Eisíonn an tAire McConalogue glaoch ar smaointe le Dramhbhia a laghdú
- Foilsithe: 27 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’eisigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., gairm ar mholtaí do Thionscnaimh Laghdaithe Dramhbhia.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Ceann de na réitigh is éifeachtaí i dtaobh ár spriocanna domhanda aeráide a chomhrac is ea dramhbhia a chomhrac. Déanann sé maitheas don chomhshaol agus sábhálann sé airgead ar an bpóca. Baineann an ghairm, atá á déanamh faoi Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe 2023, le seirbhísí a sholáthar chun tacú le tionscadail laghdaithe dramhbhia atá in ainm is dramhbhia a laghdú a chruthaíonn táirgeoirí tosaigh agus gnólachtaí bia i gceantair thuaithe. Tá mar chuspóir ag an scéim seo rud atá ina shaincheist mhór ní hamháin anseo in Éirinn, ach go domhanda, a shainaithint, díriú air agus dul i ngleic leis. Cruthaítear breis agus 1 milliún tonna de dhramhbhia gach bliain in Éirinn. Níl an dara rogha againn ach dul i ngleic leis seo.”
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Rachaidh an ghairm seo ar thograí i ngleic le cuspóir foriomlán an Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe chun fuinneamh a chur sa gheilleagar tuaithe trí chruthú post nuálach agus forbairt fiontraíochta inbhuanaithe a spreagadh. Tagann an cistiú a sholáthraítear faoin tionscnamh seo le go leor de na spriocanna i straitéis uaillmhianach mo Roinne d’Fhís don Bhia 2030 de chuid na hearnála agraibhia. Is tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh go dtacaímid leis na tionscnaimh thábhachtacha seo agus go gcuirimid chun cinn iad.”
Seo a leanas an cistiú iomlán atá ar fáil:
- €180,000 do thograí a bhaineann le tionscadail nuálacha laghdaithe dramhbhia a chur chun cinn agus/nó a fhorbairt atá in ainm is dramhbhia a laghdú a chruthaítear i gceantair thuaithe. Bronnfar cistiú ar bhonn iomaíoch.
Cuireadh cistiú ar fáil in 2022 do na tionscadail rathúla seo a leanas:
- An tIonad Teicneolaíochta Glaine ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan – forbairt agus tabhairt isteach leanúnach an Chláir Savour Food
- Néal Bia – Tionscadal Diasraithe Úll FoodCloud.
- Bia a Shábháil (Foodie Save) – déanann seo aip mhóibíleach a fhorbairt agus a fhairsingiú níos mó a cheadaíonn gnólachtaí san earnáil bhia tráchtála an fuílleach bia nár dhíol siad faoi dheireadh an lae gnó a dhíol agus dramhbhia a laghdú dá bharr.
- Comhairle Contae Cheatharlach – an clár nua “Optimization+” a sholáthar a thugann tacaíochtaí le chéile do FBManna san Earnáil Bhia, Dí agus Fáilteachais chun samhail éifeachtach gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt don bhealach a chaitheann siad le bia agus dramhbhia
Tá eolas breise maidir leis an tionscnamh seo, anuas ar an bhfoirm iarratais, ar fáil anseo: Food Waste Reduction Scheme
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil 12 meán lae an 23 Márta 2023.
Nótaí don eagarthóir
An Treochlár um Chosc ar Dhramhbhia
Is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an phríomh-Roinn rialtais i dtaobh Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia na hÉireann a fhorbairt, agus i dtaobh a chur i bhfeidhm a chomhordú agus a athbhreithniú. Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an phríomh-Roinn rialtais do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12.3 na NA. Tá an dá Roinn tiomanta d’oibriú go dlúth le chéile le tabhairt faoi laghduithe uaillmhianacha caillteanais bia agus dramhbhia a chuireann go héifeachtach leis an treochlár a chur i bhfeidhm.
Áirítear leis an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025:
- comhthéacs ar dhramhbhia agus ar ghnéithe den slabhra soláthair bia a chuirtear san áireamh sa treochlár
- conas a bhunóidh Éire a sonraí bonnlíne náisiúnta maidir le dramhbhia óna mbainfimid laghdú 50% amach faoin mbliain 2030
- an cur chuige i leith garspriocanna agus spriocanna eatramhacha ar an mbealach go dtí sprioc 2030
- conas a chinnteoimid go mbeidh córas daingean náisiúnta ann le haghaidh dramhbhia agus oibleagáidí tuairiscithe na hÉireann agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÉireann i dtaobh a ghealltanais a shásamh i leith na NA agus an AE sna deich mbliana amach romhainn
- tiomantas d’oibriú as lámh a chéile, feabhas a chur ar dhramhbhia a thomhas, agus príomhghníomhartha tosaíochta a shainaithint agus a chur i bhfeidhm feadh an tslabhra soláthair chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar ghealltanais na hÉireann maidir le caillteanas bia agus cosc a chur ar dhramhbhia
- an cur chuige i leith dramhbhia a scaradh, bia a sholáthar mar thabhartas agus a athdháileadh, ról an taighde agus na nuálaíochta, agus soláthar poiblí glas maidir le dramhbhia a chosc
- tiomantas do chumarsáid agus feasacht inbhuanaithe a sholáthar maidir le dramhbhia a chosc agus a scaradh
- conas a bhunóimid creat monatóireachta agus measúnaithe le dul chun cinn a sheiceáil ar phríomhghníomhaíochtaí agus an Treochlár a nuashonrú dá réir
Glacfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) le príomhról oibríochtúil i dtaobh príomhghníomhartha sa treochlár a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcomhthéacs a bhfreagrachta leanúnaí i dtaobh Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia na hÉireann agus tuairisciú bliantúil ar staitisticí náisiúnta dramhbhia na hÉireann.