English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógairt ón Aire McConalogue go bhfuil iarratas ar PGI i leith “Mairteoil Fhéarchothaithe na hÉireann’’foilsithe

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. go bhfuil an leagan deiridh den iarratas ar PGI arna chur isteach ag Bord Bia, “Mairteoil Fhéarchothaithe na hÉireann” foilsithe.

Dúirt an tAire McConalogue

“I ndiaidh grinnscrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an iarratas, tá cinneadh déanta ag an Roinn go bhfuil sé réidh le cur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na páirtithe leasmhara ar fad, comhaltaí an Tascfhórsa Mairteola san áireamh, a ghlac páirt sa phróiseas seo agus a thug cuidiú chun an t-iarratas a thabhairt chomh fada leis an gcéim seo.”

“Tá a fhios agam go bhfuil próiseas mionsonraithe i gceist maidir leis an iarratas seo a mheas, ar próiseas é nach mór don Choimisiún Eorpach a chur i gcrích anois. Mar sin féin, cuirfidh mé in iúl don Choimisinéir Wojciechowski go mbeadh stádas PGI do mhairteoil fhéarchothaithe na hÉireann, atá uathúil ó thaobh cáilíochta de, ina bhuntáiste do gach duine sa slabhra soláthair, go háirithe don táirgeoir tosaigh i rith tréimhse a bhfuil an-tábhacht ag baint léi i gcás earnáil na mairteola in Éirinn.”

Dúirt an tAire freisin,

“Má éiríonn linn an PGI a chlárú, cuirfear Grúpa Faireacháin PGI ar bun chun tuairisciú chuig an Tascfhórsa Mairteola ar bhonn rialta, ina mbeidh formhór na honadaíochta ag feirmeoirí.”

Dúirt an tAire McConalogue go leanfadh sé de theagmháil a dhéanamh leis an Aire Edwin Poots agus lena pháirtithe leasmhara i dTuaisceart Éireann d’fhonn stádas PGI uile-oileánda a bhaint amach agus dúirt an tAire McConalogue go n-oibreodh sé go dlúth leis an Aire Poots i ndáil leis sin.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:

“Is é seo an beart is déanaí uaimse agus ón Roinn chun earnáil na mairteola a láidriú agus a fheabhsú. Tá maoiniú €6m faighte agam i mBuiséad 2021 chun margaíocht agus brandáil a dhéanamh ar an branda maidir le ba diúil. An tseachtain seo caite, d’íocamar níos mó ná €46m amach tríd an Íocaíocht do Chríochnaitheoirí Mairteola agus tá €85m eile faighte mar chuid de Bhuiséad 2021 chun tacú le feirmeoireacht mhairteola inbhuanaithe –mar aon leis na bearta sin, airítear €40m chun an BDGP a athinfheistiú, €40m breise do BEEP agus €5m don scéim maidir le laonna a mheá. Tá siad á gcur ar fáil i dteannta scéim BEAM ar fiú €76m, a eisíodh in 2019 agus an chéad scéim BDGP a tháinig chun críche le gairid.”

Dúirt Tara McCarthy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bord Bia,

“Má cheadaítear an PGI maidir le Mairteoil Fhéarchothaithe na hÉireann, d’fhéadfadh sé bheith ina mhodh úsáideach chun an cháil atá ar mhairteoil an hÉireann a dhaingniú agus réimse buntáistí a chur ar fáil ar an margadh a théadh chun leasa feirmeoirí mairteola na hÉireann. Tá an t-iarratas seo tráthúil toisc go gcuideoidh an PGI linn – má éiríonn leis – an fhoireann uirlisí atá againn a láidriú chun dul i ngleic le drochthionchair na Breatimeachta ar thionscal mairteola na tíre, go háirithe mar gheall ar an gclú agus an cháil a bhaineann le PGInna i margaí barrthábhachtacha na Mór-roinne. Glacaim buíochas le gach duine a bhí páirteach maidir leis an iarratas láidir seo a mhúnlú agus a mhionathrú agus táim ag tnúth go mór leis an gcinneadh ón gCoimisiún.”

