Eisíonn an tAire McConalogue foláireamh láidir i gcoinne loscadh tailte neamhdhleathach
- Foilsithe: 1 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 8 Márta 2023
Tá foláireamh éisithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD d'úinéirí talún agus do dhaoine den phobal gan tailte a loscadh go neamhdhleathach le linn an earraigh agus an tsamhraidh.
Dúirt an tAire McConalogue
“le roinnt laethanta anuas, tá eachtraí loiscthe neamhshrianta feicthe againn i gcodanna éagsúla den tír, rud nach amháin a chuireann beathaí agus réadmhaoin i mbaol, ach a bhfuil tionchar ollmhór timpeallachta aige agus a dhéanann damáiste do na tailte de bharr a neamhshrianta is atá na tinte sin.”
“I bhfianaise an bhunriosca tine atá ann san earrach, tá sé tábhachtach nach dtosódh éinne tine neamhdhleathach faoin tuath ar eagla go gcuirfí achmhainní seirbhísí éigeandála ríthábhachtacha ar mhalairt slí gan ghá. Is féidir le falscaithe go déanach san earrach tithe agus slite beatha a chur i mbaol díreach agus a chur isteach go mór ar phobail tuaithe, ar fhiadhúlra agus ar ghnáthóga. Tá an bealach réalaíoch ina bhfuil sé sin ag titim amach inár bpobail tuaithe feicthe againn le blianta beaga.
Tá ról lárnach ag an bpobal feirmeoireachta maidir le tinte a smachtú inár dtírdhreacha trí thailte a bhainistiú. Tá géarghá ann fásra ardriosca (mar fhionnán, fhraoch, agus aiteann) a laghdú agus a choinneáil laghdaithe i limistéir ina bhfuil ardriosca tine chun an baol sin a bhainistiú. Tacaítear le roinnt de na heochairbhearta coisctheacha sin i limistéir aitheanta ardriosca agus léirítear iad go díreach tríd an gréasán de thionscadail CEN atá maoinithe ag mo Roinnse. Iarraimid ar gach úsáideoir tuaithe comhoibriú maidir le falscaithe a chosc agus bheith páirteach i gcosaint na dtailte sin sna míonna romhainn.”
Tá a Córas Rátála Baoil Tine gníomhachtaithe ag an Roinn anois don séasúr agus comhairlíonn an tAire go seiceálfadh úinéirí agus bainisteoirí foraoise a bpleananna tine agus iad a uasdátú mar aon le teagmhais ábhartha eile mar árachas, rochtain, pointí uisce agus conarthaí héileacaptair phríobháidigh srl., le go mbeidís ullamh i bhfad chun cinn ar thréimhsí ardriosa tine.
Ba chóir do lucht tuaithe na rioscaí falscaí dá réadmhaoin a mheas freisin agus ullmhú dá réir. Ba chóir fásra inlasta dainséarach atá suite díreach thart faoi thithe agus áiseanna eile i limistéir ardriosca a bhaint.
Tá ardú an-suntasach tagtha ar an úsáid a bhaineann an pobal as áiseanna faoin aer agus suíomhanna fóillíochta foraoise le blianta beaga agus is dea-scéala é sin. Cuirtear i gcuimhne do chuairteoirí foraoise bheith freagrach, cloí le fodhlíthe ábhartha áitiúla agus páirceáil go tuisceanach ar bhealach nach gcuireann bac ar fheithiclí éigeandála dul isteach ar eachtraí.
Tá nasc fíorláidir le blianta beaga idir adhaint falscaithe agus dumpáil agus dó dramhaíl tí mhídhleathach in go leor ceantar, agus dó mailíseach ag suíomhanna áiseanna foraoise agus portaigh mhóna atá ar oscailt don phobal. Iarrann an Roinn ar gach úsáideoir tuaithe bheith airdeallach, aon ghníomhaíocht amhrasta a thuairisciú don Gharda Síochána, agus aon tinte neamhshrianta nó nach bhfuil aon duine á fhaire a thuairisciú láithreach do na Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála tríd an tseirbhís 112/999.
Tá an Roinn ag eisiúint meabhrúcháin do gach úinéir talún maidir le loscadh tailte talmhaíochta neamhdhleathach. Cuireadh isteach ar líon suntasach íocaíochtaí mar thoradh ar loscadh neamhdhleathach a bheith braite le linn shéasúr tinte 2022. Déanann an Roinn monatóireacht ar ghníomhaíocht tinte tríd an príomhthréimhse riosca ar fad, agus is féidir go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann má fhaightear gur loscadh tailte go neamhdhleathach.
