English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh an gcéad chruinniú de Ghrúpa Déiríochta na Físe don Bhia

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, fáilte a chur inniu (an 7 Feabhra) roimh chéad chruinniú Ghrúpa Déiríochta na Físe don Bhia.

Chas an Grúpa, ina bhfuil príomhpháirtithe leasmhara ón earnáil déiríochta agus ar a ndéanann an tOllamh Gerry Boyle cathaoirleacht le chéile le plé a dhéanamh ar conas is féidir leis an e cur leis na spriocanna dúshlánacha a bhaint amach a leagadh amach don earnáil talmhaíochta faoi phróiseas an Achta um Ghníomhú Aeráide.

Agus an grúpa seo á bhunú aige, thug an tAire McConalogue le fios gur cheart don Ghrúpa tús áite a thabhairt i dtosach báire, ar aon dul le straitéis na Físe don Bhia 2030, do

“plean mionsonraithe a tháirgeadh faoi Ráithe 2 2022 le lorg coise inbhuanaithe comhshaoil na hearnála déiríochta a bhainistiú”.

Nuair a chuirtear an tábhacht san áireamh a bhaineann le cinnteacht a sholáthar don earnáil, leagadh an dualgas ar an ngrúpa tuarascáil tosaigh a sholáthar don Aire faoi dheireadh mhí an Mhárta ina leagtar amach conas is féidir astaíochtaí a bhaineann leis an earnáil déiríochta a chobhsú, agus a laghdú ansin, agus tá plean deiridh le seoladh ar aghaidh faoi dheireadh ráithe a dó in 2022.

Ghabh an tAire McConalogue buíochas le cathaoirleach an Ghrúpa, an tOllamh Gerry Boyle, as glacadh leis an ról tábhachtach seo agus le comhaltaí an Ghrúpa as a rannpháirtíocht ghníomhach sa phlé.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Táim muiníneach gur féidir linn astaíochtaí ón earnáil déiríochta a chobhsú agus a laghdú ansin trí oibriú le chéile, agus Éire a shuíomh mar cheannaire domhanda i dtaobh córais bhia inbhuanaithe, agus ár spriocanna aeráide á mbaint amach againn, agus a chinntiú go gcuireann an margadh luaíocht ar fáil dár mbia ardchaighdeáin, a tháirgtear go hinbhuanaithe, go háirithe dár bhfeirmeoirí, agus dá dteaghlaigh, arb iad bunchloch na hearnála.

“Is mian linn a chinntiú go leanaimid le hearnáil a bheith ann atá beoga agus mealltach d’iontrálaithe nua. Tá orainn smaoineamh faoi conas a chinntímid go bhfuil spás ann le haghaidh athnuachan ghlúine agus d’iontrálaithe nua san earnáil, nó dóibh siúd a bhfuil fiontair imeallacha acu chun feabhas a chur ar inmharthanacht, agus go bhfuil spás ann le nuálaíocht agus breisluach a spreagadh.

Titfidh dara cruinniú Ghrúpa Déiríochta na Físe don Bhia amach níos déanaí i bhFeabhra.

Déanfar cuir i láthair a dhéantar ag an gcruinniú ar fáil ar gov.ie

CRÍOCH