Fáiltíonn an tAire McConalogue agus an tAire Ryan roimh fhoilsiú na Straitéise Náisiúnta Bithmheatáin
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin inniu. Is í an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin an chéad mhór ráiteas beartais in Éirinn maidir le bithmheatán agus is cloch mhíle thábhachtach í le hearnáil dhúchasach a fhorbairt.
Is é is príomhchuspóir na Straitéise Náisiúnta Bithmheatáin tacú le seachadadh na sprice uaillmhianaí de suas le 5.7 Teireavatuair (TWh) de bhithmheatán a tháirgeadh in Éirinn faoi 2030, atá leagtha síos ag an Rialtas mar chuid dá Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Is ionann an sprioc seo agus 10% d'úsáid reatha an gháis iontaise, ach ardóidh sé seo go dtí os cionn 50% dár n-úsáid faoi lár 2030 agus muid ag aistriú ár ngeilleagar chuig leictriúchán in ionad an gháis.
Ag trácht dó ar an straitéis, dúirt an tAire McConalogue:
“Beidh feirmeoirí lárnach i dtáirgeadh na foinse in-athnuaite fuinnimh seo, agus chuige sin beidh siad an-tábhachtach i ndícharbónú ár gcóras fuinnimh trí thionscal bithmheatáin inbhuanaithe a fhorbairt. Fáiltím roimh sheoladh na straitéise tábhachtaí seo a sainaithníodh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide (CBT) mar an chéad phríomhchéim chun sprioc 5.7 Teireavatuair de tháirgeadh fuinnimh a bhaint amach trí bhithmheatán faoi 2030. Tá sé seo ag teacht leis na tosaíochtaí atá san earnáil talmhaíochta chun táirgeadh bia, fuinneamh in-athnuaite agus laghdú astaíochtaí a nascadh le chéile.”
Dúirt an tAire freisin
“Ó thaobh na Talmhaíochta de, sainaithníodh buntáistí soiléire ó thaobh cur le spriocanna fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach agus roghanna malartacha úsáide talún a sholáthar d'fheirmeoirí tríd an taighde agus tríd an gcomhairliúchán a rinneadh agus an straitéis seo á cur le chéile. Chomh maith le deiseanna ar mhaithe le hioncam feirme agus roghanna éagsúlaithe úsáide talún d'fheirmeoirí, léiríonn an tionscal anaeróbach bealach d'fheirmeoirí freisin chun úsáid leasacháin a laghdú trí infhaighteacht mhéadaithe díleáiteáin a mbeidh impleachtaí dearfacha aige sin freisin maidir leis an athrú aeráide.”
Leagtar cúig phríomhghníomhaíocht straitéiseach is fiche amach sa straitéis Náisiúnta Bithmheatáin atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna don tionscal agus beidh cur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí seo mar spreagadh d’fhás ar fud an tionscail bhithmheatáin. Cuid lárnach den Straitéis is ea táirgeadh inbhuanaithe agus beidh Cairt Inbhuanaitheachta Bithmheatáin a fhorbairt ar cheann de na gníomhaíochtaí luatha chun seachadadh a chinntiú. Tacóidh an Chairt le tionscal bithmheatáin agra-threoraithe, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar spriocanna bunaithe maidir le seirbhísí uisce, ithreach, bithéagsúlachta agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú agus cosaint a thabhairt ar aon iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe.
