Eolas tábhachtach sábháilteachta don phobal faoi Fhliú Éanúil (Fliú na nÉan)
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Roinn Sláinte Poiblí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Poiblí ag cur béime ar eolas tábhachtach sábháilteachta faoi Fhliú Éanúil (Fliú na nÉan). Tagann an chomhairle seo sna sála ar dheimhniú Fhliú Éanúil A (H5N1) in éin fhiáine farraige ag roinnt áiteanna ar fud na tíre.
Is galar ainmhithe infhógartha é Fliú Éanúil (AI), ar a dtugtar fliú na n-éan go coitianta, agus is galar víreasach an-tógálach é a théann i bhfeidhm ar chóras riospráide, díleá agus / nó néarógach go leor speiceas éan. D'fhéadfadh sé a bheith ina bhagairt do dhaoine agus d'ainmhithe eile i gcúinsí áirithe freisin, ach is annamh a bhíonn na cineálacha ionfhabhtuithe seo ann. Ní bhíonn aon riosca sábháilteachta bia ag baint le feoil éanlaithe agus uibheacha atá cócaráilte i gceart.
Le méadú ag teacht ar líon na gcásanna d'ionfhabhtú éan fiáin a fheictear feadh an chósta, ba cheart do gach coimeádaí éanlaithe agus éan faoi choimeád bearta dian bith-shlándála a chur i bhfeidhm chun an baol go scaipfeadh an galar go héanlaith agus éin faoi choimeád a mhaolú. Ba chóir go mbeadh feirmeoirí éanlaithe agus daoine a choinníonn éin chluiche nó peataí eolach ar chomharthaí fliú na n-éan, agus ba chóir dóibh súil ghéar a choinneáil ar a n-éin le haghaidh comharthaí galair agus aon amhras a thuairisciú dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil.
Moltar don phobal freisin na réamhchúraimí sábháilteachta seo a leanas a ghlacadh:
1. Ná leag lámh ar éin fhiáine atá tinn nó marbh
Tá cásanna daonna den chineál seo den Fhliú Éanúil an-neamhchoitianta. Níor cheart do dhaoine aonair teagmháil a dhéanamh le héin atá tinn ná marbh, áfach.
2. Tuairiscigh radharcanna ar éin fhiáine bhreoite nó mharbha
Is féidir le daoine aon radharc ar éin fhiáine bhreoite nó mharbha a thuairisciú don Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil nó teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag 01 492 8026.
3. Coinnigh peataí amach ó éin fhiáine
Smaoinigh ar pheataí a choinneáil laistigh nó ar iall i gceantair ina mbíonn éin fhiáine.
Míníonn an Dr June Fanning, Leas-Phríomhoifigeach Tréidliachta sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, na rioscaí:
"Tá Fliú Éanúil an-tógálach d'éin. Duine ar bith atá ag taisteal ó cheantar ina bhfuil nó a bhfuil amhras ann go bhfuil fliú na n-éan ann nó ina bhfuarthas éin fhiáine marbh, níor cheart dóibh teacht i dteagmháil le héin éanlaithe nó éin faoi choimeád gan éadaí agus coisbheart a ghlanadh agus a dhíghalrú roimh ré. Tá sé ríthábhachtach go gcoinníonn úinéirí éanlaithe agus coimeádaithe éanlaithe faoi choimeád na caighdeáin is airde bith-shlándála chun a n-éin a chosaint. Is é an bith-shlándáil dhian an beart coisctheach is tábhachtaí fós chun fliú éanúil a choinneáil ó ealtaí éanlaith chlóis agus éan faoi choimeád. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag [external-link https://www.gov.ie/en/publication/50ce4-avian-influenza-bird-flu/?referrer=http://www.gov.ie/birdflu/ | www.gov.ie/birdflu ].”
Tugann an Dr Keith Ian Quintyne, Comhairleoir i Leigheas Sláinte Poiblí, Cosaint Sláinte, Limistéar Sláinte Poiblí FSS breac-chuntas ar na saincheisteanna sláinte daonna:
"Le cúpla seachtain anuas tá sraith cásanna deimhnithe de Fhliú na nÉan (Fliú Éanúil A (H5N1) ) in éin fhiáine farraige ag roinnt áiteanna ar feadh an chósta, agus tuairiscí ó Chontae Lú le déanaí. Táimid ag leanúint orainn ag obair leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun monatóireacht a dhéanamh ar na cásanna.
"Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaimid gach ar féidir linn chun daoine a chosaint tar éis aithint Fliú na nÉan sa réigiún. Tá a fhios againn go bhfuil imní ar dhaoine faoi leas na n-éan fiáin, ach tá sé tábhachtach nach leagtar lámh le héin fhiáine atá ionfhabhtaithe nó marbh, agus má aimsíonn tú éan fiáin marbh, [external-link https://www.gov.ie/en/publication/50ce4-avian-influenza-bird-flu/#what-you-should-do-if-you-see-a-sick-or-dead-wild-bird | lean an treoir ]. Go dtí seo, níor tuairiscíodh aon chás daonna ionfhabhtaithe in Éirinn ná san AE. Cé go bhfuil an baol do shláinte an duine an-íseal, tuairiscítear cásanna daonna go tréimhsiúil ón tSín, agus d'aithin an Ríocht Aontaithe cás daonna amháin den fhliú éanúil le déanaí. San áit ar tharla galar daonna, is gnách go mbíonn sé éadrom. Mar sin féin, d'fhéadfadh daoine scothaosta agus othair leochaileacha a bhfuil imdhíonadh orthu a bheith i mbaol níos mó galar níos déine a fhorbairt."
Staid Reatha:
Tá beagnach 60 éan fiáin le Fliú Éanúil A (H5N1) aimsithe go náisiúnta ar feadh an chósta. Is féidir le linn na tréimhse seo go bhfaighfear amach go bhfuair tuilleadh imirce d'éin fhiáine bás den Fhliú Éanúil. Meastar, áfach, go bhfuil an baol ann do shláinte an phobail an-íseal.
Cad ba cheart dom a dhéanamh má aimsím éan fiáin marbh?
Cé go raibh líon mór éan mara fiáine aimsithe le Fliú Éanúil A (H5N1) timpeall an chósta, tá sé tábhachtach a mheabhrú nach mbeidh baint ag formhór mór na mbásanna éan fiáine in Éirinn le Fliú na nÉan, bunaithe ar eolas ó ghníomhaíochtaí faireachais. Mar sin féin, ba cheart duit gnáthchúraimí a leanúint chun aon rioscaí eile do do shláinte a chosc, tríd an gcomhairle thíos a leanúint faoi theagmháil le speicis éanúla, cleití éan, agus dramhaíl éan:
- Ná pioc suas ná leag lámh ar éin atá tinn, ag fáil bháis nó éanlaith mharbh ná éin fhiáine, agus coinnigh aon pheataí uathu
- Seachain teagmháil le dromchlaí éillithe le faecas éan
- Seachain cleití éan neamhchóireáilte (mar shampla iad siúd atá le fáil sa timpeallacht) agus dramhaíl éan eile
- Coinnigh sláinteachas maith pearsanta le níochán lámh rialta le gallúnach agus úsáid ungadh láimhe alcól-bhunaithe
Má aimsíonn tú éan uisce marbh (lachain, géanna nó ealaí) nó éin fhiáine mharbha eile, ba chóir duit iad a thuairisciú do: An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag 01 492 8026.