Fáilte curtha ag Creed roimh phleananna maidir le hiascaigh a bhainistiú i gcás Breatimeacht Gan Mhargadh
- Foilsithe: 10 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2020
Tá Plean Teagmhasach i leith an Bhreatimeachta eisithe inniu ag an gCoimisiún Eorpach, atá comhaontaithe le hÉirinn agus le seacht mBallstát eile atá buailte, ina leagtar amach an bealach a ndéanfaí iascaigh a bhainistiú i gcás go mbeadh Breatimeacht Gan Mhargadh ann. Aithnítear iascaigh a bheith i measc na bhfadhbanna is práinní atá roimh an AE i gcás Breatimeacht gan Mhargadh.
Leagtar amach sa Chumarsáid na hullmhúcháin atá á ndéanamh san AE, atá comhaontaithe leis na hocht mBallstát a mbeadh tionchar díreach ag Breatimeacht Gan Mhargadh orthu. Aithnítear inti an gá atá le bearta maolaithe agus go háirithe cúiteamh do shoithí iascaigh a bheadh curtha le balla go sealadach. Tugtar ról láidir comhordaithe do Choimisiún an AE inti.
Dúirt an tAire Creed inniu:
"Léirítear sa chumarsáid seo an leibhéal ard pleanála atá á déanamh ag Éirinn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Spáinn, an Bheilg agus an tSualainn agus iad i mbun oibre go dlúth le DG Mare. Nuair a bhuail mé leis an gCoimisinéir Vella i mí Feabhra seo caite, chuir mé béim ar na baoil atá ann dáiríre go mbeifí ag cruinniú i zón iascaigh 200 míle na hÉireann mar gheall ar fhlíteanna an AE a bheith coinnithe amach as uiscí na Ríochta Aontaithe. Chuir mé in iúl nach raibh amhras ar bith go mbeadh ár bhflít féin curtha as áit agus go laghdófaí stoic éisc mura nglacfaí gníomh ina leith."
Dúirt an tAire Creed freisin:
"Chuir mé ar a shúile don Choimisinéir an gá atá le cur chuige Eorpach chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus d'aontaigh mé leis gur theastaigh ó Bhallstáit agus ó DG Mare plean teagmhasach a chur i bhfeidhm. D'oibrigh mé go dian le seachtainí beaga anuas, agus choinnigh mé an tionscal iascaigh ar an eolas faoin obair lena chinntiú go mbeimis réidh don chás ba mheasa ach tá súil agam ag an am céanna nach dteastóidh uainn go deo feidhm a bhaint as na pleananna seo."
Dúirt an tAire Creed:
"Tá bearta againn anois atá sainaitheanta, comhaontaithe, comhordaithe agus ullmhaithe go hiomlán, a mbeidh fáil orthu ar an bpointe chun dul i ngleic le Breatimeacht gan Mhargadh, dá mba rud é go ndéanfaí cinneadh sa Ríocht Aontaithe cead ar rochtain ar uiscí na RA a dhiúltú do shoithí ón AE. Táim ag iarraidh maoiniú breise ón AE chun tacú leis an mbeart maolaithe seo má bhíonn gá leis. Má bhíonn orainn dul i muinín na socruithe seo beidh sé bunriachtanach, mar atá comhaontaithe againn anois ag leibhéal an AE, go mbeadh gach flít de chuid an AE atá rannpháirteach ag comhoibriú faoi na socruithe struchtúrtha chun an cás a bhainistiú. Tá sé aontaithe eadrainn anois nach mbeadh tionchar díréireach ar fhlít na hÉireann agus tá sé cinntithe againn go nglacfaidh gach Ballstát a mbeidh tionchar aige orthu a gcion féin den ualach mar is cuí."
Tá cóip den Chumarsáid ón AE faoi iamh ag ec.europa.eu/info/sites/info/files/5_en_annexe_autre_acte_part1_v6.pdf.
CRÍOCH