Dúirt an tAire Ryan
“Is céim bheartais mhionsonraithe eile é foilsiú na Straitéise Náisiúnta Bithmheatáin i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach. Déantar soláthar ann d'ioncam éagsúil breise agus malartach ón earnáil fuinnimh isteach san earnáil talmhaíochta, anuas ar scéim na taraife dreasachta ar sholáthar fuinnimh in athnuaite a seoladh an tseachtain seo caite. Socraíonn sí ár n-aistear níos mó le bheith inár sochaí ísealcharbóin, agus neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050. Cuideoidh forbairt earnála dúchasachaí bithmheatáin inbhuanaithe lenár spleáchas ar acmhainní neamh-inathnuaite agus neamh-inbhuanaithe a laghdú, ag tacóidh leis le tuilleadh éagsúlaithe sa mheascán fuinnimh dúchasaigh. Ní mór dúinn ceachtanna a fhoghlaim ó dhlínsí eile agus a chinntiú go gcuireann an earnáil bhithmheatáin le hathbhunú cháilíocht an uisce agus go bhfeabhsaíonn sí an bhithéagsúlacht tríd an gcairt inbhuanaitheachta.”
Tá Éire in áit uathúil chun tionscal bithmheatáin inbhuanaithe a fhorbairt mar gheall ar nádúr na hearnála talmhaíochta sa tír. Tá an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin Agra-threoraithe agus dírithe ar an bhfeirmeoir le fócas ar sholáthar bunábhair oiriúnacha chomh maith le húsáid sruthanna dramhaíola orgánaí ó fheirmeacha agus ó phobail a uasmhéadú. Tá sí ag teacht le forbairt an bithgheilleagair chiorclaigh, a chuireann go dearfach leis an uasteorainn astaíochtaí earnála don talmhaíocht araon, chomh maith le dícharbónú agus éagsúlú mheascán fuinnimh na hÉireann.
Beidh gníomhaíocht chomhbheartaithe ar fud phríomh-Ranna agus príomh-Ghníomhaireachtaí an Rialtais ag teastáil le seachadadh a chinntiú le go mbeidh na tacaíochtaí agus an bonneagar riachtanach i bhfeidhm chun tacú le tionscal díleá anaeróbach agus bithmheatáin ar scála. Déanfaidh Grúpa Forfheidhmithe Idir-Rannach um Bithmheatán nuabhunaithe maoirseacht ar chur i bhfeidhm na Straitéise, ag tomhas a tionchair agus ag déanamh monatóireachta ar sheachadadh spriocanna. Tuairisceoidh an Grúpa Forfheidhmithe don tascfhórsa um Theas agus an Timpeallacht Thógtha.
I bhfianaise an ghá atá ann an tionscal a spreagadh go tapa, socróidh soláthar Deontas Caipitil agus an Oibleagáid Teasa In-athnuaite, chomh maith le hinfheistíocht tionscail, Éire ar chúrsa leis a sprioc de 5.7 Teireavatuair a bhaint amach faoi 2030.
Tá € 40 milliún de mhaoiniú caipitil á lorg ag an Rialtas faoi iarratas na hÉireann ar mhaoiniú REPowerEU agus táthar ag súil leis go ndeimhneofar an scéim maoinithe seo go luath.
Dheimhnigh an tAire McConalogue inniu gur osclaíodh an Scéim Deontais Chaipitil Bithmheatáin seo
“In Éirinn, tá an Tionscal Bithmheatáin díreach ag teacht chun cinn. Aithním go dteastaíonn tacaíocht chaipitil ón tionscal lena mhúscailt agus ba mhaith liom an tionscal a fheiceáil ag fás agus dá bharr sin deiseanna agus buntáistí a chur ar fáil don earnáil talmhaíochta. Tá mo roinn chun maoiniú dar luach €40 milliún a fháil do scéim deontais chaipitil do mhonarchana táirgthe bithmheatáin faoi réir measúnú agus faomhadh ón gCoimisiún Eorpach agus ón gComhairle. Beidh an maoiniú seo ar fáil do mhonarchana bithmheatáin agus spreagfaidh sé glacadóirí luatha sa tionscal. Táim ag fógairt inniu go bhfuil ‘léirithe spéise’ don scéim deontais seo oscailte anois agus go bhfuil mo Roinn i gcomhpháirtíocht le SEAI chun maoirseacht a dhéanamh ar riaradh an deontais chun seachadadh éifeachtúil na scéime a chinntiú.”
