English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh an t-aitheantas atá tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmnhithe (OIE) do stádas riosca diomaibhseach BSE na hÉireann

Inniu d’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., roimh an gcinneadh atá déanta ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) aitheantas a thabhairt do riosca diomaibhseach a bheith ag Éirinn i ndáil le heinceifileapaite spúinseach bhólachta (BSE), an stádas riosca is ísle a d’fhéadfadh a bheith ag tír.

D’fháiltigh an tAire roimh aischur stádas riosca diomaibhseach BSE na hÉireann, agus dúirt sé gur

“fianaise shoiléir é ar na rialuithe láidre maidir le sláinte, bia agus sábháilteacht bia ainmhithe atá i bhfeidhm in Éirinn. Is fianaise é ar thiomantas, saineolas agus díograis na bpáirtithe leasmhara ar fad, a bhfuil tréaniarrachtaí déanta acu le blianta fada anuas chun an galar seo a rialú agus a dhíothú. Táim dóchasach go dtacóidh an fógra seo lenár bhfeirmeoirí mairteola den chéad scoth agus leis an earnáil trí chéile.”

Cinneadh an t-aitheantas a thabhairt i rún de chuid Thionól Domhanda Thoscairí OIE ag 88ú Seisiún Ginearálta na heagraíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,

“is toradh é fógra an lae inniu de shé bliana d’obair ullmhúcháin a bheith curtha i gcrích ag mo Roinn.” Chomh maith leis sin, dúirt sé gurb é an chéim chéad eile den phróiseas a chinntiú go raibh éifeacht phraiticiúil agus dhlíthiúil ag cinneadh OIE ag leibhéal AE, a cheadóidh laghdú suntasach i liosta fíochán áirithe a bhaineann le buaibhigh nach mór a dhiúscairt go córasach mar ábhar sonraithe riosca.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit Martin Heydon T.D., a bhfuil freagracht shonrach air i ndáil le rochtain ar an margadh, “Is dea-scéala é seo go háirithe i dtéarmaí na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh agam féin agus ag mo Roinn margaí nua a rochtain agus an rochtain ar an margaidh atá ann cheana féin dár n-onnmhairí mairteola a chothabháil. Cuirfidh mé féin, i dteannta le m’oifigigh, tús láithreach leis an obair a bhaineann le haird na n-údarás inniúil sna príomh-mhargaí idirnáisiúnta a tharraingt ar an bhforbairt an-dearfach seo.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas,

“Is formhuiniú tábhachtach breise é cinneadh OIE ar an dea-cháil atá ar rialuithe sláinte ainmhithe na hÉireann go hidirnáisiúnta. Tá súil agam go gcabhróidh fógra an lae inniu chun deiseanna trádála nua a bhunú dár bhfeirmeoirí mairteola chun táirgí sábháilte, ar ardchaighdeán a sholáthar.”

Nótaí do na heagarthóirí:

Is galar é BSE Clasaiceach a chuireann isteach ar néarchóras eallaí, agus tá tréimhse ghoir fhada de idir dhá bhliain agus ocht mbliana luaite leis, agus bíonn tréimhse ghoir níos faide i gceist uaireanta freisin. I láthair na huaire níl aon chóireáil ná aon vacsaín ar fáil don ghalar seo.

Tá aitheantas oifigiúil maidir le riosca sláintíoch bunaithe ag OIE le haghaidh BSE i dtíortha ina n-iomláine nó i gcriosanna agus i rannáin shainithe, trí nós imeachta atá trédhearcach, eolaíochtbhunaithe agus neamhchlaonta. Go hoifigiúil, tá dhá chatagóir de stádas riosca BSE sainaitheanta ag OIE: stádas riosca rialaithe agus stádas riosca diomaibhseach.

Tá sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir an dá chineál BSE: BSE Clasaiceach - a tharlaíonn má itear bia éillithe agus BSE Aitíopúil a chreidtear a tharlaíonn i ngach líon eallaí ag ráta an-íseal agus nach bhfuil sainaitheanta ach i measc eallaí níos sine.

Ní bhaineann catagóiriú stádas riosca BSE ach le BSE clasaiceach. Ní chuimsítear foirmeacha de ‘BSE Aitíopúil’ i scóip an chatagóirithe, de bhrí go gcreidtear go dtarlaíonn siad go spontáineach i ngach líon eallaí ag ráta an-íseal.

Sainaithníodh an chéad chás de BSE in Éirinn sa bhliain 1989. Bhí an buaicráta teagmhais cothrom le 333 cás in 2002 agus laghdaigh líon na gcásanna go tapa ina dhiaidh sin i ndiaidh rialuithe beatha feabhsaithe a bhunú in 2001. I mBealtaine 2015 bhí stádas riosca diomaibhseach BSE ag Éirinn ach athraíodh an stádas go stádas riosca BSE rialaithe ina dhiaidh sin i ndiaidh cás de BSE clasaiceach a shainaithint in ainmhí a fuair bás.

Baineann tábhacht le haitheantas oifigiúil stádas sláinte ainmhithe chomhaltaí OIE i ndáil le trádáil idirnáisiúnta agus is ionann é agus ceann de na naisc dhlíthiúla is tábhachtaí idir OIE agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

CRÍOCH