English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Eisíonn an tAire McConalogue glaoch ar thionscnaimh laghdaithe Dramhaíola Bia

Tá glaoch eisithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., ar thograí do thionscnaimh laghdaithe dramhaíola bia faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe (CFNT).

Dúirt an tAire McConalogue

“Cuidíonn an glaoch ar thograí seo linn dul i ngleic le cuspóir foriomlán an CFNT chun fuinneamh a thabhairt don gheilleagar tuaithe trí jabchruthúchán nuálach agus forbairt fiontraíochta inbhuanaithe a spreagadh. Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin gclár seo ar aon dul le go leor de na spriocanna i straitéis uaillmhianach mo Roinne d'Fhís an Bhia 2030 de chuid na hearnála agraibhia. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go dtugaimid tacaíocht do thionscnaimh thábhachtacha amhail iad siúd a théann i ngleic le cur amú bia agus go gcuirimid chun cinn iad mar d'fhéadfaidís a bheith mar chuid de na réitigh a theastaíonn uainn chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Cruthaíonn Éire os cionn 1 milliún tonna de dhramhaíl bia gach bliain agus mar sin ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo.”

Baineann an glaoch ar thograí, a thagann faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2024, le soláthar seirbhísí chun tacú le tionscadail laghdaithe dramhaíola bia atá deartha chun an dramhaíl bhia a chruthaíonn príomhtháirgeoirí agus gnólachtaí bia i gceantair thuaithe a laghdú. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo saincheist mhór a aithint, díriú uirthi agus aghaidh a thabhairt uirthi, ní hamháin anseo in Éirinn ach timpeall an domhain.

Tá an maoiniú iomlán atá ar fáil mar seo a leanas:

• €165,000 le haghaidh tograí a bhaineann le cur chun cinn agus/nó forbairt tionscadal nuálach laghdaithe dramhaíola bia atá deartha chun dramhaíl bhia a chruthaítear i gceantair thuaithe a laghdú. Tabharfar maoiniú ar bhonn iomaíoch.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an tionscnamh seo mar aon leis an bhfoirm iarratais ar fáil anseo: gov.ie - Scéim Laghdaithe Dramhaíola Bia (www.gov.ie)

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná 12 meán lae, an 22 Márta 2024.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Treochlár um Chosc ar Dhramhaíl Bhia

Is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an phríomhroinn rialtais maidir le Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhaíl Bhia a fhorbairt, chomh maith le comhordú agus athbhreithniú an treochláir a chur i bhfeidhm. Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an phríomhroinn rialtais maidir le SFI12.3 na NA. Tá an dá Roinn tiomanta d'oibriú go dlúth le chéile chun dul sa tóir ar laghduithe uaillmhianacha ar chaillteanas bia agus ar dhramhaíl bhia a chuireann go héifeachtach le cur i bhfeidhm an treochláir.

Cuireann an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia 2023-2025 an méid seo a leanas san áireamh:

• an comhthéacs maidir le dramhaíl bhia agus cad iad na comhpháirteanna de shlabhra an tsoláthair bia atá san áireamh sa treochlár

• conas a bhunóidh Éire a sonraí bonnlíne náisiúnta ar dhramhaíl bhia as a mbainfimid laghdú 50% faoi 2030

• an cur chuige maidir le garspriocanna agus spriocanna eatramhacha agus an sprioc 2030 sin ag teannadh linn

• conas a chinnteoimid go mbunófar córas láidir náisiúnta chun dramhaíl bhia a thomhas agus a thuairisciú chun oibleagáidí tuairiscithe na hÉireann a chomhlíonadh agus chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÉireann maidir lena gealltanais NA agus AE a chomhlíonadh thar na deich mbliana atá romhainn

• tiomantas chun oibriú le chéile, feabhas a chur ar thomhas dramhaíola bia, agus príomhghníomhartha tosaíochta a aithint agus a chur i bhfeidhm feadh shlabhra an tsoláthair bia chun cabhrú le gealltanais na hÉireann maidir le caillteanas bia agus cosc ar dhramhaíl bhia a chomhlíonadh

• an cur chuige maidir le deighilt dramhaíola bia, deonú agus athdháileadh bia, ról an taighde agus na nuálaíochta, agus soláthar poiblí glas maidir le dramhaíl bhia a chosc

• gealltanas chun cumarsáid agus feasacht mharthanach a sheachadadh ar chosc agus ar dheighilt dramhaíola bia

• conas a bhunóimid creat monatóireachta agus meastóireachta chun dul chun cinn na bpríomhghníomhaíochtaí a sheiceáil agus an Treochlár a nuashonrú dá réir

Beidh ról lárnach ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) maidir le cur i bhfeidhm na bpríomhghníomhaíochtaí sa treochlár a spreagadh, go háirithe i gcomhthéacs na freagrachta leanúnaí atá orthu maidir le Clár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhaíl Bhia a sheachadadh agus tuairisciú bliantúil ar staitisticí náisiúnta dramhaíola bia na hÉireann