Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh chuireadh ón gCoimisiún Eorpach dul i dteagmháil leis an Ríocht Aontaithe maidir le hiarratas PGI do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh chuireadh ón gCoimisiún Eorpach dul i dteagmháil leis an Ríocht Aontaithe maidir le hiarratas PGI do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann

D’fhógair Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu, tar éis iniúchadh ón gCoimisiún Eorpach ar aighneacht ón Ríocht Aontaithe maidir le nós imeachta freasúra an AE/tríú tír maidir le hiarratas PGI Mairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann, go bhfuil cuireadh tugtha ag An Coimisiún Eorpach don dá pháirtí dul i mbun comhairliúcháin iomchuí agus torthaí na gcomhairliúchán seo a chur in iúl don Choimisiún.

Dúirt an tAire McConalogue:

"Tá mo Roinn agus An Bord Bia ag scrúdú an ráitis fhreasúra réasúnaithe a chuir an Ríocht Aontaithe isteach faoi láthair. Le tamall anuas anois, tá mo Roinn agus An Bord Bia i dteagmháil go hiomlán lena gcomheagraíochtaí i dTuaisceart Éireann chun eolas a roinnt agus comhairle a sholáthar ar na gnéithe teicniúla de chaighdeán féar-chothaithe agus nithe gaolmhara a bhaineann leis an bhféidearthacht go mbeadh PGI uile-oileáin ann do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann. Fáiltím roimh an deis anois don dá pháirtí dul i ngleic leis an obair seo a chur chun cinn agus a thabhairt chun críche.”

Dúirt an tAire McConalogue freisin:

“Tá an t-iarratas PGI agus sonraíocht an táirge faoi réir iniúchta ag An Coimisiún Eorpach, Ballstáit an AE agus triú tíortha. Níor cuireadh An Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi fhreasúra ar bith eile. Creidim go léiríonn an rath a bhí ar an iarratas a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéim seo den phróiseas cáilíocht na sonraíochta táirge a dhréachtaigh Bord Bia i gcomhairle le m’oifigigh agus a chuir san áireamh rannpháirtíocht lenár gcomhlachtaí ionadaíochta feirmeoireachta trínár nós imeachta freasúra náisiúnta.”

Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue:

“Táim dóchasach gur féidir an rannpháirtíocht idir an dá pháirtí a chur chun cinn go tapaidh. Tá fíoráthas orm Mairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann a fheiceáil ag teacht i gcrích ar mhaithe le feirmeoirí mairteola ar an oileán."

Nótaí do na hEagarthóirí:

Tá sé mar aidhm ag beartas cáilíochta an AE ainmneacha táirgí sonracha a chosaint chun a dtréithe uathúla, atá nasctha lena mbunús tíreolaíoch agus saineolas traidisiúnta, a chur chun cinn. Féadfar ‘táscaire geografach’ (GI) a dheonú ar ainmneacha táirgí má tá nasc sonrach acu leis an áit a dhéantar iad. Cuireann an t-aitheantas GI ar chumas tomhaltóirí táirgí ardchaighdeáin a aithint agus muinín a bheith acu astu agus ag an am céanna cabhraíonn sé le táirgeoirí a gcuid táirgí a chur ar an margadh ar bhealach níos fearr.

Is é Bord Bia an t-iarrthóir ar Tháscaire Geografach Faoi Chosaint (PGI) do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann agus is í An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an tÚdarás Inniúil.

I mí Lúnasa 2020 reáchtáladh nós imeachta náisiúnta freasúra don iarratas PGI ar Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann. I mí na Samhna 2020, thaisc an DAFM doiciméad aonair an iarratais agus an doiciméad sonraíochta táirge leis An Coimisiún Eorpach.

I mí na Bealtaine 2021, d’fhreagair An Coimisiún Eorpach an t-iarratas IE le fiosrúcháin theicniúla. Idir Meitheamh 2021 agus Deireadh Fómhair 2021, d’fhreagair an DAFM na fiosrúcháin ón gCoimisiún Eorpach, agus ina dhiaidh sin, ar an 8 Nollaig 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas PGI ar ‘nós imeachta freasúra AE/triú tír’. Tháinig deireadh leis an gcomhairliúchán seo ar an 8 Márta 2022.

Ar an 1 Márta 2022, chuir An Coimisiún Eorpach in iúl don Roinn seo go raibh ‘Fógra Freasúra’ curtha isteach ag údaráis na Ríochta Aontaithe. Litir ón gCoimisiún Eorpach a fuair an Roinn ar an 14 Aibreán 2022

  • tugann sé cuireadh don iarrthóir agus don fhreasúra dul i mbun comhairliúcháin chuí ar feadh tréimhse trí mhí ó dháta na litreach seo.
  • an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí na gcomhairliúchán seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat