English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh Stiúrthóirí nua ar Bhord Ghraí Náisiúnta na hÉireann

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil triúr Stiúrthóirí nua ceaptha ar Bhord Ghraí Náisiúnta na hÉireann.

Cheap an tAire McConalogue Ashling O’Beirne, Barry Lynch agus Meta Osborne ar feadh téarmaí cúig bliana tar éis próiseas roghnúcháin iomaíoch a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Thréaslaigh an tAire leis na Stiúrthóirí nua:

“Táim muiníneach, lena gcúlra sa tionscal pórúcháin folaíochta in éineacht lena dtaithí agus a saineolas gairmiúil, go gcuirfidh siad go mór le hobair Ghraí Náisiúnta na hÉireann sna cúig bliana amach romhainn.”

Ghabh an tAire buíochas freisin leis na Stiúrthóirí atá ag dul as oifig, John Tuite, Seamus Boyle agus Mark Weld as an méid a chuir siad go mór le Bord Ghraí Náisiúnta na hÉireann le deich mbliana anuas agus ghuigh sé gach rath orthu don todhchaí.

Nótaí don Eagarthóir:

Is comhlacht Stáit tráchtála é Graí Náisiúnta na hÉireann atá ag feidhmiú faoi choimirce na Roinne Talmhaíochta, Bia, agus Mara. Déanann an Ghraí an tionscal folaíochta in Éirinn a chur chun cinn agus a fhorbairt trí sheirbhísí staile agus tacaíochtaí eile a sholáthar.

Is Comhalta Boird agus Stiúrthóir Bainistíochta í Aisling O’Beirne a bhfuil taithí fhairsing airgeadais agus tráchtála aici ar fud tionscail éagsúla. Is í Príomhoifigeach Airgeadais an Ghrúpa do ghnó Accenture Industry X agus tá sí ina comhalta de Chomhairle Ceannaireachta Domhanda Accenture agus den Choiste Bainistíochta Airgeadais faoi láthair.

Tá Barry Lynch ag obair laistigh den tionscal idirnáisiúnta folaíochta le 10 mbliana anuas agus tá eolas fairsing aige ar an tionscal folaíochta. Tá a ghnó comhairleachta féin aige ag cur comhairle ar idirbhearta móra folaíochta agus bainistíocht folaíochta ar fud an domhain.

Is tréidlia í Meta Osborne a bhfuil taithí fhairsing aici ar rialachas agus rialáil rásaíochta capall. Bhí sí ina cathaoirleach ar Thascfhórsa Frithdhópála Thionscal Capaill Folaíochta na hÉireann in 2015, bhí sí ina Maor Sinsearach ar an gClub Móna ó 2016-2018 agus ina hainmní i gClub na Móna ar bhord Rásaíocht Capall Éireann ó 2013-2023.