D'fháiltigh an tAire Ryan roimh an mbabhta tosaigh seo de thacaíocht deontais, ag trácht dó
'Is tionscadal dianchaipitil iad táirgeadh bithmheatáin agus díleá anaeróbach, fáiltím roimh an gcéad chéim seo de thacaíocht deontais a d'fhógair an tAire McConalogue inniu. Tá sé i gceist agam tógáil ar an scéim seo ó 2026 ar aghaidh agus tuilleadh tacaíochta a dhaingniú do mhonarchana breise bithmheatáin a léireoidh tuilleadh tiomantas an Rialtais chun tacú le forbairt an tionscail. Tá mo Roinn tiomanta freisin d'fhoilsiú na scéime ardleibhéil Oibleagáide Teasa In-athnuaite níos déanaí i mbliana a chruthóidh éileamh méadaithe ar fhuinneamh in-athnuaite san earnáil teasa’
*CRÍOCH*

(Íomhá: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD ag seoladh na Straitéise Náisiúnta Bithmheatáin)
Nótaí
Tugann RTBM mar aon le SEAI cuireadh do pháirtithe leasmhara a Léiriú Spéise (EOI) a chur isteach don scéim um Dheontais Chaipitil Bhithmheatáin. Nuair a bheidh an fhoirm léirithe spéise comhlánaithe ag iarratasóirí leasmhara agus má chomhlíontar na critéir tosaigh, gheobhaidh iarratasóirí foirm iarratais ansin a sheolfaidh SEAI chucu go díreach. Tá foirm Léirithe Spéise ar fáil ag an nasc seo a leanas:
https://forms.office.com/e/0zsR076C79
Tá an Deontas Caipitil seo maoinithe ag Saoráid Téarnaimh & Athléimneachta an Aontais Eorpaigh.
Bithmheatán
Déantar bithghás a tháirgeadh mar phríomhtháirge an Díleá Anaeróbach (DA) de bhunábhair bhitheolaíocha, lena n-áirítear dramhbhia, sloda séarachais agus bunábhair talmhaíochta. Táirgeann an próiseas DA bithghás ó bhunábhair trí lobhadh ábhair orgánaigh ag miocrorgánaigh in umair mhóra saor ó ocsaigin. Tá bithghás déanta de 60% meatán agus 40% CO2 de ghnáth. Is féidir bithghás a uasghrádú go bithmheatán inbhuanaithe le teacht in ionad gás iontaise. Nuair a dhéantar bithghás a uasghrádú chuig meatán le leibhéal íonachta níos mó ná 97%, tugtar bithmheatán air. Tá bithmheatán comhoiriúnach go hiomlán leis an líonra náisiúnta gáis agus le fearais, teicneolaíochtaí agus feithiclí atá ann cheana féin.
Is féidir bithmheatán a shásaíonn critéir inbhuanaitheachta saolré na Treorach um Fhuinneamh In-athnuaite a chatagóiriú mar “bhreosla atá rangaithe saor ó charbón”. Dá bhrí sin, is féidir le bithmheatán cur go díreach le spriocanna dícharbónaithe na hÉireann a bhaint amach.
Cur Chuige leis an Straitéis a Fhorbairt
Tá an Straitéis comhfhorbartha ag RTBM agus RCAC. Chuir Meitheal Oibre Bithmheatáin de chuid an rialtais, faoi chathaoirleacht RTBM, treoir ar fáil.
Bhí Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara ina chuid lárnach den phróiseas seo, agus rinneadh teagmháil fhairsing le príomhpháirtithe leasmhara. Tar éis teagmháil a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara agus saineolaithe tionscail, forbraíodh Dréachtstraitéis Náisiúnta Bithmheatáin. Fuair an comhairliúchán poiblí 200 aighneacht san iomlán. Rinneadh athbhreithniú ar na haighneachtaí sin, agus baineadh úsáid as an aiseolas a fuarthas chun an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin deiridh a chur le chéile.
