Fáilte curtha ag an Aire Hackett roimh ráiteas ó Airí Talmhaíochta Domhanda maidir le mar a dhéanfar bia a chur ar fáil ar fud an domhain le linn tréimhsí paindéime agus athrú aeráide
- Foilsithe: 22 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Cúrsaí Bithéagsúlachta, an Seanadóir Pippa Hackett inniu roimh Chomhráiteas a d'aontaigh Airí Talmhaíochta ar fud na cruinne.
Bhí an tAire páirteach i gComhdháil na nAirí Talmhaíochta ag an 13ú Fóram Domhanda maidir le Bia agus Talmhaíocht (GFFA), a reáchtáladh ar líne den chéad uair agus is éard a dúirt sí faoin gcruinniú agus faoin gcomhráiteas aontaithe,
"Ba mhór an onóir dom é ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an ócáid dhomhanda seo agus cuirim fáilte mhór roimh an gcomhráiteas aontaithe trína ndéantar glao maidir le dul i mbun gnímh chun freagra a thabhairt ar phaindéim Covid-19, cosc a chur ar phaindéimí breise agus aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide."
Leagtar béim ar an ngá atá ann inbhuanaitheacht na gcóras bia a mheas leis an gcomhráiteas seo, lena n-áirítear na costais eile a bhíonn i gceist do shochaithe; agus tugtar aitheantas leis don ról riachtanach atá ag feirmeoirí beaga agus feirmeacha beaga teaghlaigh, chomh maith leis an tábhacht atá ann feabhas a chur leis an teacht atá acu ar an margadh. Cuirim fáilte chomh maith roimh an mbéim a cuireadh ar an tábhacht a bhaineann le pórtha áitiúla beostoic agus cineálacha barr áitiúla atá á mbainistiú ag feirmeoirí. Ar ndóigh, tacaím chomh maith leis an ngealltanas a tugadh tacú le bearta a chuirfidh cosc ar níos mó foraoisí a chailleadh agus ar dhíghrádú éiceachórais, agus i dtaobh carbón ithreach a fheabhsú chomh maith le sláinte ithreach."
Is comhdháil idirnáisiúnta í an GFFA a reáchtáiltear i mBeirlín gach bliain le linn Sheachtain Ghlas Idirnáisiúnta (IGW). Is ar mar a dhéanfar bia a chur ar fáil ar fud an domhain le linn tréimhsí páindéime agus athrú aeráide a leagadh béim i mbliana. D'aontaigh an 76 Aire Talmhaíochta téacs an Chomhráitis ag an gcruinniú.
Ghlac an tAire Hackett páirt i seisiún tosaigh le linn na comhdhála maidir le hathrú aeráide a mhaolú. Dúirt sí,
"Tuigimid go bhfuil na tíortha is leochailí ar fud na cruinne i dtaobh thionchair an athraithe aeráide i measc na dtíortha ina bhfuil bochtanas agus ocras i réim cheana féin. Mar sin, tá sé de fhreagracht orainn ar fad beart a dhéanamh."
"Anseo in Éirinn, cuirfidh Ag Climatise, plean oibre na tíre d'earnáil na Talmhaíochta, ar ar gcumas tús a chur lenár n-aistear i dtreo ghealltanas na tíre córas bia a bheidh neodrach ó thaobh aeráide a fhorbairt agus a bheidh ag teacht le spriocanna teochta Pháras faoi 2050 a shásamh".
Tá sé de fhreagracht orainn inár gcáil mar lucht déanta beartas an timpeallacht a chosaint, agus is ceart atá sé go ndéanfaí tagairt sa Chomhráiteas ar an ngná atá ann roghanna a scrúdú i dtaobh bearta polasaí chun inbhuanaitheacht na gcóras bia a fheabhsú. Is faoi gach duine ar feadh an tslabhra táirgthe bia atá sé a gcuid a dhéanamh i dtreo athrú aeráide a mhaolú. Mar sin, chun bheith éifeachtúil, ní mór dúinn tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí céimeanna a ghlacadh chun astaíochtaí a mhaolú chomh maith lena dteacht aniar féin a neartú. Ba chóir dúinn a thabhairt ar aird chomh maith nach féidir rogha a dhéanamh idir inbhuanaitheacht timpeallachta, sóisialta agus eacnamaíochta. D'fhéadfadh comhthairbhí a bheith i gceist le go leor de na cleachtaí a mbíonn tionchar acu ar astaíochtaí ceaptha carbóin a mhaolú do tháirgiúlacht feirme chomh maith le bithéagsúlacht agus go deimhin, folláine na bhfeirmeoirí."
CRIOCH