Fáiltíonn na hAirí McConalogue, Hackett agus Heydon roimh ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann – Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025’ a fhoilsiú
- Foilsithe: 29 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., sa mhullach ar na hAirí Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett agus an tAire Martin Heydon, T.D., inniu roimh ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann – Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025’ a sheoladh inniu.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tugann an cur chuige uile-rialtais seo i leith forbairt tuaithe an tábhacht a bhaineann lenár bpobail tuaithe agus chósta chun solais. Teastaíonn forbairt gheilleagrach chothrom ar fud na tíre, ár bpobail tuaithe agus chósta a fhorbairt san áireamh, ar mhaithe le folláine gheilleagrach agus shóisialta fhoriomlán na hÉireann ina hiomláine.”
Dúirt an tAire freisin,
“Ceann de na príomhghealltanais bheartais a shainaithnítear ná Straitéis Agraibhia nua a ullmhú a fhad leis an mbliain 2030, agus gealltanas é seo freisin faoi Chlár an Rialtais, agus foilseofar é sa samhradh. Leagfaidh sé uaillmhian ard amach don earnáil sna blianta amach romhainn, a dhíríonn ar na trí fhoirm d’inbhuanaitheacht: inbhuanaitheacht chomhshaoil, gheilleagrach agus shóisialta. Cinnteoidh seo go leanfaidh an earnáil agraibhia, ina bhfuil talmhaíocht, bia mara agus foraoiseacht, a bheith mar an mbunchloch d’fhorbairt thuaithe agus cósta. Táim ag dréim le hoibriú leis an Aire Heather Humphreys, a Roinn, mo Roinn féin agus leis an gcuid eile den Rialtas chun an fhís a dtugtar cuntas uirthi sa Bheartas Forbartha Tuaithe a fhíorú, agus chun na gníomhartha ar leith a bhaineann leis an earnáil agraibhia a chur chun cinn.”
D’aithin an tAire Hackett
“an díriú ar an tábhacht a bhaineann le foraoiseacht inbhuanaithe sa Bheartas Forbartha Tuaithe.”
Chuir an tAire Heydon fáilte roimh
“an tionscnamh chun tacú le sábháilteacht, sláinte agus folláine an phobail feirmeoireachta. Bhí ár bpobail tuaithe thíos an oiread sin le bliain anuas - ach braistint ollmhór athléimneachta agus pobail atá tugtha faoi deara againn, thar aon ní eile. Is éard a bhaineann le Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann súil a chaitheamh chun cinn, cur leis an meanma phobail sin agus é a chumasú níos mó trí phlean uaillmhianach daingean chun tuath na hÉireann, folláine ár bpobail feirmeoireachta san áireamh, a athbheochan, sna blianta amach romhainn."
CRÍOCH