Tugann an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin aghaidh ar na príomhdhúshláin agus na príomhdheiseanna don tionscal bithmheatáin agus leagann sí amach treo straitéiseach beartais don tionscal.
Creat leis an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin a Fhorbairt
Dhírigh forbairt na Straitéise Náisiúnta Bithmheatáin ar chreat de chúig phríomhcholún. Measadh go raibh na colúin idirnasctha seo go léir ríthábhachtach, chun earnáil bithmheatáin rathúil a sheachadadh:
1. Inbhuanaitheacht: A chinntiú go ndéantar forbairt bithmheatáin ar bhealach inbhuanaithe a chuireann le dícharbónú earnálacha fuinnimh agus talmhaíochta na hÉireann. An earnáil a chumhachtú le forbairt a dhéanamh ionas go dtairgfidh sí rogha éagsúlú inbhuanaithe d'fheirmeoirí.
2. Éileamh ar Bhithmheatán: Bithmheatán a fhorbairt in Éirinn d'earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo a bhfuil rogha theoranta acu faoi láthair nó nach bhfuil aon rogha eile acu chun dícharbónú a dhéanamh.
3. Bithgheilleagar agus Geilleagar Ciorclach: A chinntiú go bhfuil ról an bhithgheilleagair cuimsithe agus go ndéantar machnamh ar na buntáistí a bhaineann le táirgí bithbhunaithe eile a tháirgeadh agus le bithscagadh.
4. Eacnamaíocht an Bhithmheatáin: Measúnú a dhéanamh ar an mbealach is eacnamaí chun an sprioc 5.7 Teireavatuair a bhaint amach faoi 2030. Cuimseoidh sé seo measúnú ar straitéisí imscartha optamacha, scála na nasc le monarchana agus an eangach.
5. Riachtanais maidir le Beartais Chumasúcháin: Chun a chinntiú go bhforbrófar tionscal bithmheatáin go tráthúil in Éirinn, ní mór beartais chumasúcháin éagsúla a sheachadadh, agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní atá ann faoi láthair.
Tacaíochtaí Straitéise
Rinneadh measúnú ar raon leathan meicníochtaí tacaíochta le linn fhorbairt na Straitéise Náisiúnta Bithmheatáin. I bhfianaise an ghá atá ann an tionscal a spreagadh go tapa, roghnaíodh an Oibleagáid Teasa In-athnuaite (OTI) mar aon le Deontais Chaipitil mar an modh chun tacú le hearnáil bhithmheatáin a sheachadadh in Éirinn. Trí Dheontais Chaipitil, OTI agus infheistíocht tionscail a sholáthar, socróidh an cur chuige seo ar chúrsa leis a sprioc de 5.7 Teireavatuair a bhaint amach faoi 2030.
Clár Tacaíochta don Bhithmheatán 2024 – 2030
Beart | Tréimhse | Aidhm | |
Tabhairt isteach na hOibleagáide Teasa In-athnuaite 2024 | An Clár Tacaíochta Deontais Tosaigh | 2024 – 2025 | Cur le sprioc 1TWh de Bhithmheatán Dúchasach |
Clár Tacaíochta Breise Deontais | 2026 – 2030 | Cur le 1.5TWh breise ar a laghad de Bhithmheatán Dúchasach |
Tá an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin ar fáil le híoslódáil anseo.
NRRP
D'fhorbair an Rialtas an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRP) ionas gur féidir le hÉirinn rochtain a fháil ar mhaoiniú faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh. Meastar go bhfaighidh Éire €988 milliún i ndeontais faoin tSaoráid.
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an chomhpháirt is mó de NextGenerationEU, freagairt an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim dhomhanda. Is é is aidhm a bheith ag cabhrú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta láithreach a d’eascair as an bpaindéim a dheisiú agus a bheith ag ullmhú d'Eoraip tar éis Covid atá níos glaise, níos digití, níos athléimní agus níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an todhchaí.