Meabhraíonn an Roinn d’fheirmeoirí agus d'úinéirí talún go gcríochnóidh an díolúine do loscadh dramhaíola glaise talmhaíochta, an 1 Márta 2023. Atosófar an díolúine ar feadh tréimhse dheiridh trí mhí ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 30 Samhain 2023 d'fhonn ligean d'earnáil na talmhaíochta déileáil leis an dramhaíl atá bailithe idir an dá linn. Áirítear leis an dramhaíl ghlas talmhaíochta seo gearrthóga fáil, duilleoga agus toim neamhchóireáilte/neamhéillithe, nó ábhair cosúil leis sin a tháirgtear i gcleachtais talmhaíochta.
Má loisceann tú tailte idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa:
- Tá riosca ann go ndéanfar tú a ionchúiseamh, a fhíneáil nó a chur i bpríosún seans
- Ní bheidh an talamh sin incháilithe le híoc a thuilleadh faoin Scéim Tacaíochta Bunúsaí Ioncaim i dTaobh na hInbhuanaitheachta ná faoi scéimeanna limistéarbhunaithe eile.
- D’fhéadfadh laghdú íocaíochta agus pionóis faoin scéim agus faoi na scéimeanna eile limistéarbhunaithe, m.sh. an Scéim um Limistéir a bhFuil Srianta Nádúrtha ag Bagairt Orthu, a bheith mar thoradh ar thalamh a bheith loiscthe go mídhleathach agus a bheith áirithe in iarratas faoin Scéim Tacaíochta Bunúsaí Ioncaim i dTaobh na hInbhuanaitheachta 2023;
- Is féidir go bhfágfar go mbeidh talamh do chomharsan neamh-incháilithe le híocaíocht, chomh maith, de bharr loiscthe mhídhleathaigh.
- Sa chás go bhfaightear gur loscadh tailte le linn an tséasúir dhúnta, d’fhéadfadh oifigigh de chuid na Roinne na tailte sin a iniúchadh.
- D'fhéadfaí srianta agus riachtanais toilithe breise a bheith i bhfeidhm má tá baol ann go ndéanfadh gníomhaíochtaí damáiste do Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCS) nó Limistéar Oidhreachta Nádúrtha. Má tá úinéirí talún éiginnte faoina ndualgais dhlíthiúla sna cúrsaí seo, ba chóir dóibh dul i gcomhairle lena Maor Caomhantais SPNF áitiúil roimh ré.
Ar a bharr sin, má loisceann tú tailte ar bhealach neamhshrianta idir an 1 Meán Fómhair agus an 28 Feabhra, déanfaidh an RTBM meas go bhfuil na tailte sin neamh-incháilithe d'íocaíocht.
Dúirt an tAire
“Is bagairt inchoiscthe go maith atá sna falscaithe dár gcnoic, bportaigh agus ngnáthóga.". Ní mór do gach duine a c(h)ion a dhéanamh i dtacú lenár seirbhísí éigeandála agus i gcinntiú nach gcuirtear iad ar mhalairt slí gan ghá. Ba cheart d'úinéirí talún agus don phobal trí chéile, bíodh siad ag obair nó ag baint taitneamh as an tuath, bheith aireach ar na rioscaí suntasacha tinte an tráth seo bliana agus fios a bheith acu faoin damáiste do thailte agus do ghnáthóga a chothaíonn an loscadh neamhdhleathach.”
Nótaí d'Eagarthóirí
Leagtar amach ceist an loiscthe tailte faoi Théarmaí agus Coinníollacha BISS 2023 mar seo a leanas:
Loscadh Fásra atá ag Fás
Is cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, arna leasú leis an Acht um Fhiadhúlra (Leasú), 2000, aon fhásra atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil á shaothrú ag an am sin a dhó idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa, aon bhliain.
Ní mór go mbeifeá ar an eolas faoi bhacanna dlíthiúla eile agus oibríocht loiscthe srianta á pleanáil agat:
- Is cion é faoi Alt 39 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, (arna leasú), aon fhásra atá i bhfoisceacht míle amháin de choill a loscadh, gan na Gardaí agus úinéir na coille a chur ar an eolas roimh ré.
- Faoi Alt 74 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, (arna leasú), má bíonn duine ciontach i gcion cuirfear fíneáil nach mó ná £50,000 (€63,490) air nó uirthi nó téarma príosúin nach mó ná 2 bhliain, nó fíneáil agus téarma príosúin araon.
Má bheirtear ar dhuine ag dó an fhásra laistigh den tréimhse thoirmiscthe sin, beidh sé faoi dhliteanas go ndéanfadh an Garda Síochána nó an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) é a ionchúiseamh. Níl aon ról ag an RTBM maidir le hionchúisimh.
Is féidir na rabhaidh thine a fháil ag: www.gov.ie/en/publication/01773-fire-management/ agus tá sonraí Aimsire Dóiteáin ar fáil ó www.met.ie/forecasts/farming/graphs/Fire-weather-index