D’fhógair an tAire Charlie McConalogue díolúine na hEiliminte Éagsúlaithe Barr de GAEC 7 le haghaidh 2024
- Foilsithe: 13 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Iúil 2024
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas san fhógra inniu:
“Ba bhliain dhúshlánach a bhí in 2023 do na feirmeoirí curaíochta. Ba iad praghsanna arda ionchuir, mar aon le praghsanna aschuir ísle, faoi deara do na bairr a bheith laghdaithe agus d’fhág an drochaimsir gur cuireadh isteach go mór ar an bhfómhar le linn thréimhse churtha an fhómhair, tréimhse a lean ar aghaidh go dtí tús na bliana 2024.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Is gné thábhachtach agus riachtanach í earnáil na curaíochta de Thionscal an agraibhia, rud a chuireann go mór le haschur iomlán na talmhaíochta. Ba é €640m in aghaidh na bliana an dír-aschur meánaithe le linn na tréimhse 2014-2018. Is í an drochaimsir agus ganntanas síolta is cúis le teorannú na roghanna barr d’fheirmeoirí curaíochta an tEarrach seo. Léirítear i sonraí Met Éireann gur taifeadadh os cionn 150% den bháisteach meánach i stáisiúin bháistí sa tréimhse ó Iúil go Nollaig 2023. Táim sásta gurb iad na heachtraí aimsire seo a ligeann cead do na feirmeoirí úsáid a bhaint as an rogha force majeure laistigh de na Rialacháin agus díolmhófar na feirmeoirí ó na hoibleagáidí Éagsúlaithe Barr faoi GAEC 7 don bhliain 2024, nó riail an dá/na dtí bharr mar thugtar uirthi go hiondúil.
Chuir an tAire leis sin:
“Beidh iallach ar na feirmeoirí curaíochta na hoibleagáidí i ndáil le Uainíocht na mBarr a chomhlíonadh faoi 2026 ach is é an maolú seo a thabharfaidh an tsolúbthacht do na feirmeoirí barr amháin, péire nó roinnt barr a chur, mar a fheilfidh dóibh féin go pearsanta.”
Mar chonclúid, dúirt an tAire McConalogue:
“Cuirfidh an díolúine seo ar chumas na bhfeirmeoirí na bairr a roghnú is fearr a fheileann dá gcúinsí féin, ag cur san áireamh an t am a bhaineann le curadóireacht, sochar an mhargaigh agus infhaighteacht na síolta. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfimid a oiread tacaíochta agus is féidir ar fáil do na feirmeoirí curaíochta agus is rud breise é an maolú seo leis na tacaíochtaí suntasacha airgeadais a cuireadh ar fáil in 2023. Chuir an tAire leis sin ag rá go gcaithfimid réaltacht na feirmeoireachta a chur san áireamh lena chinntiú gur féidir leis na feirmeoirí curaíochta leanúint ar aghaidh chun bairr a chur agus cur leis an ngeilleagar áitiúil agus leis an ngeilleagar talmhaíochta.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Céard é GAEC 7?
Is é príomhchuspóir GAEC 7 ná acmhainneacht na hithreach a chaomhnú agus baineann sé le talamh curaíochta amháin. Tá dhá ghné cur i bhfeidhm ag an gcaighdeán seo, uainíocht na mbarr agus éagsúlú barr. Cuireann uainíocht phleanáilte na mbarr feabhas ar cháilíocht agus ar shláinte na hithreach sa chás mar shampla go gcuimsítear leis an uainíocht bairr atá fréamhaithe go domhain amhail brasacaigh (m.sh. ola ráibe) agus pischineálaigh (m.sh., pónairí). Tá buntáistí ag baint le huainíocht na mbarr freisin maidir le bainistiú fiailí, lotnaidí agus galar agus mar sin is féidir léi a bheith ina cabhair úsáid na lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú mar atá leagtha amach sa Straitéis "ón bhfeirm go dtí an forc”. Is í an ghné uainíocht na mbarr den chaighdeán seo a éilíonn athrú an bhairr curaíochta uair amháin gach ceithre bliana.
Is í an ghné uainíocht na mbarr den chaighdeán seo a spreagann uainíocht i gcás bairr chumhdaigh a d’fhéadfadh a bheith níos feiliúnaí do ghabháltais atá dírithe ar tháirgeadh eorna le haghaidh an tionscail déanta braiche agus driogtha, agus ar ghabháltais níos lú, gabháltais churaíochta ina bhfuil roinnt deacrachtaí agranamaíocha maidir le comhlíonadh na riachtanas uainíochta barr GAEC 7.
Tá buntáistí timpeallachta ag bhaint le héagsúlú barr freisin arb é an dara gné den chaighdeán GAEC seo agus mar chleachtas is féidir leis tacú le córas uainíochta barr.
Beidh díolúine an Éagsúlaithe Barr i bhfeidhm do gach feirmeoir ar a bhfuil oibleagáid in 2024, ach beidh Uainíocht na mBarr i bhfeidhm i gcónaí. Ní mór uainíocht barr a chur i bhfeidhm ar ghabháltais ina bhfuil limistéar curaíochta atá ar chomh-mhéid le nó níos mó ná 10 heicteár a éilíonn ar a laghad dhá chineál bairr le cur ag leibhéal dáileachta thar thréimhse ceithre bliana (2023-2026).