Fáilte curtha ag an Aire roimh an Dul Chun Cinn sa Chomhar Idirnáisiúnta ar Chórais Bhia
- Foilsithe: 23 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu straitéis nua trí bliana Chórais Bhia Inbhuanaithe Éireann (SFSI). Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é SFSI a thairgeann taithí agus saineolas na hÉireann maidir le claochlú córas bia agus talmhaíochta do thíortha comhpháirtíochta. Bunaíodh in 2014 é mar fhreagra ar iarratais ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta na hÉireann ar chúnamh maidir le sábháilteacht, slándáil agus inbhuanaitheacht a gcóras bia.
Agus Ráiteas Straitéise Chórais Bhia Inbhuanaithe Éireann, 2024 go dtí 2027, á sheoladh aige, ghabh an tAire buíochas leis na ceithre eagraíocht Stáit agraibhia – Teagasc, an Bord Bia, Fiontraíocht Éireann agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ) atá i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, trí SFSI, chun go n oibreodh an comhar idirnáisiúnta seo.
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Is ceannaire domhanda í Éire ina cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar chórais chun straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm don earnáil agraibhia. I dtéarmaí praiticiúla, is féidir saineolas na hÉireann i réimsí cosúil le sábháilteacht bia riosca-bhunaithe, cáilíocht agus inrianaitheacht a roinnt lenár gcomhpháirtithe chun a gcórais bhia féin a neartú, as a dtiocfaidh torthaí níos fearr ar fud an domhain.
Is féidir na prionsabail agus na cuir chuige, an taithí agus na scileanna atá foghlamtha againn, agus sinn fós ag foghlaim ar ár n aistear féin i dtreo an inbhuanaitheacht a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna éagsúla. Trí SFSI, is féidir linn caidrimh níos láidre a fhorbairt ar fud an domhain agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna coitianta,”
arsa an tAire anuas air sin.
D’aithin an tAire an dá dhúshlán atá roimh an domhan – is é sin bia a chur ar fáil do bhreis agus naoi mbilliún duine agus an téamh domhanda a mhoilliú ag 1.5 céim os cionn na tréimhse réamhthionsclaíche faoi 2050.
“Is féidir le claochlú ár gcóras bia torthaí dearfacha a sheachadadh atá ríthábhachtach chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA, ár spriocanna 2050 agus spriocanna comhshaoil agus bithéagsúlachta eile a bhaint amach. Fáiltím roimh an Ráiteas Straitéise nua de chuid SFSI do 2024 go dtí 2027, a gheallann tógáil ar éachtaí SFSI go dtí seo agus a leagann amach a uaillmhian, is é sin cur le hinbhuanaitheacht chórais bhia na hÉireann agus ár gcomhpháirtithe domhanda.”
Dúirt an tAire McConalogue an méid sin mar fhocal scoir.
DEIREADH
Tá Ráiteas Straitéise SFSI do 2024 go dtí 2027 ar fáil le híoslódáil anseo
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é Córais Bhia Inbhuanaithe Éireann (SFSI) a thairgeann taithí agus saineolas na hÉireann maidir le claochlú córas bia agus talmhaíochta do thíortha comhpháirtíochta.
Bunaíodh SFSI in 2014, mar chomhoibriú idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus ceithre eagraíocht agraibhia Stáit – Teagasc, an Bord Bia, Fiontraíocht Éireann agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ).
Aithnítear le cruthú SFSI go gcuireann comhroinnt eolais agus scileanna go mór le beartas eachtrach agus eacnamaíoch, agus go dtéann rannpháirtíocht i gcomhroinnt dhomhanda ar dhea-chleachtas chun sochair d’Éirinn agus dár gcomhpháirtithe.
Tugann SFSI faoi thionscadail forbartha acmhainneachta a fhorbairt san Afraic, sa Mheánoirthear, i gComharsanacht an Aontais Eorpaigh agus san Áise.