Fáilte curtha ag Creed roimh Straitéis ón bhFeirm go dtí an Bord agus Straitéis Bithéagsúlachta nua an AE Dianmheasúnú tionchair agus próiseas fada comhchomhairliúcháin éilithe ag an Aire
- Foilsithe: 8 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Meitheamh 2020
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu roimh fhoilsiú dhá straitéise - Straitéis ón bhFeirm go dtí an Bord agus Straitéis Bithéagsúlachta an Choimisiún Eorpaigh.
Dúirt an tAire Creed le linn fhíschomhdháil neamhfhoirmeálta inniu, idir Airí Talmhaíochta na hEorpa, Coimisinéirí Eorpacha um Thalmhaíocht agus Sláinte agus Sábháilteacht Bia:
"Fáiltím roimh an dá straitéis, ach ní mór dom fainic a chur ar oraibh. Creidim nár mhór dúinn tabhairt faoi mhionanailís a dhéanamh ar an dá stráitéis, i bhfoirm dianmheasúnuithe tionchair agus comhchomhairliúcháin leathana, d'fhonn a chinntiú go gcoinnítear agus go gcuirtear comórtas agus inmharthanacht airgeadais na gcóras próiseála bia chun cinn ar fud na mBallstát, fad agus atá torthaí feabhsaithe timpeallachta á seachadadh sa tsochaí agus sa gheilleagar."
D'éiligh an tAire Creed ar an gCoimisiún dlús a chur faoi sheachadadh an chreata reachtaíochta atá beartaithe maidir le córais inbhuanaithe bia, go háirithe i bhfianaise scála na huaillmhéine atá sa dá straitéis. Thug an tAire ar aird chomh maith an tábhacht a bhaineann le sláine an mhargaidh shingil agus athruithe á ndéanamh, agus chun a chinntiú go mbeidh comhsheasmhacht beartais ann ag leibhéal Eorpaigh - mar shampla idir beartais talmhaíochta agus trádála idirnáisiúnta - sa réimse seo agus i réimsí eile a chuireann isteach ar thorthaí timpeallachta.
D'éiligh an tAire go mbeadh cainteanna tráthúla agus éifeachtacha ann idir an Coimisiún agus Ballstáit agus é ag caint faoin gcaidreamh idir na straitéisí nua agus an obair leanúnach atá Ballstáit ag tabhairt fúithi maidir lena bPleananna Straitéise CAP atá beartaithe.
Dúirt sé:
"Tá a fhios againn nár mhór dúinn na cuspóirí leathana maidir leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Bord agus an Straitéis Bithéagsúlachta a ghlacadh san áireamh agus ár bPleananna Straitéiseacha á dtabhairt chun críche, ní atá beartaithe againn a dhéanamh in Éirinn. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh sé seo moill ar phleananna náisiúnta a cheadú. Níor cheart go mbainfeadh sé an bonn de phrionsabal na coimhdeachta. Is éard a cheart a bheith againn ná plé leanúnach agus oscailte idir Ballstáit agus an Coimisiún, ag obair i gcomhar d'fhonn na pleananna tábhachtacha seo amach romhainn a aontú."
Mar fhocal scoir thagair an tAire Creed arís don ghá atá ann CAP atá maoinithe go sásúil a bheith i bhfeidhm, d'fhonn tacú le feirmeoirí maidir le próiseas aistrithe, atá anois faoi dhlús, go todhchaí níos inmharthana. Cé gur fháiltigh sé roimh mholtaí leasaithe MFF agus Next Generation an AE le déanaí agus go mheas sé gur feabhas suntasach iad ar mholtaí buiséid a bhí ann roimhe seo, dúirt sé go raibh Éire fós i mbun na moltaí a mheas go cúramach.
I dtaca leis sin, thug an tAire ar aird:
"Ní gá go ndéanfadh tús-ualú na n-íocaíochtaí atá beartaithe faoi Ionstraim Téarnaimh Next Generation an AE cuspóirí na straitéisí sin a bhaint amach a éascú, ó tharla go dteastóidh gníomhaíochtaí agus geallúintí ó fheirmeoirí thar thréimhse ama níos faide ná an tréimhse idir seo agus 2024. Chomh maith leis sin, de bharr chomh sealadach agus atá an maoiniú sin d'fhéadfadh an pointe ag a dtosóimid sna pléití buiséid an chéad uair eile a bheith an-íseal go deimhin. Ní dea-thuar a bheidh ann maidir lenár gcumas leanúint de thacaíocht a thabhairt maidir leis an athrú chuig todhchaí níos inmharthana."
CRÍOCH