D’fhógair na hAirí ciste €17.5 milliún atá ar fáil le haghaidh gairm oscailte ar thionscadail na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil faoin téama ginearálta Inbhuanaitheacht Comhshaoil
- Foilsithe: 5 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, gairm oscailte inniu ar thionscadail na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (EIP) faoin téama ginearálta Inbhuanaitheacht Comhshaoil.
Dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:
“Tá lúcháir orm an ciste seo €17.5 milliún a fhógairt le haghaidh gairmeacha ar thionscadail na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil, a bhfuil téama uileghabhálach na hinbhuanaitheachta comhshaoil acu. Ba mhaith linn tograí nuálacha a fheiceáil chun dul i ngleic le cuid de na príomhdhúshláin chomhshaoil atá le sárú ar fheirmeacha na hÉireann faoi láthair. Tá sláinte na hithreach, slabhraí soláthair gairide agus talmhaíocht athghiniúnach i measc na réimsí ina bhfuilimid ag spreagadh tograí, agus tá súil agam go soláthróidh na tionscadail rathúla foghlaim agus cuir chuige is féidir a leathnú amach ar scála i scéimeanna agra-chomhshaoil amach anseo.”
Ag trácht dó ar sheoladh na gairme, dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Tá cuntas teiste suntasach cruthaithe cheana féin ag tionscadail EIP in Éirinn, agus fáiltím roimh an ngairm is déanaí seo mar dheis do ghrúpaí oibriúcháin nua, ina mbeadh feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile páirteach, triail a bhaint as smaointe nua chun inbhuanaitheacht comhshaoil a chur chun cinn ar fheirmeacha na hÉireann. Tá mo Roinn tiomanta do thacú leis an nuálaíocht sa réimse seo, agus leanfaidh sí ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht d’inbhuanaitheacht comhshaoil trí shraith scéimeanna a chuimsíonn ACRES, Feirmeoireacht Orgánach, Limistéir faoi Shrianta Nádúrtha, an Éiciscéim agus TAMS, i measc scéimeanna eile.”
Faoin ngairm reatha seo – an séú ceann faoi Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 – tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara tograí a chur isteach le haghaidh tionscadal chun aghaidh a thabhairt ar raon ábhar faoin gceannteideal leathan Inbhuanaitheacht Comhshaoil, lena n áirítear na nithe seo a leanas:
Cuir chuige nuálacha san fheirmeoireacht le haghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas (ach gan bheith teoranta dó):
o Maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide ar leibhéal na feirme.
o Feirmeoireacht i gceantair chósta.
o Feirmeoireacht laistigh de na hearnálacha orgánacha agus gairneoireachta.
Inbhuanaitheacht bia, slándáil agus ról na slabhraí soláthair gairide.
Talmhaíocht athghiniúnach.
Cosaint agus athnuachan ár n ithreacha agus a n úsáid.
Córais feirmeoireachta inbhuanaithe don diantalmhaíocht ag leibhéil áitiúla agus tírdhreacha.
Cuir chuige nuálacha laistigh den bhithgheilleagar/geilleagar ciorclach ag leibhéal faoi stiúir an phobail áitiúil.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:
“Léirigh an tsamhail EIP go dtí seo an chaoi ar féidir leis an gcur chuige ón mbun aníos i leith na nuálaíochta ar fheirmeacha na hÉireann oibriú, agus go n oibríonn sé. Ag an tráth cinniúnach seo d’fhorbairt beartais san inbhuanaitheacht comhshaoil chun tacú le córais feirmeoireachta fíor-athléimneach, tá lúcháir orm na smaointe a eascróidh as an ngairm is déanaí seo a fheiceáil.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Is comhpháirtíocht é Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíochta a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.
Tá an tionscnamh EIP á chómhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann faoin bPlean Straitéiseach CBT (CSP). Maoineoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara íocaíochtaí le feirmeoirí chomh maith le costais riaracháin na nGrúpaí Oibríochtúla.
Tá raon páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha etc.) ag teacht le chéile i ngrúpa ar a dtugtar ‘Grúpaí Oibríochtúla’ chun réitigh nuálacha atá forbartha ag na Grúpaí féin a thriail.
Faoi láthair, tá dhá thionscadal suaitheanta EIP ann faoin CSP, is iad sin an EIP ar Chaighdeán an Uisce agus an EIP ar Lapairí Pórúcháin.
Go dtí seo, rinneadh ceithre ghairm eile in 2024 faoina bhfuil tionscadail EIP á bhforbairt faoi láthair, ar na téamaí seo a leanas:
• Sláinte agus Leas Ainmhithe, lena n áirítear muca ar a bhfuil eireabaill shlána a thógáil
• Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht in Éirinn
• Athnuachan ó Ghlúin go Glúin a Chur Chun Cinn ar Fheirmeacha na hÉireann agus
• Úsáid Teicneolaíochtaí Digiteacha ar Fheirmeacha na hÉireann a Chothú
Díreoidh Gairm 6 ar théama ginearálta na hInbhuanaitheachta Comhshaoil san fheirmeoireacht. Maoineofar gach ceann de na tionscadail roghnaithe ar feadh tréimhse idir trí agus cúig bliana, agus beidh leithdháileadh buiséid uasta €1,750,000 in aghaidh an tionscadail i gceist.
Áireofar an méid seo a leanas i dtéama leathan na hInbhuanaitheachta Comhshaoil:
Cuir chuige nuálacha san fheirmeoireacht le haghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas (ach gan bheith teoranta dó):
o Maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide ar leibhéal na feirme.
o Feirmeoireacht i gceantair chósta.
o Feirmeoireacht laistigh de na hearnálacha orgánacha agus gairneoireachta.
Inbhuanaitheacht bia, slándáil agus ról na slabhraí soláthair gairide.
Talmhaíocht Athghiniúnach.
Cosaint agus athnuachan ár n ithreacha agus a n úsáid.
Córais feirmeoireachta inbhuanaithe don diantalmhaíocht ag leibhéil áitiúla agus tírdhreacha.
Cuir chuige nuálacha laistigh den bhithgheilleagar/geilleagar ciorclach ag leibhéal faoi stiúir an phobail áitiúil.
Is féidir teacht ar eolas breise faoin tionscnamh Comhpháirtíocht Eorpach um Nuáil agus na treoirlínte do Ghairm 6 - Inbhuanaitheacht Comhshaoil, ar shuíomh gréasáin na Roinne, ag gov.ie – Scéim na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil.
Is é an dáta deiridh don Ghairm Léirithe Spéise seo ná 5i.n. Dé Máirt, an 10 Nollaig 2024.