Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh iarratais ar an gClár Deontais um Leas Ainmhithe 2024
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, fáilte inniu roimh iarratais ar mhaoiniú faoin gClár Deontais um Leas Ainmhithe ó charthanais leasa ainmhithe chláraithe in Éirinn. Agus an ghairm ar iarratais á seoladh aige, dúirt an tAire:
“Is tosaíocht é leas ainmhithe do mo Roinn agus don Rialtas. Is léiriú láidir é an Clár bliantúil Deontais um Leas Ainmhithe ar mo thiomantas do leas ainmhithe agus aithníonn sé dúthracht an oiread sin ball foirne agus oibrithe deonacha atá ag gabháil d'ainmhithe a chosaint ar fud na hÉireann. Tá ríméad orm oscailt an phróisis iarratais ar dheontas a fhógairt inniu.”
Labhair an tAire faoina thacaíocht do leas ainmhithe:
“Mar aitheantas ar mo thiomantas do leas ainmhithe, i mí na Nollag 2023 d'fhógair mé an maoiniú is airde riamh de€6 mhilliún do 101 carthanas leasa ainmhithe ar fud na tíre a bhí páirteach i gcúram, i dtarrtháil ainmhithe agus úinéirí nua a fháil dóibh chomh maith. Tá na deontais ag teacht le beartas an rialtais, le Clár an Rialtais agus leis na spriocanna atá leagtha amach i Straitéis um Leas Ainmhithe mo Roinne 2021-2025, Ag Obair le Chéile do Leas Ainmhithe. Tógann próiseas deontais 2024 ar an tacaíocht seo, lena n-áirítear carthanais leasa ainmhithe a chur chun cinn maidir le húinéireacht fhreagrach peataí. Tá freagracht as sláinte agus leas ainmhithe ar a n-úinéirí agus ar a gcoimeádaithe, agus tá ról ríthábhachtach ag carthanais maidir le feasacht a mhúscailt i measc an phobail air seo.”
Agus é ag tabhairt aitheantais d'obair chrua eagraíochtaí leasa ainmhithe, dúirt an tAire:
“Tá earnáil láidir, ghníomhach charthanachta in Éirinn atá ag obair chun feabhas a chur ar leas ainmhithe, agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt dá n-iarrachtaí, dá dtiomantas agus dá ndúthracht chun saincheisteanna leasa ainmhithe a chosc agus ainmhithe atá géillte, tréigthe agus i mbaol a chosaint agus aire a thabhairt dóibh.”
Tá tuilleadh sonraí, lena n-áirítear an fhoirm iarratais ar dheontas agus an spriocdháta d'iarratais, ar fáil ag: Item was unpublished or removed nó trí ríomhphost ó: welfaregrants@agriculture.gov.ie
DEIREADH

Grianghraf 1: An tAire Charlie McConalogue agus Princess, an brocaire, ag clinic The Irish Blue Cross in Inse Chór.

Grianghraf 2: An tAire Charlie McConalogue le Ciara Sweeney, Tréidlia le The Irish Blue Cross agus Chris Conneely, Príomhfheidhmeannach The Irish Blue Cross, ag clinic The Irish Blue Cross in Inse Chór.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is eagraíocht charthanachta iad The Irish Blue Cross,, atá lonnaithe in Inse Chór, Baile Átha Cliath. Soláthraíonn siad clinic tréidliachta agus seirbhísí tréidliachta soghluaiste do dhaoine aonair incháilithe a d’fhéadfadh nach mbeadh na hacmhainní airgeadais acu chun cúram tréidliachta agus máinliacht a chur ar fáil dá bpeataí. Bunaíodh sa bhliain 1945 iad. Faigheann a bhfoireann chliniciúil na mílte cuairt ó pheataí gach bliain a chlúdaíonn gach gné de chúram tréidliachta, lena n-áirítear seiceálacha sláinte, x-ghathanna, tástálacha fola, micrishlis a chur iontu, neodrú agus gnáthaimh mháinliachta eile.
In 2023, thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara €480,313 do The Irish Blue Cross chun tacú lena seirbhísí.