D'fhógair an tAire Hackett ceapadh Vivienne Jupp mar Chathaoirleach Ainmnithe nua de Choillte
- Foilsithe: 14 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Iúil 2024
D'fhógair an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit le haghaidh Úsáid Talún agus Bithéagsúlachta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu gur cheap sí Vivienne Jupp, Uasal mar Chathaoirleach ainmnithe nua de Choillte chun teacht i gcomharbas ar an gCathaoirleach, Bernie Gray, Uasal, atá ag éirí as.
Dúirt an tAire Hackett:
“Tá go leor taithí ag Vivienne, mar chathaoirleach agus mar chomhalta boird d’eagraíochtaí atá ar chomh-mhéid le Coillte a bheag nó a mhór. Ní mór do Choillte leanúint ar aghaidh agus é mar phríomhghníomhaí maidir le seachadadh an bheartais aeráide agus bithéagsúlachta náisiúnta ar feadh na mblianta atá le teacht, agus creidim go mbeidh taithí Vivienne ina hacmhainn mhór i ról Coillte mar fheighlí agus mar bhainisteoir dár n-eastát foraoise náisiúnta de 440,000 heicteár. Ó bhunú an ghnólachta in 1998, forbraíodh mandáid Choillte go suntasach ar feadh na mblianta, agus anois, ní hamháin an é an táirgeoirí is mó adhmaid sa tír, agus is é an táirgeoir is mó spáis caithimh aimsire amuigh in Éirinn agus tugann sé faoi go leor tionscadail athshlánaithe nádúir.”
Agus Vivienne ag labhairt ar a ceapachán, dúirt sí:
“Tá ríméad orm gur ceapadh mé mar Chathaoirleach ainmnithe de Choillte. Tá ról ríthábhachtach ag Coillte chun an iliomad buntáistí d’fhoraoiseacht a chur ar fáil, ní hamháin sa réimse tráchtála ach maidir leis an aeráid, bithéagsúlacht agus caitheamh aimsire. Tréaslaím le Bernie Gray as an gcúnamh ollmhór a thug do Choillte le linn di a bheith ina Cathaoirleach, agus tá sé de rún agam leanúint ar aghaidh leis an méid a bhí idir lámha aici ionas go mbeidh tuilleadh ratha ar Choillte amach anseo.”
Dúirt Imelda Hurley, POF Choillte:
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Vivienne Jupp as a ceapachán mar Chathaoirleach ainmnithe de Choillte. Beidh taithí agus tacaíocht Vivienne fíor-úsáideach agus muid ag obair chun cuspóirí ár bhfíse straitéisí foraoiseachta a chur i bhfeidhm, ag a mbeidh ról lárnach chun cuidiú le hÉirinn a spriocanna ghníomhú ar son na haeráide a bhaint amach. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le Vivienne, agus thar ceann gach duine san eagraíocht, ba mhaith liom gach rath a ghuí uirthi sa ról tábhachtach seo. Ba mhaith liomsa an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach atá ag éirí as a post, Bernie Gray, as an gcúnamh ollmhór a thug sí do Choillte le cúig bliana anuas agus thar ceann gach duine i gCoillte, ba mhaith liom gach rath a ghuí uirthi sa ról tábhachtach seo.
Thug an tAire Hackett ómós don Chathaoirleach atá ag éirí as a post freisin:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bernie Grey as an tiomantas agus dúthracht a thaispeáin sí ina ról mar Chathaoirleach Choillte le cúig bliana anuas. Léirigh Bernie ceannaireacht den chéad scoth agus bhí sí ríthábhachtacha i rath na heagraíochta. Guím gach rath ar Bernie sna blianta seo roimpi.”
DEIREADH
Nótaí d’eagarthóirí
Faoin gCathaoirleach ainmnithe: Vivienne Jupp, Uasal
BEATHAISNÉIS
• Bhí Vivienne Jupp, Uasal ina feidhmeannach sinsearach domhanda in Accenture, gnólacht comhairleachta bainistíochta, ar feadh 12 bhliain.
• Tá taithí shuntasach ag Jupp, Uasal ag leibhéal boird in eagraíochtaí atá thart ar chomh-mhéid le Coillte, lena n áirítear Cathaoirleach an Ghrúpa Córas Iompair Éireann. Tá sí ina Cathaoirleach in Premier Lotteries Ireland faoi láthair chomh maith.
• Is Baitsiléir Tráchtála í Jupp, Uasal, agus Máistir le Staidéir Ghnó agus is ball í den Bhord Emeritus de Scoil Céimithe Michael Smurfit.
• Is ar feadh tréimhse cúig bliana a cheaptar an Cathaoirleach ar Choillte (agus d’fhéadfaí cur leis an tréimhse chéanna) agus rinneadh an ceapachán tar éis próiseas iomaíochta a bhainistigh seirbhísí Bord Stáit de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS).
• Sula ndéanfar an post a dheimhniú go hoifigiúil, tá ceanglas ann (faoi Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú) ina bhfuil sé de chumhacht ag an gComhchoiste um Thamhlaíocht Bia agus na Mara iallach a chur ar Chathaoirleach Ainmneach comhlachta nó gníomhaireachta faoi choimirce an Ranna seo, freastal ar an Roghchoiste seo chun a t(h)osaíochtaí straitéiseacha don ról a phlé.