Fáilte curtha ag McConalogue roimh chomhaontú maidir le cuótaí sealadacha éisc an AE d’fhonn cinnteacht a thabhairt d’iascairí an AE go dtí go gcuirfear an idirbheartaíocht idir an AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le cuótaí don bhliain iomlán i gcrích
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil comhaontú déanta ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh chun cuótaí sealadacha d’iascairí an AE a shocrú de réir comhairle eolaíochta maidir le stoic éisc don tréimhse suas go dtí 31 Iúil 2021 .
The Minister for Agriculture, Food and the Marine, Charlie McConalogue T.D., today confirmed that agreement has been reached at the Agriculture and Fisheries Council to set provisional quotas for EU fishermen in line with scientific advice for fish stocks for the period up to 31 July 2021.
Dúirt an tAire, “Is mian linn conclúid shásúil a bhaint amach maidir leis an idirbheartaíocht idir an AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le TACanna agus cuótaí na stoc a roinnimid leis an RA a shocrú don bhliain iomlán. Tá na comhairliúcháin seo fós ar siúl agus níl siad curtha i gcrích go fóill. Idir an dá linn, is beart praiticiúil é seo a thabharfaidh leanúnachas dár gcabhlaigh iascaireachta, toisc go rachaidh na cuótaí eatramhacha reatha in éag ag deireadh mhí an Mhárta. "
Ag Comhairle Airí Iascaigh an AE i mí na Nollag na bliana seo caite, d’aontaigh Airí ar Ghabhálacha Iomlána Incheadaithe (TACanna) agus cuótaí a shocrú don chéad ráithe de 2021, go dtí go bhfeictear toradh na hidirbheartaíochta ar chaidreamh amach anseo leis an RA.
Tá an Coimisiún Eorpach, thar ceann an AE, i mbun comhairliúcháin leis an RA maidir le deiseanna iascaireachta a leagan síos do stoic chomhroinnte do 2021 ó thús mhí Feabhra. Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna comhairliúcháin seo agus cé nár thángthas ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe go dtí seo, cruthóidh TACanna agus cuótaí sealadacha d’iascairí an AE ar feadh seacht mí cinnteacht agus leanúnachas do thionscal na hiascaireachta.
Dúirt an tAire, “Táim dóchasach go gcuirfear an idirbheartaíocht leis an Ríocht Aontaithe i gcrích go gairid, ach fiú leis sin ní dóigh go mbeidh na cuótaí bliana iomláine i bhfeidhm faoi dheireadh mhí an Mhárta. A luaithe a bheidh na comhairliúcháin leis an Ríocht Aontaithe críochnaithe, beidh mé ag iarraidh ar an gComhairle cuótaí an AE a ghlacadh don bhliain iomlán gan a thuilleadh moille."
Ag teacht le Comhaontú Trádála agus Comhoibrithe AE/RA, leanfaidh na cuótaí sealadacha 7 mí seo comhairle eolaíoch. Chomhaontaigh an Chomhairle méaduithe ar na cuótaí sealadacha i gcás stoic thábhachtacha mar shampla Anglait i Limistéar 7 (+ 8%) agus Gliomach na hIorua sa Bhanc Porcupine (+ 25%), i gcomparáid le 2020. D'fhan an cuóta sealadach do na stoic mhangaigh ag an leibhéal a scoraíodh don chéad trí mhí rud a léiríonn an chomhairle réamhchúraim ó ICES.
Maidir leis na speicis pheiligeacha, lena n-áirítear Ronnach, Scadán Artach agus an Faoitín Gorm, chomhaontaigh an Chomhairle na cuótaí iomlána dhá mhí dhéag.
Dúirt an tAire, “Táim sásta le toradh na gcomhairliúchán leis an Iorua maidir le Faoitín Gorm. Is í comhairle ICES na go laghdófaí stoc seo faoi 20% agus tá an chomhairle seo á leanúint. Ghlac mé seasamh láidir leis an AE maidir le hidirbheartaíocht an AE a cuireadh i gcrích le déanaí leis an Iorua. Mar thoradh air sin, d’éirigh leis an AE san idirbheartaíocht maidir le gnáth-aistriú an stoic seo go dtí an Iorua a laghdú. Mar thoradh ar an aistriú laghdaithe seo de Fhaoitín Gorm an AE go dtí an Iorua, maolaíodh an gearradh eolaíoch riachtanach ar an nGabháil Iomlán Incheadaithe. Mar thoradh air sin níor laghdaíodh cuóta na hÉireann ach le 8%, rud a thugann cuóta 35,373 tonna dúinn. Tá leibhéal aistrithe Fhaoitín Gorm an AE go dtí an Iorua do 2021 socraithe ag an leibhéal aistrithe is ísle riamh agus léiríonn sé aitheantas ar leibhéal an AE den ghá gach deis a thapú chun cás ár gcabhlaigh pheiligigh a fheabhsú. "
Ba dhíol sásaimh don Aire an dul chun cinn atá déanta go dtí seo sa chomhairliúcháin AE-RA. Dúirt sé, “Is ábhar misnigh é go bhfuil an RA ag plé leis na comhairliúcháin seo ar bhealach pragmatach agus comhoibritheach. Thabharfadh comhaontú leis an RA cinnteacht a bhfuil géarghá leis dár dtionscal iascaireachta. Caithfidh comhaontú leis an RA a bheith féireáilte agus cothrom agus ní mór cothrom na Féinne a thabhairt d’fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach ár stoc coiteann agus ár dtionscal iascaireachta a chosaint. "
CRÍOCH