Doyle – Crann Nollag Ceart an Rogha Nádúrtha
- Foilsithe: 6 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2020
Mhol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. do dhaoine crann Nollag Éireannach ceart a cheannach i mbliana agus é ar cuairt ar Wicklow Way Christmas Tree Farm mhuintir Kinlan.
Baintear agus gearrtar thart ar 650,000 crann Nollag Éireannach gach bliain, díoltar 450,000 díobh anseo sa bhaile agus easpórtáiltear thart ar 200,000 thar lear, go dtí an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin den chuid is mó. Cuireann an tionscal €25 milliún le geilleagar na hÉireann.
Tógann sé 7-10 mbliana crann Nollag maith agus ar ardchaighdeán a fhás, a dúirt an Aire "tá feabhas suntasach tagtha ar chaighdeán na gcrann Nollag a fhástar in Éirinn le blianta beaga anuas. Is de bharr an méadú atá tagtha ar shaineolas a chuirtear i bhfeidhm i mbainistiú agus i réiteach na gcrann do chustaiméirí grinne atá an feabhas seo. Tá an feabhas seo á éascú ag Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt mo Roinne agus mholfainn do shaothróirí crann Nollag smaoineamh ar chur isteach ar Scéim 2020.
Tugtar cúnamh faoin scéim do shaothróirí ar mhaith leo infheistíocht caipitil a dhéanamh i dtrealamh speisialaithe chun an barr a bhainistiú agus a bhaint. Is iad na infheistíochtaí a bhfuil tóir orthu faoin Scéim ná prúnairí crann speisialaithe, gairis chun eangach a chur ar na crainn agus pailléid chun caighdeán na gcrann a chosaint agus chun iad a iompar go héifeachtúil. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim anois agus is féidir sonraí na scéime a fháil anseo nó ón Rannóg um Ghairneoireacht agus Sláinte Plandaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, An Foirgneamh Riaracháin, Campas Bhacastún, Crois an tSiúnaigh, Cill Droichid, Co. Chill Dara, W23 X3PH Teil: 01 5058886.
Is é an 17 Eanáir 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar scéim 2020.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire "Cuireann crann ceart eispéireas Nollag níos fearr ar fáil sa bhaile, tá sé níos fearr don timpeallacht, tá lorg carbóin níos ísle i gceist ná mar a bhíonn i gceist le crann saorga agus tá daoine a cheannaíonn crann Éireannach ag tacú le poist i gceantair thuaithe na hÉireann. Crann Nollag ceart an rogha nádúrtha."
Nótaí d'eagarthóirí
Is le muintir Kinlan ón Tóchar, Contae Chill Mhantáin Wicklow Way Christmas Tree Farm agus tá siad á rith le hos cionn 30 bliain. Iar-fheirmeoir caorach é Séamus Kinlan a thosaigh an gnó nuair a thosaigh sé ag cur crann Nollag ar thailte imeallacha d'fhonn a fhiontar feirmeoireachta a éagsúlú.
Is é mac Shéamuis, Tony a bhainistíonn an comhlacht inniu cé gurb é Séamus "an fear ar an talamh" fós agus cúram air an fheirm a rith air ó lá go lá. Idir an bheirt acu bainistíonn said a bhfeirm crann Nollaig 12 Ha ina bhfásann siad 40,000 giúis mhaorga agus giúis Nordmann. Díoltar an chuid is mó de na crainn seo trí láithreáin mhiondíola chuig margadh Bhaile Átha Cliath ach easpórtálann siad crainn chuig an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír chomh maith. Tugann siad an deis don phobal cuairt a thabhairt ar an bhfeirm agus a gcrann Nollag iontach féin a roghnú.
CRÍOCH