I ndiaidh an Nós Imeachta Náisiúnta Freasúra a chur i gcrích agus an t-iarratas ar Thásc Geografach faoi Chosaint (PGI) a ghrinnscrúdú, tá cinneadh déanta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil an t-iarratas réidh le cur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach lena mheas. Is é “Mairteoil Fhéarchothaithe na hÉireann” an t-ainm a thugtar ar mhairteoil ardchaighdeáin ó eallaí as Éirinn a thógtar ar aiste bia atá bunaithe ar fhéar ar thalamh féaraigh ar fheirmeacha in Éirinn, agus ina ndíorthaítear ar a laghad 90% dán-iontógáil bia ó fhéar agus ina gcaitheann siad ar a laghad 220 lá in aghaidh na bliana le linn a saolré ar féarach i gcomhréir le Caighdeán Féarchothaithe Bord Bia.

Ó foilsíodh an Nós Imeachta Náisiúnta Freasúra, cuireadh roinnt leasuithe agus soiléirithe beaga san áireamh san iarratas i ndiaidh aiseolas a fháil ó pháirtithe leasmhara, an Tascfhórsa Mairteola san áireamh.

De bhreis air sin, cuirfear an Coimisiún Eorpach ar an eolas

- maidir le tuairimí láidre a chuirtear in iúl le linn an Nós Imeachta Náisiúnta Freasúra, gur chóir tairbh óga féarchothaithe a chur san áireamh, nuair a bheidh sonraí breise ar fáil faoin gcohórt sin chun tacaíocht a chur ar fáil ina leith;

- maidir le tacaíocht na hÉireann do leathnú an PGI ar bhonn uile-oileánda, nuair a bheidh córas fíoraithe maidir le féarchothú curtha i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.

Is féidir an t-iarratas agus an tsonraíocht a fháil anseo: Publication of Application for PGI for “Irish Grass Fed Beef” . Is féidir le duine nádúrtha nó dlíthiúil ar bith, ag a bhfuil leas dlisteanach agus ar a bhfuil cónaí in Éirinn, achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas trí fhoras maidir leis an achomharc a chur isteach chuig PGIappeals@agriculture.gov.ie faoin 3pm Dé Máirt an 8 Nollaig 2020.

Nóta d’Eagarthóirí:

Cineál de chearta maoine intleachtúla is ea Tásca Geografacha trína gcosnaítear ainmneacha táirgí bia a bhfuil baint acu le dúiche nó modh táirgthe ar leith. Tá scéim um Thásca Geografacha an AE ina tairbhe do tháirgeoirí toisc gur féidir aitheantas agus cosaint a thabhairt d’ainmneacha táirgí talmhaíochta faoi leith a bhfuil tréithe breisluacha áirithe acu a bhaineann lena n-áit tionscnaimh. Trí aitheantas GI, cuirtear ar chumas tomhaltóirí muinín a chur i dtáirgí ardchaighdeáin agus iad a aithint, agus ag an am céanna, cuirtear ar chumas táirgeoirí a gcuid táirgí a chur chun cinn.

Foráiltear le Rialachán rialaithe AE Uimh. 1151/2012, go bhféadfadh an Ballstát cinneadh fabhrach a dhéanamh agus iarratas a thaisceadh leis an gCoimisiún má mheasann an Ballstát go bhfuil ceanglais an Rialacháin á gcomhlíonadh i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar aon fhreasúraí a fhaightear. Is féidir an t-iarratas a thaisceadh le linn na tréimhse céanna ina bhfuil an próiseas achomhairc ar siúl.

Déanfaidh Coimisiún an Aontais Eorpaigh grinnscrúdú ar an iarratas a fhaightear lena áirithiú go bhfuil bonn cirt leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime a mbaineann sé léi. D’fhéadfadh an tréimhse grinnscrúdaithe seo leanúint chomh fada le sé mhí nó os a chionn sin.

Cuirfear nós imeachta freasúra ar fáil ag leibhéal an AE trína mbeidh Ballstáit (seachas Éire) nó tríú tír in ann freasúraí a thaisceadh i ndáil leis an iarratas.

CRÍOCH