Fáiltíonn na hAirí roimh thuarascáil an GCC ina sonraítear laghdaithe ar astaíochtaí Gás ceaptha teasa ón Talmhaíocht in 2023
- Foilsithe: 9 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fháiltigh na hAirí Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, Martin Heydon TD agus an Seanadóir Pippa Hackett, inniu roimh fhoilsiú Astaíochtaí Gáis Cheaptha Teasa Sealadacha na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil do 2023. Sonraíonn an tuarascáil laghdú náisiúnta ar astaíochtaí de 6.8% (-4.0 Mt CO2eq) bliain i ndiaidh bliana.
Tháinig laghdú 4.6% (-1.0 Mt CO2eq) ar astaíochtaí ó Thalmhaíocht in 2023. Tá sé sin á spreagadh go príomha ag laghdú ar úsáid nítrigine leasacháin agus laghdú ar aoladh.
Ag labhairt dó ar na figiúirí, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD:
“Tá na figiúirí laghdaithe astaíochtaí do 2023 ó Astaíochtaí Gáis Cheaptha Teasa Sealadacha an GCC an-dearfach. Léiríonn siad go bhfuil an talmhaíocht ar an mbealach ceart, go háirithe ag leanúint ar aghaidh ó laghduithe in 2022. Is mór an spreagadh an obair atá á cur isteach ag feirmeoirí ar an talamh a fheiceáil léirithe sna torthaí. Tá sé tábhachtach go gcoinneoimid an treocht dhearfach seo agus go leanfaimid ar aghaidh inár n-iarrachtaí leis an ngealltanas do laghdú 25% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa don talmhaíocht a bhaint amach faoi 2030."
Tá bunús láidir leagtha síos ag an talmhaíocht chun treocht anuas ar astaíochtaí a sheachadadh sna blianta amach romhainn. Tá ag éirí leis na beartais agus na straitéisí agus tá na hastaíochtaí ón Talmhaíocht ag laghdú. Áirítear orthu sin bearta amhail géinitíopáil ar 740,000 lao, úsáid fuinnimh in-athnuaite ar fheirmeacha a chur chun cinn, úsáid leasachán agus lotnaidicídí a laghdú, sláinte ithreach a fheabhsú agus bithéagsúlacht a chur chun cinn. Tháinig laghdú 18% ar úsáid nítrigin cheimiceach in 2023.
Dúirt an tAire Hackett
“Tá fáilte mhór roimh na figiúirí seo agus is léiriú iad ar an dea-obair atá á déanamh ag feirmeoirí ar fud na tíre. Ní mór dúinn an laghdú sin a choinneáil ag gabháil, agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cur scéimeanna i bhfeidhm a bhfuil fios againn go n-éiríonn leo agus a bhfuil fios againn a laghdóidh an gá atá le nítrigin cheimiceach. Bhí ról ríthábhachtach ag an scéim feirmeoireachta orgánaí, ag an scéim cúnaimh próitéin, agus ag na bearta báinsí ilspeicis agus sadhlas seimre deirge anseo, agus mar sin ba cheart dúinn iad a leathnú. Tá achar na talún a ndéantar feirmeoireacht orgánach air tar éis méadú faoi thrí go 225,500 heicteár (5% d'achar na talún) le 3 bliana anuas, rud a chiallaíonn go bhfuilimid leath bealaigh chun ár sprioc 2030 a bhaint amach maidir le go mbeidh feirmeoireacht orgánach déanta ar 10% de thalamh talmhaíochta na hÉireann – táim ar bís an dea-obair sin a choinneáil ag gabháil.”
Tugadh an Fhaireachlann Carbóin um Ithir Thalmhaíochta Náisiúnta chun críche i mbliana, ag soláthar an bhonneagair eolaíoch chun floscanna GCT ó ithreacha faoi bhainistíocht talmhaíochta a thomhas. Tá Éire ar thús cadhnaíochta mar gheall ar an tionscadal sin i dtaighde an AE ar cheapadh carbóin.
Dúirt an tAire Heydon:
"Tá maoiniú geallta ag mo Roinn le forbairt AgNav a bhrostú, is comhoibriú é an t-ardán sin idir Teagasc, Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF) agus Bord Bia. Cuireann AgNav measúnú inbhuanaitheachta feirme iomlán ar fáil agus cuimsíonn sé feidhm tacaíochta cinnidh a cheadaíonn pleananna dírithe ar eolaíochta a dhéanamh d'fheirmeacha aonair chun astaíochtaí a laghdú agus ceapadh carbóin a mhéadú.”
Leag an tAire McConalogue béim ar obair thábhachtach chomhoibritheach a Roinne, Teagasc agus an GCC maidir leis an bhFardal a bheachtú. Mar thoradh ar na mionchoigeartuithe fardail sin, rinneadh coigeartuithe i ndáil leis na hastaíochtaí a bhaineann le meáchan beo agus le meánmhéadú laethúil ar mheáchain. Déanann an cur chuige athbhreithnithe sin rianú níos fearr freisin ar na hathruithe ar aois mharaithe a tharla le deich mbliana anuas nó mar sin.
Dúirt an tAire go gciallaíonn taighde a dtacaíonn an RTBM leis i réimse na mbreiseán beatha amhail 3-Níotrocsaprópánól, (3-NOP) go bhfuil siad anois ag an gcéim le go gcuirfear tús le rolladh amach chuig feirmeacha na hÉireann. Fuair táirge 3NOP faomhadh ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus rinneadh é a thriail ar 18 bhfeirm de chuid Teagasc Signpost i ngeimhrí na bliana 2023 agus 2024. Taispeánann torthaí suas le laghdú 30% ar Mheatán taobh istigh.
“Leanfaimid orainn ag tacú le teicneolaíochtaí a chur chun cinn chun treocht dhearfach astaíochta leanúnach na hearnála talmhaíochta a chinntiú. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimid aschur bia ag an am céanna, ag laghdú an lorg aeráide agus leanfaidh mé ag tacú le feirmeoirí an dé-uaillmhian seo a chomhlíonadh. Tá sé sin ríthábhachtach chun earnáil inmharthana atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de a choinneáil”, a dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir.
DEIREADH