English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil margadh na Seapáine oscailte do chaoireoil na hÉireann

Tá sé deimhnithe inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, go bhfuil teacht ag Éire anois ar mhargadh caoireola na Seapáine.

Dúirt an tAire:

“Tá ríméad orm an teacht atá ag tionscal caoireola na hÉireann anois ar mhargadh na Seapáine, a comhaontaíodh i bprionsabal le linn an mhisin trádála go Tóiceo an mhí seo caite a fhógairt. Tá an clár deimhnithe onnmhairíochta agus an deimhniú onnmhairíochta a mhol mo Roinnse comhaontaithe go foirmiúil anois ag údaráis na Seapáine, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ó Dé hAoine seo chugainn, an 19 Iúil."

Deimhneofar na mionsonraí leis an tionscal go luath trí Fhógra do Lucht Trádála.

Dúirt an tAire Creed:

"Léiríonn fógra an lae inniu an iarracht leanúnach atá á déanamh ag mo Roinnse chun an teacht atá ag an tír seo ar mhargaí barrthábhachtacha a bhaint amach agus a fheabhsú. Táimid ábalta anois mairteoil agus caoireoil a onnmhairiú chuig an tSeapáin anois agus is léiriú mór é sin ar dhintiúirí sábháilteachta agus cáilíochta bhia na hÉireann, ag leibhéal an Rialtais agus ag an leibhéal oifigiúil.

"I ndiaidh cainteanna mionsonraithe an mhí seo caite, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le mo chontrapháirtithe agus a gcuid oifigeach sa tSeapáin as foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche go mear maidir le teacht a bheith againn ar an margadh caoireola."

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed:

"Ní mór buíochas a ghlacadh freisin le Foireann na hÉireann i dTóiceo, atá faoi stiúir an Ambasadóra, Paul Kavanagh, agus lena n-áirítear oifig nua Bord Bia i dTóiceo. Táim sásta go mbeidh an chéad attaché talmhaíochta de chuid mo Roinne chuig Tóiceo mar chuid den fhoireann sin san fhómhar. Ós rud é go bhfuil Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíochta an AE/na Seapáine láidir i bhfeidhm, agus go bhfuil Corn an Domhain sa Rugbaí ar na bacáin, beidh deiseanna suntasacha ann chun bia agus deochanna na hÉireann a chur chun cinn i margadh na Seapáine."

CRÍOCH


Nóta d'eagarthóirí:

Staitisticí trádála CSO:

B'ionann líon iomlán na n-onnmhairí chun na Seapáine in 2018 agus €115 milliún, dhá oiread leibhéal na n-onnmhairí in 2016, de réir staitisticí trádála CSO (lena n-áirítear onnmhairí nach féidir a ithe, foraoiseacht mar shampla, chomh maith le bia agus deochanna). B'ionann onnmhairí muiceola chuig an tSeapáin anuraidh agus €41 milliún; agus b'ionann táirgí déiríochta, cáis chéadair go príomha, agus €40 milliún. Is catagóirí tábhachtacha onnmhairithe eile iad iasc (€14 milliún) agus deochanna (€8 milliún). B'ionann onnmhairí mairteola chuig an tSeapáin agus €3.6 milliún anuraidh.

Preasráiteas an 12 Meitheamh: www.gov.ie/ga/preasraitis/42d2ea.

Tairseach rochtana margaidh: www.marketaccess.agriculture.gov.ie.