Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil an córas iarratais do BEAM athoscailte
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2020
Tá an córas iarratais ar líne don Bheart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) oscailte inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D.. D'fhógair sé chomh maith go mbeadh ball foirne de chuid na Roinne ar fáil chun cuidiú le feirmeoirí a gcuid iarratas BEAM a dhéanamh ag puball na Roinne ag na Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta a bheidh ag tosú Dé Máirt an 17 Meán Fómhair i bhFionnmhach, Co. Cheatharlach.
Osclaíodh an próiseas iarratais ar líne an 19 Lúnasa agus dúnadh é Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair ach tá an córas athoscailte anois agus beidh sé ar fáil go dtí 5pm Dé hAoine an 20 Meán Fómhair.
Dúirt an tAire Creed “Molaim do dhuine ar bith atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh leas a bhaint as an deis dheireanach seo chun iarratas a dhéanamh ar an scéim. Táim sásta iarratasóirí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe a éascú ag puball na Roinne ag na Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta, áit a mbeidh foireann tiomnaithe ar an láthair gach lá chun ceist ar bith a bheadh ag iarratasóirí féideartha a fhreagairt agus chun cuidiú leo iarratas a chur ar aghaidh.”
Sa chás gur mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le hiarratas a dhéanamh ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach glaoch ar:
- 076 1064424 maidir le fiosruithe faoi chlárú le www.agfood.ie – fiosruithe maidir le pasfhocail a bheith imithe amú mar shampla nó conas clárú srl., nó
- 076 1064420 maidir le fiosruithe chun an t-iarratas BEAM féin a líonadh nuair a bheifear cláraithe le www.agfood.ie
Chomh maith leis sin beidh foireann ar fáil in Oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise chun bualadh le feirmeoirí chuile lá as seo go dtí an spriocdháta do BEAM.
CRÍOCH