English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh €1.9 milliún i gcúnamh deontais atá ceadaithe ag Fáilte Ireland do Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann

Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD roimh €1.9 milliún i gcúnamh deontais atá ceadaithe ag Fáilte Ireland do Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann (INS) don tionscadal Irish Racehorse Experience (IRE).

Chuir an tAire Creed a bhuíochas in iúl d'Fháilte Ireland as a chomhoibriú le Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann:

“Léirítear leis an tionscadal seo na torthaí iontacha is féidir a bhaint amach nuair a bhíonn comhoibriú éifeachtach idir gníomhaireachtaí Stáit ar thionscadal comhleasa."

Chomh maith leis sin thug an tAire Creed aitheantas don bhord, don bhainistíocht agus d'fhoireann an INS as an bhfadbhreathnaitheacht ghnó agus nuálaíocht a bhí acu chun earnáil turasóireachta an ghnó a fhorbairt:

“Is tionscadal an-éagsúil é seo do Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann. Cuireann sé go mór le croí an ghnó, agus níl aon amhras orm go gcuirfidh sé gné iontach eile le heispéireas cuairteoir ar bith nuair a bheidh sé críochnaithe."

Déanfaidh an Irish Racehorse Experience barrfheabhas Chapaill agus Mharcaigh na hÉireann a cheiliúradh ar fud an domhain. Míneofar an bunús atá leis an gceangal atá ag Éire le capaill folaíochta, agus léireofar an éagsúlacht cumais agus gníomhaíochta atá tagtha chun cinn mar gheall ar an bpaisean seo.

Forbrófar é bunaithe ar insint atá éasca a thuiscint “Breith go Seanaois“ agus tabharfar léargas ar an mbrionglóid a bhaineann le bheith nasctha le capall rása, cibé más pórú, úinéireacht, traenáil nó a bheith ag obair le capaill atá i gceist, nó fiú gairmréim capaill folaíochta a leanúint.

Ó thaobh an INS de, faoin tionscadal seo, fanfaidh daoine níos faide agus cuirfear fad leis an séasúr oscailte, méadófar líon na gcuairteoirí agus dá bharr sin, tiocfaidh méadú ar ioncam ón mbliain 2020 ar aghaidh

Tógfaidh sé bliain amháin chun forbairt IRE a chur i gcrích agus tá costas réamh-mheasta €3.2 mhilliún ag dul leis. Is as acmhainní féin an INS a íocfar na costais forbartha eile a bheidh fanta.

CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí:

Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann

Cúlra

Sa bhliain 1900 cheannaigh an Coirnéal William Hall Walker an fheirm atá lonnaithe ar an Tulaigh i gCo. Chill Dara ó mhuintir Fay. Ba é Hall Walker an póraitheoir ba mhó ráchairte ag an am sin. Bhain sé barr a réime amach nuair a thug an Rí Edward VII Minoru, a rugadh agus a tógadh ar an Tulaigh, isteach i gcró an bhuaiteora in Epsom é i ndiaidh an bhua cháiliúil a bhí aige sa Dearbaí i 1909.

Sa bhliain 1945 a bunaíodh Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann Teo. agus ghlac an comhlacht cúram na Graífheirme go hoifigiúil air féin an 31 Lúnasa, 1946.

An Suíomh Reatha

Tá an INS comhdhéanta de cheithre oibríocht ghnó faoi leith atá ceangailte le chéile; seirbhísí staile, turasóireacht, oideachas agus gníomhaíochtaí gairneoireachta lena n-áirítear:

127,000 cuairteoir ar an nGraí le linn an tséasúir thurasóireachta, cuairteoirí ó thar lear a bhíonn i mbreis is leath díobh sin

Tá 29,000 duine fostaithe i dtionscal na gcapall folaíochta agus rása go díreach nó go hindíreach in Éirinn

Na Gairdíní Seapánacha a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain agus atá ar na cinn is fearr dá leithéid san Eoraip

Gairdín Naomh Fiachra a dearadh i 1999 - chun comóradh a dhéanamh ar naomhphátrún na ngarraíodóirí

7 stail bhuana ag an INS in 2019.

Gabhann táille seirbhíse €120,000 le Invincible Spirit, an stail mór le rá agus tá 119 Geallbhuaiteoir, agus 18 buaiteoir i nGrúpa 1 gnóthaithe aige - lena n-áirítear 3 cinn in 2018.

Cuireadh dhá stail nua le leabhar an INS in 2018; Decorated Knight agus National Defense

Bunaíodh Cúrsa Pórúcháin Capall Folaíochta Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann i 1971, cúrsa a bhfuil cáil air as oiliúint den chéad scoth a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil suim acu tabhairt faoi ghairm i dtionscal na gcapall.

Seoladh Sindeacáit Lárach Náisiúnta na hÉireann in 2018 do dhaoine ar mhian leo úinéireacht a bheith acu ar stoc fola ardchaighdeáin agus é a phórú agus a dhíol.

Faoin tionscnamh nua, Rásaíocht INS, táthar ag iarraidh go mbeidh níos éasca ag lucht spéise ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain a bheith rannpháirteach sa spórt agus sa tionscal seo.

Iarsmalann Capall in bhfuil creatlach Arkle (a bhuaigh an Corn Óir trí huaire)

Deis iontach oideachais do dhaltaí scoile chun radharc uathúil a fháil ar chapaill rása

Eagraíocht

  • is Comhlacht Leathstáit Tráchtála é an INS atá faoi choimirce na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • Príomhfheidhmeannach an tUasal Cathal Beale
  • Cathaoirleach an tUasal Matt Dempsey
  • 46 bhall foirne fostaithe go lánaimseartha
  • tá an ghraífheirm suite ar shuíomh atá 846 acra