Fáiltíonn an tAire Mc Conalogue roimh fheachtas de chuid an AE chun táirgí an AE a Chur Chun Cinn
- Foilsithe: 1 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD fáilte inniu roimh ghlao 2022 ar fheachtais chur chun cinn do thairgí talmhaíochta an AE faoi rialacháin cur chun cinn an AE. Tá na glaonna oscailte do raon leathan comhlachtaí, amhail comhlachtaí trádála, eagraíochtaí táirgeoirí agus grúpaí agraibhia atá freagrach as gníomhaíochtaí cur chun cinn.
Tá €185.9 milliún san iomlán i gcistí an AE ar fáil le haghaidh feachtais chur chun cinn.
Dúirt an tAire McConalogue
“Is ciste an-iomaíoch é seo le cómhaoiniú AE de 70-85% ar fáil do ghrúpaí rathúla atá dírithe ar mhargaí nua a aimsiú agus táirgí agraibhia de chuid an AE a chur chun cinn ar mhargaí triú tír nó laistigh den AE, agus tá earnáil na tionsclaíochta ag maoiniú an fhuílligh.”
Dúirt sé freisin
“Tá sé mar aidhm ag feachtais den sórt seo béim a chur ar na caighdeáin arda sábháilteachta agus cáilíochta de tháirgí agraibhia an AE, a n-éagsúlacht agus a ngnéithe traidisiúnta.”
Mar a bhí i 2021, dírítear ar tháirgí agus ar mhodhanna a chur chun cinn a thacaíonn le haidhmeanna bheartais níos leithne an AE amhail an Margadh Glas agus Straitéis Feirm go Forc an AE.
Ba chóir iarratais a chur isteach faoin 21ú Aibreán 2022 go díreach chuig REA, gníomhaireacht de chuid an AE atá i gceannas ar an nglao trí thairseach leictreonach tiomnaithe. Tar éis próiseas meastóireachta ag REA, glacfar cinneadh ón gCoimisiún i bhFómhar 2022 maidir le tograí a bheidh le maoiniú. Cuirfear tús leis na cláir seo i 2023.
Tá eolas mionsonraithe ar fáil ag www.agriculture.gov.ie
Nótaí don Eagarthóir:
Tá gach táirge talmhaíochta (mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Chonradh an Aontais Eorpaigh) incháilithe faoi réir na rialacha incháilitheachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014
Ní mór do dhaoine/eagraíochtaí ar mian leo iarratais a chur isteach critéir incháilitheachta a chomhlíonadh lena n-áirítear iad siúd a shonraítear in Airteagal 7(1)(a), (c), nó (d) de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 nó Airteagail 1(1) nó 1(2) de Rialachán Tairmligthe ón gCoimisiún (AE) 2015/1829.
CRÍOCH