Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh an gcomhaontú atá déanta idir an AE agus an tSín maidir leis na Táisc Gheografacha

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh an gcomhaontú atá déanta idir an AE agus an tSín maidir leis na Táisc Gheografacha

a Chosaint An tAire chun cuairt trádála go dtí an tSín a stiúradh an tseachtain seo chugainn, ag cur leis an dul chun cinn atá déanta maidir le monarchana mairteola nua a cheadú.

D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. inniu roimh an gcomhaontú suntasach atá déanta idir an AE agus an tSín maidir le Táisc Gheografacha a Chosaint.

Dúirt an tAire Creed; “Áirítear sa gcomhaontú seo 2 Thásc Gheografacha Éireannacha - Uisce Beatha Éireannach agus Uachtar Éireannach, ar táisc iad anois a mbeidh cosaint acu faoin dlí sa tSín ar chomórtas éagórach ó tháirgí bréige, atá faoi bhun an chaighdeáin, a dtugtar le fios orthu gur táirgí "de chuid na hÉireann" iad. Tá sé seo ríthábhachtach chun tacú le honnmhairiú táirgí na hÉireann a mhéadú amach anseo. Tá buíochas tuillte ag an gCoimisinéir Phil Hogan as na hidirbheartaíochtaí casta seo a chur i gcrích.”

Anois agus na hidirbheartaíochtaí curtha i gcrích, cuirfear an comhaontú ar aghaidh chun grinnscrúdú dlí a dhéanamh air. Iarrfar ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle é a cheadú ansin san AE. Táthar ag súil go mbeidh an comhaontú seo i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana 2020.

D'fhógair an tAire Creed go dtabharfaidh sé cuairt ar an tSín an tseachtain seo chugainn chun táirgí bia agus dí na hÉireann a chur chun cinn sa bpríomh-mhargadh seo agus beidh Ambasáid na hÉireann i mBéising, a Roinn féin agus Bord Bia iad féin rannpháirteach. “Cuirfidh an chuairt seo leis an dul chun cinn atá déanta le gairid cead a thabhairt do 14 mhonarcha mairteola a gcuid táirgí a onnmhairiú chuig an tSín. Cuirfidh sin le hacmhainn na hÉireann freastal ar an éileamh níos mó atá sa tSín ar mhairteoil atá ar ardchaighdeán, atá sábháilte agus a dhéantar a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe" a dúirt an tAire Creed mar fhocal scoir.

Nótaí d'Eagarthóirí

Breis eolais maidir leis an gcomhaontú GI.

Clár oibre na cuairte trádála

Dé Luain an 11 Samhain - Shanghai a bhaint amach

Dé Máirt an 12 Samhain - cruinnithe gnó le custaiméirí tábhachtacha sa tSín, seimineár agus cur i láthair maidir le mairteoil na hÉireann; taisteal chuig Béising deireanach sa tráthnóna

Dé Céadaoin an 13 Samhain - cruinnithe gnó le custaiméirí tábhachtacha; preasagallamh agus imeacht bolscaireachta do mheáin na Síne in Ambasáid na hÉireann i mBéising, imeacht deireadh an tráthnóna

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat