English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh cheapachán Ataiséanna Talmhaíochta nua sula dtugann siad a n-aghaidh ar Ambasáidí na hÉireann i margaí barrthábhachtacha

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh cheapachán Ataiséanna Talmhaíochta nua agus guíonn gach rath orthu ina róil sula dtugann siad a n-aghaidh ar Líonra Ambasáidí na hÉireann thar lear.

Dúirt an tAire Creed:

"Cuid lárnach de fhreagairt mo Roinnse ar na dúshláin atá ann mar gheall ar an mBreatimeacht is ea díriú níos géire ar theacht a bheith againn ar mhargaí agus ar thrádáil a dhéanamh sna margaí sin. Chomh maith leis sin tagann sé go mór le téama Foodwise 2025 maidir leis an margadh a fhorbairt. Bhain práinn níos mó leis an obair seo mar gheall ar an mBreatimeacht.

Mar chuid den ról a bheidh ag na hataiséanna beidh cuidiú i ndáil le trádáil, agus í a fhorbairt agus a éascú i gcomhar le Foireann na hÉireann, chomh maith le caidrimh a fhorbairt tuilleadh ag an leibhéal polaitiúil agus oifigiúil lena chinntiú go ndéanfar ionadaíocht ar leasa na hÉireann sna tíortha sin.

Dúirt an tAire Creed:

"Is maith a thuigimse le blianta beaga anuas go bhfuil an lucht aitheantais a chastar orainn ag na misin sin ríthábhachtach do na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun go mbeidh teacht ag Éirinn ar mhargaí nua, chomh maith le cur leis na leibhéil trádála atá ann cheana féin agus iad a leathnú ó thaobh luacha agus méide de."

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed:

"Táim ag cur le lorg domhanda mo Roinne ós rud é go bhfuil ochtar ataisé talmhaíochta ag mo Roinn faoi láthair a bhfuil poist acu in Ambasáidí ar fud an domhain. Tiocfaidh na hataiséanna nua in ionad na n-oifigeach atá i mBéising, sa Bhruiséil, sa Ghinéiv agus i Washington agus beidh poist bhreise i gceist do na láithreacha barrthábhachtacha - Beirlín, Tóiceo agus Cathair Mheicsiceo. Beidh caidrimh oifigiúla le hÚdaráis agus le Gníomhaireachtaí Inniúla sna tíortha sin a fhorbairt ina phríomhchúram dá gcuid oibre agus ba chóir go gcuideodh sin chun an teacht atá againn ar na margaí sin a dhoimhniú agus a leathnú amach anseo."

Is cuid den leathnú atáimid a iarraidh a dhéanamh ar lorg domhanda na hÉireann atá sna ceapacháin seo i gcomhthéacs an tionscnaimh Global Ireland 2025 a sheol an Taoiseach in 2018. Is é seo an t-athnuachan agus an méadú is uaillmhianaí atá déanta go dtí seo ar láithreacht idirnáisiúnta na hÉireann i dtéarmaí taidhleoireachta, cultúir, gnó, cúnamh thar lear, turasóireachta agus trádála.

CRÍOCH