Reáchtálfaidh an Roinn sraith náisiúnta clinicí feirmeoirí duine le duine maidir le BISS 2026 agus scéimeanna limistéarbhunaithe eile
- Foilsithe: 25 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 25 Márta 2026
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu sraith clinicí feirmeoirí duine le duine chun cabhrú le feirmeoirí a gcuid iarratas ar líne a dhéanamh ar an Tacaíocht Ioncaim Bhunúsach le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS) agus ar scéimeanna limistéarbhunaithe eile.
Beidh clinicí feirmeoirí BISS ar siúl idir 10am agus 4.30pm agus cuirfidh foireann na Roinne tacaíocht duine le duine ar fáil chun cabhrú le feirmeoirí a gcuid iarratas scéime a chur isteach i bhfad roimh an spriocdháta deiridh, an 15 Bealtaine 2026. Tá an-tóir ag feirmeoirí ar na clinicí seo le blianta anuas.
Ag labhairt dó faoi na clinicí, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD:
“Tá an-tóir ar na clinicí seo le blianta beaga anuas agus tugann siad deis d’fheirmeoirí teagmháil dhíreach a dhéanamh le hoifigigh ó mo Roinn. Tá comhairleoirí den scoth againn chun tacú le feirmeoirí agus a n-iarratais BISS á ndéanamh acu, ach i gcás nach bhfuil feirmeoirí in ann comhairleoir a fhostú, is bealach den scoth iad na clinicí lena chinntiú go gcuirtear an t-iarratas BISS isteach i gceart agus in am.”
San iomlán, tá 16 chlinic feirmeoirí sceidealaithe agus tugann siad deis d’fheirmeoirí tacaíocht a fháil ó fhoireann na Roinne maidir le réimse iarratas a bhaineann le scéimeanna tacaíochta limistéarbhunaithe, amhail BISS. Tá na clinicí seo thar a bheith úsáideach d’fheirmeoirí nach bhfuil comhairleoir ceadaithe faoin gCóras Comhairleach Feirme (FAS) acu chun cabhrú leo lena n-iarratas. Beidh liosta iomlán de na clinicí ar fáil ar leathanach Imeachtaí de shuíomh gréasáin na Roinne.
|
Suíomh |
Ionad |
Dáta |
Amanna |
|
An Clár (Inis) |
Óstán Woodstock |
Dé Céadaoin, 01 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Corcaigh (Maigh Chromtha) |
Óstán an Chaisleáin |
Déardaoin, 02 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Tiobraid Arann (Carraig na Siuire) |
Ostán na Carraige |
Dé Máirt, 07 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Gaillimh (Béal Átha na Sluaighe) |
The Shearwater |
Dé Céadaoin, 08 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Maigh Eo (Béal an Átha) |
Óstán Great National |
Déardaoin, 09 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
An Cabhán |
Óstán Kilmore |
Dé Máirt, 14 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Dún na nGall (Bealach Féich) |
Óstán Jackson's |
Dé Céadaoin, 15 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Ciarraí (Trá Lí) |
Óstán The Rose |
Déardaoin, 16 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
An Mhí (Baile Átha Troim) |
Óstán Knightsbrook |
Dé Máirt, 21 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Luimneach (Áth Dara) |
Óstán Woodlands |
Dé Céadaoin, 22 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Liatroim (Cora Droma Rúisc) |
Óstán The Landmark |
Dé Máirt, 28 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Muineachán (Carraig Mhachaire Rois) |
Óstán The Shirley Arms |
Dé Céadaoin, 29 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Loch Garman (Guaire) |
Óstán Ashdown Park |
Déardaoin, 30 Aibreán 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Gaillimh (Tuaim) |
Óstán Ard Rí House |
Dé Máirt, 05 Bealtaine 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Corcaigh (Baile Mhistéala) |
Óstán Firgrove |
Dé Céadaoin, 06 Bealtaine 2026 |
10am – 4.30pm |
|
Ciarraí (Cill Airne) |
Óstán Randles |
Déardaoin, 07 Bealtaine 2026 |
10am – 4.30pm |
Nótaí don Eagarthóir
Is comhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) a chinntíonn soláthar cobhsaí bia, a chosnaíonn ioncam feirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta trí Phlean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023–2027.
Tá an Tacaíocht Ioncaim Bhunúsach le haghaidh Inbhuanaitheachta (BISS) deartha chun tacaíocht ioncaim dhíreach a sholáthar d’fheirmeoirí Éireannacha chun a n-inbhuanaitheacht agus a n-inmharthanacht leanúnach a neartú. Maoiníonn an tAontas Eorpach BISS.
Ní mór d’fheirmeoirí atá ag pleanáil freastal ar na clinicí sonraí a logála isteach MyAgfood.ie a thabhairt leo, más ann dóibh, chomh maith le sonraí a n-uimhir tréada agus a n-uimhir PSP chun a bhféiniúlacht a dheimhniú.
Ó tugadh fíordheimhniú dhá fhachtóir (2FA) isteach mar bhealach slán chun logáil isteach i gcórais na Roinne (www.MyAgfood.ie), ní mór d’fheirmeoirí a bhfón póca a thabhairt leo chuig an gclinic freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap