Eisíonn an tAire Heydon meabhrúchán maidir leis an dáta deiridh do Chomhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha (EIP)
- Foilsithe: 20 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Mheabhraigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht do Shábháilteacht ar Fheirmeacha Martin Heydon T.D., inniu do pháirtithe leasmhara gur an 29 Eanáir 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais chéim 1 faoin EIP Sláinte, Sábháilteachta agus Folláine ar an bhFeirm.
Dúirt an tAire Heydon,
"Bhí ríméad orm maoiniú €1 milliún a fháil i mBuiséad 2021 chun tacú le cur chuige nuálach chun aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshlán ar fheirmeacha de chuid na hÉireann. Leis an nglao oscailte seo le haghaidh tograí faoin tsamhail EIP tugtar an deis do pháirtithe leasmhara bealaí nua nuálacha a fhiosrú, agus a thástáil chun dul i ngleic leis na dúshláin seo maidir le sláinte, sábháilteacht agus folláine ar an bhfeirm."
Seoladh Céim 1 de ghlao EIP do thograí maidir le Sláinte, Sábháilteachta agus Folláine ar an bhFeirm i mí na Nollag 2020, agus is Dé hAoine an 29 Eanáir an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Is gá foirm iarratais ghearr a chomhlánú do Chéim 1 ina leagtar amach príomhghnéithe an tionscadail bheartaithe. Is féidir na foirmeacha agus nótaí treorach ar fad a fháil ar https://www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Heydon
"Táimid anois ag meabhrú dóibh siúd a bhfuil suim acu a gcuid pleananna agus smaointe a thabhairt chun cinn gur meán oíche an 29 Eanáir 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais chéim 1. Cuideoidh an tionscnamh iontach seo linn cuir chuige nuálacha a chur i bhfeidhm sa réimse ríthábhachtach seo, fáilteofar roimh gach togra, agus mholfainn do na páirtithe leasmhara go léir a gcuid smaointe a chur ar aghaidh."
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá tionscnamh an EIP cómhaoinithe ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Is éard a bhaineann leis go bunúsach ná réimse páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, NGOnna etc) ag teacht le chéile i ngrúpaí a dtugtar 'Grúpaí Oibríochta' chun triail a bhaint as réitigh nuálacha atá forbartha ag an nGrúpa é féin. Tá réimse leathan Grúpaí Oibríocha EIP ann cheana faoi RDP na hÉireann, ach is é seo an chéad ghlao do mholtaí atá dírithe go sonrach ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar fholláine ar an bhfeirm.
I gCéim 1 , iarrtar ar Ghrúpaí achoimre a thabhairt ar shonraí maidir lena dtogra agus a gcur chuige. Is í seo an chéim a seoladh i mí na Nollag 2020, agus an 29 Eanáir 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Déanfaidh sainchoiste na moltaí gearra seo a mheas agus cuirfear na moltaí a roghnófar i gCéim 1 ar aghaidh chuig Céim 2.
Déanfar na chéad tograí a fhorbairt go mór i gCéim 2 agus ní mór plean sonraithe tionscadail a chur ar aghaidh do gach moladh sa chéim seo - is faoi thionscnaimh EIP a dhéantar forbairt na bpleananna sin a mhaoiniú. Déanfaidh sainchoiste na pleananna sonraithe tionscadail sin a mheas chomh maith agus cuirfear na tionscadail a n-éireoidh leo i bhfeidhm go hiomlán. Tá cur i bhfeidhm na dtionscadal maoinithe chomh maith faoi thionscnamh an EIP.
Is féidir na nótaí treorach agus na foirmeacha iarratais do pháirtithe leasmhara a fháil ar https://www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/
CRÍOCH