EIP/faoi threoir áitiúil in Éirinn seolta ag an Aire Creed
- Foilsithe: 17 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2020
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, taispeántas agus foilseachán inniu ina leagtar béim ar an réimse leathan tionscadal atáthar ina mbun faoi scéimeanna EIP/faoi threoir áitiúil in Éirinn na Roinne. Tá an DAFM le €59m a infheistiú i 23 de na cineálacha nua scéimeanna seo. Bhí an seoladh ar siúl i dTeach na Talmhaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath agus tá sé leagtha amach chun an nuálaíocht a rabhthas ina bun sna 23 scéim a roghnaíodh ó ar fud na tíre a chur os comhair an phobail.
Dúirt an tAire Creed ag an seoladh:
"Táimid tiomanta do chóras talmhaíochta inbhuanaithe a bhfuil meas aige ar an timpeallacht a fhorbairt. Tá earnáil na talmhaíochta meáite ar a cuid féin a dhéanamh chun freagra a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn a bhaineann le cúrsaí aeráide, cáilíocht uisce agus leis an mbithéagsúlacht. Táimid chun €59m a infheistiú sna scéimeanna faoi threoir áitiúil seo chun na spriocanna sin a bhaint amach ag an leibhéal áitiúil trí chuir chuige nuálacha nua a spreagadh agus a fhorbairt le dul i ngleic le dúshláin timpeallachta ar bhealach spriocdhírithe. Is féidir leis an gcur chuige spriocdhírithe ar dhúshláin shonracha i réimsí sonracha cur leis na scéimeanna agra-chomhshaoil náisiúnta níos mó atá againn."
Leagtar béim sa taispeántas ar an obair éagsúil a ndeachaigh grúpaí Tionscadail EIP ina bun lena n-áirítear tionscadail ar bhithéagsúlacht, táirgeadh orgánach, pailneoirí, cáilíocht uisce, bainistiú tuilte, ithreacha, feirmeoireacht i dtírdhreach seandálaíochta agus díriú ar bhithmhais talmhaíochta nach bhfuil in úsáid.
Is féidir leis an bpobal an taispeántas a fheiceáil i dTeach na Talmhaíochta sula gcuirfear ar taispeántas in oifigí DAFM eile é ar fud na tíre. Nuair a bheidh an taispeántas i mBaile Átha Cliath thart, cuirfear an taispeántas ar siúl in oifig na Roinne in Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach i Loch Garman.
Mar focal scoir dúirt an tAire:
"Tá na buntáistí a bhaineann le scéimeanna faoi threoir áitiúil soiléir, agus tosaíonn na buntáistí sin ag céim an dearaidh. Is ag an gcéim sin a dtagann feirmeoirí, lucht taighde, eolaithe agus comhairleoirí le chéile i nGrúpaí Oibriúcháin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist áitiúil shonraithe a bhaineann leis an timpeallacht. Tá an 23 thionscadal deiridh atá roghnaithe ar an gcaighdeán is airde agus bhí an próiseas roghnaithe thar a bheith dian. Anois agus na tionscadail sin i mbun oibriúcháin, táimid ag iarraidh an nuálaíocht a bhain leo a chur os comhair lucht spéise níos mó. Níl aon dabht ann ach go mbeidh cur i bhfeidhm níos leithne i gceist de bharr na gceachtanna a foghlaimíodh le linn an phróisis seo, gan trácht ar an leagan amach a bheidh ar an gcéad CAP eile."
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Is beart nua comhoibre faoi Airteagal 35(1) den rialachán é Tionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa (EIP) faoin gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020 (RDP). Faoi na scéimeanna faoi threoir áitiúil seo, cuirtear réitigh áitiúla ar shaincheisteanna áirithe chun cinn agus déantar Grúpaí Oibriúcháin a bhunú chun smaointe a fhorbairt, nó smaointe/taighde atá ann cheana a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm trí a bheith praiticiúil maidir le hoibriú i dtreo réiteach a fháil ar fhadhb phraiticiúil.
Is iad an Dr Shane Conway, an Dr Maura Farrell agus an Dr Aisling Murtagh as OÉ Gaillimh a leag amach an leabhrán EIP-ARGI thar ceann na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Líonra Náisiúnta Tuaithe.
Cuireadh tús le Glao 1 de phróiseas iomaíoch an EIP i mí na Nollag 2016 nuair a tionóladh glao oscailte ar dtús chun smaointe a fháil agus tugadh cuireadh do dhaoine tograí a chur isteach. Eisíodh Glao 2 faoin tionscnamh seo i mí Lúnasa 2017. I ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na tograí sin, roghnaíodh 21 thionscadal.
Ina theannta sin, tá dhá mhórthionscadal faoin tionscnamh EIP i gceist a bhaineann le speicis atá i mbaol - scéim Chromán na gCearc (ar fiú €10m í) agus clár an Diúilicín Péarla (ar fiú €25m é).
Is féidir eolas faoi thionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta na hEorpa a fháil ar láithreán gréasán na Roinne nó trí ríomhphost a sheoladh chuig eip@agriculture.gov.ie
Is féidir teacht ar an nasc chuig an bhfoilseachán a seoladh inniu anseo.
Is liosta iomlán é seo a leanas de na 23 EIP:
- Tionscadal Chromán na gCearc
- Tionscadal an Diúilicín Péarla
- Tionscadal Allow – Feirmeoireacht Dhúiche Ealla d'Abhantraí Blue Dot
- Athghiniúint na Bithéagsúlachta i dTimpeallacht Déiríochta (BRIDE)
- Bithmhais go dtí Bithghualach do Bhithgheilleagar Feirme (BBFB)
- Biorefinery Glas
- Todhchaí Feirmeoireachta an Staighre Dhuibh
- Caomhnú Árann
- Cúlra Créafóige – Clár Athghiniúna Saothraithe
- Grúpa Feirmeoireachta DANÚ
- Curaíocht Caomhnaithe a Chumasú
- Tionscadal Fheirmeoireacht Ráth Cruachan
- Tionscadal Fheirmeoirí Thalamh Ard Inis Eoghain
- Córais Táirgthe Orgánaigh a Uasmhéadú (MOPS)
- EIP na Maoilchearna
- Scéim Agra-Chomhshaoil faoi Threoir Áitiúil Thuaisceart Chonamara
- Sonraí Ovi
- Pailneoirí Thalamh Feirme a Chosaint
- Clár Taispeántais Small Biogas
- Plean Talmhaíochta Inbhuanaithe do na Cruacha Dubha
- Scéim Agra-Chomhshaoil Inbhuanaithe do Thalamh Ard (SUAS)
- An Crotach Pórúcháin in Éirinn a Chaomhnú
- Scéim Pobal agus Feirmeoireachta Brataí Goirme Dhún Canann