Fáiltíonn an tAire McConalogue agus Hackett roimh an Bille um Shláinte agus Leas Ainmhithe agus um Fhoraoiseacht a shíniú isteach sa dlí
- Foilsithe: 5 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D, agus an tAire Stáit le Freagracht as Bithéagsúlacht agus Talamhúsáid, an Seanadóir Pippa Hackett, fáilte roimh reachtaíocht nua a shínigh an tUachtarán isteach sa dlí oíche aréir a bhaineann le Feirmeoireacht Fionnaidh agus Foraoiseacht. Rith an tOireachtas an bille ag gach céim an tseachtain seo caite.
Is é príomhchuspóir an Bhille um Shláinte agus Leas Ainmhithe agus um Fhoraoiseacht (Forálacha Ilghnéitheacha) cosc a chur ar fheirmeoireacht a dhéanamh ar ainmhithe go príomha ar mhaithe le fionnadh nó craiceann in Éirinn agus scéim cúitimh a sholáthar do na feirmeoirí a ndéantar difear dóibh faoi láthair. Déanann sé roinnt leasuithe neamhghaolmhara ach tábhachtacha ar an Acht Foraoiseachta, 2014 a thabhairt isteach freisin.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Fáiltím roimh an reachtaíocht seo. Ceadaíonn sé don chinneadh a rinne an Rialtas cosc a chur ar fheirmeoireacht fionnaidh, faoi mar a dtugtar cuntas air i gClár an Rialtais, atá le cur i bhfeidhm - forálann sé do thoirmeasc reachtúil a chur ar fheirmeoireacht a dhéanamh ar ainmhithe go príomha ar mhaithe lena bhfionnadh nó a gcraiceann in Éirinn. Cé gur glacadh sa tsochaí tráth le feirmeoireacht fionnaidh, tá athrú tagtha ar mheonta i leith na ceiste. Bhí an cosc ar fheirmeoireacht fionnaidh ar cheann de na gealltanais i gClár an Rialtais agus tá áthas orm gur éirigh liom an reachtaíocht a chur i gcrích.
Dúirt an tAire freisin,
“Tuigim go soiléir go n-imreoidh an Bille tionchar mór ar na trí ghnólacht feirme a bhfuil gnólachtaí dleathacha á n-oibriú acu faoi láthair i leith na gcaighdeán is airde. Táim ag oibriú leis na feirmeoirí, ar an gcúis seo, lena chinntiú go gcaitear leo agus lena bhfoireann le meas tríd an bpróiseas seo. Casfaidh mé go luath leis na feirmeoirí agus lena n-ionadaithe.”
Ag trácht dó ar ghnéithe Foraoiseachta an Bhille, dúirt an tAire,
“Luaigh an Rialtas go bhfuil mar sprioc bheartais aige crainn a chur ar scála beag a dhreasú agus feirmeoirí a spreagadh chun tabhairt faoin bhforaoisiú athuair. Cuireann an teorainn mhéide 0.1 heicteár srian ar bhearta cuir crann ar scála beag, áfach, a chuir an sainmhíniú ar fhoraois i bhfeidhm san Acht Foraoiseachta, 2014. Baineann ríthábhacht le muinín a fhorbairt i measc úinéirí talún as tairbhí na foraoiseachta mar rogha inmharthana chun cur le fiontair reatha ó thaobh an ratha a mhéadú a bheidh ar rátaí foraoisithe.”
Dúirt an tAire freisin,
“Éascaíonn díolúine a thabhairt isteach d’fhoraoisiú faoi chúinsí áirithe gníomhaíochtaí a shainítear go soiléir ó cheadúnas foraoisithe a bheith ag teastáil uathu. Togra cumasaithe í an díolúine seo a cheadaíonn coillearnach a chruthú trí thionscnaimh, seachas trí scéim foraoisithe, agus cuireann sé le spriocanna na hÉireann, dá bharr, maidir le réimse fairsing tosaíochtaí comhshaoil, go háirithe athrú aeráide, bithéagsúlacht agus cáilíocht an uisce.”
Dúirt an tAire Stáit Bithéagsúlachta agus Talamhúsáide, an Seanadóir Pippa Hackett:
“Is deas liom a thabhairt faoi deara go bhfuil an cosc céimnitheach agus stairiúil ar fheirmeoireacht fionnaidh á chur i bhfeidhm. Thacaigh Tréidliacht Éireann, Grúpaí Leasa Ainmhithe agus formhór mór an phobail leis an mBille seo.”
“Forbairt a gcuirtear fáilte mhór roimpi freisin í gné foraoiseachta an bhille. D’fhéadfadh sé cabhrú le coillearnach dhúchasach atá ann faoi láthair a fhairsingiú, feidhm thábhachtach a ghlacadh i gcur le imeall bruachánach a chur, agus tionchar dearfach a imirt ar ár mbithéagsúlacht agus cáilíocht an uisce araon. Táim ag tnúth le hoibriú leis an iomaí páirtí leasmhar a rinne teagmháil liom le roinnt seachtainí agus míonna anuas de réir mar a thosaímid anois le scéim a dhearadh.“
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
“Ní bhaintear den riachtanas an dlí comhshaoil a chomhlíonadh tríd an athrú seo a dhéanamh mar gheall go rialaítear na hoibreacha go léir trí scéim Roinne. Tabharfar faoi scéim a fhorbairt, agus an toradh a bhí ar Mheasúnachtaí Straitéiseacha Timpeallachta agus Measúnachtaí Cuí á chur san áireamh, a dtitfidh an dá cheann díobh amach anois. Cuimseofar critéir cháilitheachta isteach an scéim a chinnteoidh go dtugtar faoi na hoibreacha uile ina gcuirfear crainn ar bhealach a chloíonn leis an dlí agus atá inbhuanaithe.