English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh fhógra maidir le pacáiste €1bn atá dírithe ar an teacht atá ag feirmeoirí AE, agus ag feirmeoirí óga ach go háirithe ar mhaoiniú, a mhéadú

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Michael Creed TD, roimh fhógra ón gCoimisinéir um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe, Phil Hogan agus ó Leas-Uachtarán EIB, Andrew McDowell, inniu maidir le pacáiste €1 bhilliún atá dírithe ar an teacht atá ag feirmeoirí AE agus ag feirmeoirí óga ach go háirithe ar mhaoiniú, a mhéadú.

Dúirt an tAire Creed:

"Ceann de na tosaíochtaí atá agam is ea feabhas a chur ar an teacht atá ar mhaoiniú san earnáil agraibhia. Táim ag súil le dul i mbun oibre leis an gCoimisiún agus leis an EIB lena chinntiú go mbeidh teacht ag feirmeoirí ar na táirgí airgeadais cuí chun go mbeidh siad ábalta a gcuid fiontar féin a chothabháil agus a fhorbairt. Cuirfidh sé seo le forbairt fhoriomlán na hearnála agraibhia ar earnáil í atá ina cuid ríthábhachtach de gheilleagar na hÉireann agus tá tábhacht faoi leith ag baint léi do phobail thuaithe agus cósta."

Dúirt an tAire Creed freisin:

"Is tosaíocht atá ann i gcónaí tacú le feirmeoirí óga agus an ghlúin a athnuachan, ar tosaíocht í a bheidh ina cuid thábhachtach den CAP i ndiaidh 2020."

Go dtí go ndéanfar aon táirgí nua a chur ar fáil d'fheirmeoirí, leag an tAire Creed béim ar an Scéim Iasachta um Fhorás sa Todhchaí, a sheol sé le gairid le comhghleacaithe Rialtais. Tá an pacáiste á fhorbairt ag Roinn an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta i gcomhpháirt leis an Roinn Airgeadais, Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann (SBCI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta, déanfar é a chur ar fáil trí sholáthraithe airgeadais rannpháirteacha agus cuirfear suas le €300 milliún d'iasachtaí infheistíochta ar fáil do ghnónna incháilithe in Éirinn, lena n-áirítear feirmeoirí óga agus na hearnálacha agraibhia agus bia mara.

Dúirt an tAire Creed:

"Mar a dúirt mé ag an seoladh, is foinse airgeadais í seo a bhfuiltear ag fanacht uirthi le fada i gcás feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua atá ag tosú amach, agus go háirithe don chohórt nach bhfuil leibhéil arda slándála acu. Freastalóidh sé chomh maith ar fheirmeoirí ar scála níos lú nach mbíonn a ndóthain giarála acu chun dul i mbun idirbheartaíochta chun téarmaí níos fabhraí a fháil lena mbanc. Níl maoiniú fadtéarmach neamhurraithe sin ar feadh 8 nó 10 mbliana ar fáil ar mhargadh na hÉireann faoi láthair. Cé gur €100,000 an iasacht is lú atá ann faoin Scéim, d'iarr mé go mbeadh íosmhéid €50,000 ann d'fheirmeoirí ach go háirithe, rud a dtángthas ar chomhaontú ina leith."

Tá an Scéim oscailte d'iarratais ar incháilitheacht iasachta tríd an SBCI. Is féidir tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear doiciméad FAQ, ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.agriculture.gov.ie/agri-foodindustry/agri-foodandtheeconomy/agri-foodbusiness/futuregrowthloanscheme, agus ar láithreán gréasáin an SBCI ag: sbci.gov.ie/schemes/future-growth-loan-scheme.

CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí:

Is féidir teacht ar an bhfógra seo ón gCoimisiún Eorpach agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta (EIB) ag ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_19_2294.