Fógartha ag an Aire Calleary go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim Infheistíochta Laonna
- Foilsithe: 7 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Lúnasa 2020
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Dara Calleary TD, go bhfuil tús curtha anois le híocaíochtaí faoin Scéim Infheistíochta Laonna.
Is éard a dúirt an tAire faoi na híocaíochtaí:
"Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí faoin Scéim Infheistíochta Laonna. Cuireadh an tionscnamh seo i bhfeidhm roimh shéasúr breithe laonna an Earraigh le súil is na torthaí is fearr agus is féidir maidir le leas laonna a chinntiú agus chun tacaíochtaí spriocdhírithe a chur ar fáil maidir le laonna mairteola ón tréad déiríochta a thógáil chomh maith le laonna bodóige a rugadh ar fheirmeacha déiríochta in Éirinn a chur in áit na gceanna atá ann."
Seoladh an Scéim Infheistíochta Laonna i mí na Nollag seo caite agus bhí daoine ábalta iarratais a dhéanamh ón 7 Eanáir 2020. Fuarthas agus ceadaíodh os cionn 2,300 iarratas lena gcur ar aghaidh faoin scéim.
Is é príomhchuspóir beartais na scéime tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí le leas laonna a bheirtear ar fheirmeacha déiríochta in Éirinn a chinntiú, ag tabhairt aitheantas do na dúshláin oibríochtúla a bhaineann le beathú sna cúpla seachtain i ndiaidh a mbreithe. Mar chuid den infheistíocht, díreofar ar thacú le córais beathaithe laonna, lena n-áirítear beathaitheoirí laonna, cairteacha bainne le meascthóir san áireamh agus beathaitheoirí sine do laonna. Nuair a cheannaigh feirmeoir ceann de na nithe sin, bhí siad incháilithe tacaíocht a fháil chun nithe eile a cheannach, ar nós teasairí bainne do laonna, racaí foráiste/féir do laonna, trachanna mine do laonna, bacainní bia do laonna agus rannadóirí cró do laonna.
Dúirt an tAire chomh maith:
"Tá áthas orm faoin méid spéise atá léirithe sa scéim seo agus mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil ceadú faighte acu a dtrealamh a cheannach agus a gcuid éilimh íocaíochta a chur ar aghaidh chomh luath agus is féidir. Chuirfinn i gcuimhne d'iarratasóirí ceadaithe nár mhór dóibh a n-iarratas ar íocaíocht a bheith curtha ar aghaidh faoin dáta deiridh sínte an 30 Meán Fómhair ar a dheireanaí."
Cuirtear i gcuimhne d'iarratasóirí a d'fhéadfadh a bheith incháilithe go bhfuil síneadh go dtí an 21 Lúnasa 2020 curtha leis an dáta deiridh a nglacfar le Tráinse 18 de TAMS II.
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá tuilleadh sonraí a bhaineann leis an Scéim Infheistíochta Laonna ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/calfinvestmentscheme.
Tá tuilleadh sonraí a bhaineann le scéimeanna TAMS II ar fáil anseo.