFRI. Tugann seoladh níos luaithe Ghairm Talmhaíochta 2022 deis d’Eagraíochtaí a Dhéanann Taighde líonrú a dhéanamh agus comhpháirtithe a aimsiú sna dlínsí eile, agus iniúchadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid smaointe sna réimsí taighde atá á dtairiscint faoin nGairm roimh an spriocdháta in 2022.
• Is táirge de chuid Phróiseas Síochána Thuaisceart Éireann é Comhpháirtíocht Forbartha & Taighde SAM-na hÉireann agus páirteach ann tá rialtais Stáit Aontaithe Mheiriceá, na hÉireann agus Thuaisceart Éireann atá ag obair le chéile chun dlús a chur faoi chúrsaí eolaíochta trí dheontais a bhronnadh le haghaidh taighde ar bhonn iomaíoch.
• Seoladh an Chomhpháirtíocht in 2006 agus go dáta tá maoiniú luach €105.697 milliún ($125.552 milliún) bronnta ar 65 tionscadal i 7 réimse tosaíochta faoin gComhpháirtíocht a áirítear ina measc: Cibearshlándáil; Talmhaíocht; Sláinte; Eolaíocht & Innealtóireacht Nanascála; Braiteoirí & Líonraí Braiteoirí; Teileachumarsáid; Fuinneamh & Inbhuanaitheacht.
• Is é an Tionscnamh Taighde Talmhaíochta agus Bia (AFRI) an príomhchlár iomaíoch deontas le haghaidh eolaíochtaí talmhaíochta i SAM. Ó 2016 tá síneadh curtha le raon na Comhpháirtíochta agus tá talmhaíocht curtha san áireamh ar bhonn píolótach a chiallaíonn gur féidir le taighdeoirí in institiúidí incháilithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann nascadh le taighdeoir atá lonnaithe i SAM chun iarratais ar mhaoiniú taighde a dhéanamh faoi Ghairmeacha bliantúla a bheidh á seoladh ag Institiúid Bia agus Talmhaíochta Náisiúnta (NIFA) USDA.
• Tagann maoiniú tionscadal rathúil na Roinne faoi Ghairmeacha Comhpháirtíochta Taighde & Forbartha SAM-na hÉireann ó chlár maoinithe taighde na Roinne.
• Tá na réimsí taighde nó PAPanna atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi Ghairm Talmhaíochta 2022 méadaithe ó 6 go 12 PAP (tá cló trom ar na PAPanna nua). Seo a leanas an 12 PAP atá ar fáil le haghaidh tograí iarratais:
• Lotnaidí agus Speicis Thairbheacha i gCórais Táirgthe Talmhaíochta
• Cothú, Fás agus Lachtadh Ainmhithe
• Leas agus Folláine Ainmhithe Talmhaíochta
• Galair a chuireann as d’Ainmhithe Talmhaíochta
• Pórú Ainmhithe agus Anótáil Fheidhmiúil Géanóm
• Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach sa Bhiashlabhra a Mhaolú
• Bithgheilleagar Inbhuanaithe trí Tháirgí Bithbhunaithe
• Agrai-éiceachórais Inbhuanaithe: Sláinte, Feidhmeanna, Próisis agus Bainistíocht
• Bithphróiseáil agus Bithinnealtóireacht
• Micribhithóim Talmhaíochta i gCórais Plandaí agus Acmhainní Nádúrtha
• Eolaíocht Sonraí le haghaidh Córas Bia agus Talmhaíochta (DSFAS)
• Rannpháirtíocht Idirdhisciplíneach i gCórais Ainmhithe (IDEAS)
• Cuimsíodh i maoiniú thionscadal rathúil PhageSUAS faoi Ghairm Talmhaíochta 2020 Thaighde agus Fhorbairt SAM-na hÉireann dámhachtainí luach €342,190.20 ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.; $500,000.00 ó USDA agus £168,738.00 ó DAERA (dámhachtain iomlán tionscadail de €962,356.11 ón trí chomhpháirtí maoinithe ag na rátaí malairte reatha).
• PhageSUAS - Sláinte Muc feabhsaithe trí Fheidhmiú Núíosach SynBio i dTeiripe Baictéarafagach; Teagasc, €238,250.00 bronnta (An Dr John Kenny, Comhordaitheoir an tionscadail); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, €103,940.20 (An Dr Jennifer Mahony); Institiúidí comhoibritheacha: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil Wisconsin-Madison.
o Sliocht: Is pataibóiseach muice é Streptococcus suis (S. suis) atá á iompar den chuid is mó beagnach sa tsrónfharaing. Luaitear ionfhabhtú S. suis le hionfhabhtú stéigeach nó riospráide a tharla roimhe sin, is cúis le meiningíteas trí mheán S. suis, polaiairtríteas, seipticéime, niúmóine agus ionchairdíteas. Dá thoradh, is deacracht shuntasach iad ionfhabhtuithe S. suis i gcomhthéacs leas ainmhithe agus i gcomhthéacs eacnamaíoch i dtionscal na muc. Táthar ag súil go mbeidh réitigh teiripe baictéarafagach nuálacha agus éifeachtacha mar thoradh ar an tionscadal seo a bheidh ag díriú go sonrach ar S. suis i muca. Bainfear tairbhe as cur chuige réasúnach dearaidh i rith an tionscadail seo chun meascáin baictéarafagach a chruthú agus a thástáil. Ceadóidh an dearadh seo do na baictéarafagaigh sa mheascán raon leathan cineálacha ionfhabhtaíocha S. suis a mharú fad is a bheidh frithsheasmhacht in aghaidh baictéarafagach baictéarach á seachaint, príomhbhac ar úsáid teiripe baictéarafagach (PT). Ag an am céanna, forbróimid siombóiseach putóige A Ghlactar leis go Coitianta atá Sábháilte (GRAS), Lactobacillus reuteri, mar phróibhitheach den chéad ghlúin eile chun frithmhiocróbáin a sholáthar chun S. suis a dhíothú ó chonair ghastraistéigeach na muc.
CRÍOCH