Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh an stádas PGI atá ceadaithe le haghaidh Putóg Dhubh na Snadhma
- Foilsithe: 23 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2020
Chuir an tUasal Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara fáilte inniu go bhfuil Putóg Dhubh na Snadhma curtha ag an gCoimisiún Eorpach le clár cáilíochta na dTásc Geografach faoi Chosaint (PGI).
Dúirt an tAire Creed "Is iontach an scéal é seo do lucht táirgthe 'Putóg Dhubh na Snadhma'. Beidh sé ar an liosta in éineacht le hainmneacha bia AE a bhfuil nasc faoi leith acu le háit áirithe i ndáil le caighdeán, tréithe agus traidisiún agus a bhfuil aitheantas agus cosaint acu. Faoin gcóras GI (Tásc Geografach) seo, cuirtear cosaint branda ar fáil do tháirgeoirí bianna traidisiúnta áitiúla agus bítear ábalta teacht i dtír ar an spéis mhór atá ag tomhaltóirí i bhfoinse, traidisiún agus caighdeán áitiúil. Bainfidh 'Putóg Dhubh na Snadhma' an leas céanna as an aitheantas cosanta seo is a bhaineann ainmniúcháin bhia eile na hÉireann - Salann Sáile Oiriall PDO, Mianraí Mara Oiriall PDO, Regato Ó Mic Coille PDO, Uan Sléibhe Chonamara PGI agus Blaa Phort Láirge / Blaa PGI."
Putóg thraidisiúnta fola atá i 'bPutóg Dhubh na Snadhma' nach bhfuil aon chás uirthi agus a dhéantar a bhácáil ar thraenna. Tá dath saibhir dearg-donn uirthi agus níl aon dhathanna, blasanna, toirteoirí ná leasaithigh saorga inti.
Dúirt an tAire Creed to bhfuil a Roinn rannpháirteach go gníomhach le páirtithe leasmhara agus é mar aidhm aige iarratais líon táirgí breise as Éirinn a bhrú chun cinn.
Nótaí d'Eagarthóirí
Is féidir breis eolais a fháil ar láithreán gréasáin an DAFM.
Tásca Geografacha (GI)
Féachtar leis na tásca geografacha ainmneacha táirgí faoi leith a chosaint d'fhonn a gcuid tréithe ar leith atá nasctha lena mbunús geografach chomh maith le saineolas traidisiúnta a chur chun cinn. Ní hamháin gur tásc ar fhoinse agus ar bhunús geografach iad - tá siad bunaithe ar cháil agus ar chaighdeán táirge faoi leith.
Tugann tásc geografach le fios do thomhaltóirí go bhfuil caighdeán agus barántúlacht ag baint leis an táirge sin. Faoi Rialachán 1151/2012 ón AE is féidir bia-ábhar a bhfuil nasc láidir acu leis an gceantar a chlárú mar PDO (Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint), mar Thásc Geografach faoi Chosaint (PGI) sa chás go ndéantar ceann amháin ar a laghad de na céimeanna táirgthe sa cheantar agus go bhfuil Sainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht (TSG) a bhfuil modh traidisiúnta táirgthe ag baint leo (25 bliana ar a laghad). Is féidir leis an gceantar a bheith ina réigiún, ina áit faoi leith, nó i gcásanna eisceachtúla, ina thír.
Déantar tásca geografacha a aithint mar mhaoin intleachtúil agus tá ról níos tábhachtaí acu anois in idirbheartaíochtaí trádála idir an tAE agus tíortha eile.
Tá seacht ainmniúchán eile bia ag Éirinn
PDO: Salann Sáile Oiriall (2016); Mianraí Mara Oiriall (2016); Cáis Regato Ó Mic Coille (1999).
PGI: Blaa Phort Láirge (2013); Uan Sléibhe Chonamara (2007); Putóg Dhonn Thigh Molaige (2000); Bradán Chliara (1999).
Deochanna Biotáille
Is iad Uisce Beatha na hÉireann, Uachtar na hÉireann agus Poitín na hÉireann trí dheoch biotáille uile-oileáin na hÉireann a bhfuil cosaint acu faoi Rialachán (CE) Uimh 110/2008.
CRÍOCH