Fáilte curtha ag an Aire McConalogue agus an tAire Stáit Heydon roimh comhaontú an AE ar GInna (Táisc Gheografacha) leis an tSín

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire McConalogue agus an tAire Stáit Heydon roimh comhaontú an AE ar GInna (Táisc Gheografacha) leis an tSín

Tá fáilte curtha ag an Aire Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit Martin Heydon T.D. roimh an scéala gur tugadh an nós imeachta scríofa chun an Comhaontú idir an AE agus Rialtas Daon-Phoblacht na Síne maidir le comhoibriú i leith táisc gheografacha, agus táisc gheografacha a chosaint, a shocrú a thabhairt chun críche inniu tar éis do gach toscaireacht vótáil i bhfabhar chinneadh na Comhairle a ghlacadh.

Dúirt an tAire McConalogue,

"Cuirim fáilte roimh an gcomhaontú seo a chinnteoidh go dtabharfar cosaint do dhá Thásc Gheografacha - dhá dheoch biotáille de chuid na hÉireann a onnmhairítear chun na Síne - Uachtar Licéir Éireannaigh agus Uisce Beatha Éireannach - arb í mo Roinnse an t-údarás inniúil. Príomhthionscnamh de chuid mo Roinne agus de chuid an Rialtais is ea éagsúlú margaidh agus luach a chur lenár mbianna ardchaighdeáin. Leanfaimid de gach deis a fhiosrú d'fhonn an sochar is airde a chur ar fáil dár dtáirgeoirí.

Dúirt an tAire Heydon

"D'ardaigh luach onnmhairithe in éineacht don Uisce Beatha Éireannach agus don Uachtar Licéir Éireannaigh chun na Síne ó €1.47 milliún in 2018 go dtí €4.36 milliún in 2019. Tá tábhacht níos mó agus níos mó leis an margadh seo do dheochanna biotáille na hÉireann agus fáiltím roimh an gcosaint dlí a chuirfidh an comhaontú seo ar fáil do tháirgí barántúla na hÉireann."

Nóta d'Eagarthóirí :

€000 onnmhairithe chun na Síne
Uisce Beatha Éireannach
Uachtar Licéir Éireannaigh
Iomlán (€000)
2015
239
813
1,052
2016
292
492
784
2017
671
600
1,271
2018
465
1,004
1,469
2019
1,155
3,204
4,360

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat